Donegal County Council Logo

Sa Rannóg Seo

Baile > An Chomhairle > Na Meáin > Preas-Ráitis 2023 > Aibreán 2023

An 44ú Féile na Meán Ceilteach ag teacht go Dún na nGall

 The 44th Annual Celtic Media Festival comes to Donegal

 

Beidh an 44ú Féile na Meán Ceilteach (Mórchruinniú Idirnáisiúnta na Fuaime agus an Scáileáin) ar siúl ar an Chlochán Liath idir 6 - 8 Meitheamh 2023 in Óstán an Waterfront.

 

Ag caint faoin fhéile ní ba luaithe an tseachtain seo, dúirt Cathaoirleach Chomhairle Contae Dhún na nGall, An Clr. Liam Ó Bléine: ‘Tá lúcháir orainn Féile na Meán Ceilteach 2023 a óstáil ar an Chlochán Liath. Is deis iontach é seo an saibhreas cultúir, teanga agus tallainne atá againn ar fud an chontae a thaispeáint. Tá muid ag tnúth le fáilte a chur roimh ealaíontóirí idirnáisiúnta ó gach réigiún agus molaimid dóibh sult a bhaint as eispéiris na féile agus gach a bhfuil le tairiscint ag an chontae seo dóibh’.    

 

Tugann an fhéile bhliantúil seo le chéile gairmithe sna meáin a bhfuil sé d’aidhm acu teangacha, cultúir agus tallann ó na náisiúin agus réigiúin Cheilteacha a chur chun cinn, chun saothar na n-ealaíontóirí ó achan seánra agus ó achan chúlra a cheiliúradh. Is féile an-uathúil í a bhfuil fás agus flúirse tagtha uirthi, ar scála a mheallann na cainteoirí comhdhála is fearr a chuireann tallann úr ar taispeáint, ach atá cluthar go leor fosta le go dtig le toscairí bualadh le lucht déanta cinntí.  

 

Dúirt Rónán Mac Con Iomaire, Stiúrthóir Forbartha Réigiúnaí, Pobail agus Pleanála Teanga le hÚdarás na Gaeltachta: “Is údar ríméid é d'Údarás na Gaeltachta bheith páirteach i bhFéile na Meán Ceilteach a thabhairt go dtí an Ghaeltacht, i bhfianaise ról tábhachtach na heagraíochta i bhforbairt na hearnála clos-amhairc. Tá an earnáil seo ar cheann de na hearnálacha is tábhachtaí i dtaobh fostaíochta agus i dtaobh neartú na Gaeilge sa Ghaeltacht, agus is údar bróid don Údarás é go bhfuil an Ghaeltacht ar cheann de na réigiúin tuaithe is láidre san Eoraip i dtaobh an chlos-amhairc de.”

 

Is é atá san fhéile teacht-le-chéile trí lá ina bhfuil comhdháil mhór de sheimeanáir agus de mháistir-ranganna, chomh maith le bronnadh na ngradam luachmhar torc as barrfheabhas a bhaint amach i gcomórtas idirnáisiúnta trasna na príomhsheánraí éagsúla ar fad i réimsí na teilifíse, raidió, scannánaíochta agus meán digiteach.   

 

Le roinnt blianta anuas, thug an fhéile isteach Fóram Idirnáisiúnta Comhroinnte Smaointe, tionscnamh arb aidhm leis comh-léiriúcháin agus coimisiúin idirnáisiúnta a chur chun cinn, ag tabhairt deis do chomhlachtaí neamhspleácha ó achan réigiún a gcuid smaointe cruthaitheacha a chur i láthair Craoltóirí Idirnáisiúnta san aon láthair amháin. D’eascair go leor coimisiún agus comh-choimisiún amach as seo ar fud na réigiún. Is í an bhéim atá ag Fóram na bliana seo ná ‘Cláracha Fíriciúla’.  

   

Faigheann an fhéile tacaíocht ó chraoltóirí, áisineachtaí scáileáin, agus eagraíochtaí cultúrtha agus eacnamaíochta ón Bhriotáin, Corn na Breataine, An Ghailís, Éire, Oileán Mhanainn, Albain agus An Bhreatain Bheag.  

 

Thig leat liosta iomlán de na hainmniúcháin chumasacha d’fhéile na bliana seo a fheiceáil ANSEO.