Curtha faoi dhraíocht ag an fhile agus taibheoir Paul Cookson ag Lárleabharlann Leitir Ceanainn mar chuid chuid de Wainfest 2019. Pictiúr le Paul McGuckin
“Ba sheachtain lán le sceitimíní, spórt agus spraoi a bhí i Wainfest, Féile Ealaíne agus Leabhair Dhún na nGall atá dírithe ar pháistí “ a dúirt Sinead McLaughlin ball de lucht eagraithe na féile mar aon lena comhghleacaithe i Seirbhís Leabharlainne Chomhairle Contae Dhún na nGall.
Reáchtáladh suas le 54 imeacht teaghlaigh chomh maith le 105 imeacht scoile i 30 láthair éagsúil thar thréimhse 9 lá na féile, sin an líon is airde imeachtaí a reáchtáladh go dtí seo.
Bomaite ar leith le linn Toddler Sense i Leabharlann Phobail Charn Domhnach mar chuid de Wainfest 2019. Pictiúr le Paul McGuckin.
Bhain páistí agus a dteaghlaigh sult mór as réimse imeachtaí ar nós draíocht, scéalaíocht bhríomhar agus cuairteanna ó údair cháiliúla.
“Bhí an t-ádh orainn go raibh páirtithe iontacha againn a chuidigh linn imeachtaí Wainfest na bliana seo a reáchtáil” a dúirt Sinead, “agus tá muid fíorbhuíoch dá dtacaíocht leanúnach”.
Ba mhaith le Sinead aiseolas a fháil uathu siúd a d’fhreastail ar aon imeacht de chuid Wainfest i mbliana agus níos tábhachtachtaí fós, moltaí ar bith atá acu a chur ar aghaidh chuici sa dóigh is go dtiocfadh leis an lucht eagraithe na himeachtaí a fhorbairt don bhliain seo chugainn.
Dísreach Madcap, Bándearg agus Gorm ag cur siamsaíochta ar fáil in Amharclann an Ghrianáin, Leitir Ceanainn, mar chuid de Wainfest 2019. Bhí an imeacht oiriúnach do pháistí le hUathachas agus maoinithe ag Ciste na gCuntas Dímhaoin. Pictiúr le Paul McGuckin.
“Is cuid thábhachtach d’fhás agus d’fhorbairt Wainfest é an t-aiseolas. Ba mhaith linn dá líonfadh siad siúd a d’fhreastail ar aon imeacht de chuid Wainfest foirm aiseolais amach atá ar fáil ar an suíomh www.wainfest.ie”.
Is togra de chuid Seirbhís Chultúrtha Chomhairle Contae Dhún na nGall é Wainfest. Faightear maoiniú ón Chlár Éire Ildánach. Ba í seo an chéad bhliain daofa imeachtaí a reáchtáil a bhí oiriúnach dóibh siúd le neamhord de chuid speictream an uathachais. A bhuíochas sin do Chiste na gCuntas Dímhaoin.
Ag baint suilt as Acadamh Can-do – Ceardlann bheochan Lego i Lárleabharlann Leitir Ceanainn, mar chuid de Wainfest 2019. Pictiúr le Paul McGuckin