Donegal County Council Logo

Sa Rannóg Seo

Baile > An Chomhairle > Na Meáin > Preas-Ráitis 2023 > Aibreán 2023

05-04-2023 – Nuacht maidir le hobair Mheitheal Oibre an Chraoslaigh

Ag cruinniú speisialta de Chomhairle Contae Dhún na nGall ar an 18 Deireadh Fómhair 2022, d’aontaigh an Chomhairle go mbunófaí Meitheal Oibre le haghaidh An Chraoslaigh. Is é is cuspóir leis an Mheitheal seo tograí forbartha agus athnuachana a aithint a thacódh leis an phobal áitiúil ina n-aistear i dtreo leigheas mothúchánach agus athnuachan pobail agus chun cuidiú leis sin a bhaint amach.

 

Bhí an chéad chruinniú den Mheitheal ar siúl ar an 20 Nollaig 2022, agus ó shin i leith bhuail an Mheitheal le chéile trí huaire eile.  

 

Go dtí seo, dhírigh obair na Meithle air seo a leanas:  

 

  • Tograí/réimsí oibre féideartha a aithint;

 

  • Teagmháil le Seirbhísí Comhairleoireachta tacúla, le háisíneachtaí reachtúla agus le heagrais a d’fhéadfadh maoiniú a sholáthar;

 

  • Teagmháil leanúnach neamhfhoirmeálta ag leibhéal an phobail; 

 

  • Socruithe a mheas i dtaca le comhairliúchán pobail níos foirmeálta; agus

 

  • Maoiniú a aimsiú le hoibrithe tacaíochta pobail a fhostú.

 

Ba mhaith leis an Mheitheal Oibre aitheantas a thabhairt go bhfuil maoiniú €497,000 (thar thréimhse trí bliana) faighte ón Roinn Forbartha Pobail agus Tuaithe chun seirbhísí tacaíochta pobail a sholáthar, a bhfuil san áireamh leis sin príomh-oibrithe tacaíochta pobail a fhostú. Cuirfear na seirbhísí seo ar fáil trí Chumann Pobail an Chraoslaigh agus cuirfear tús anois leis an phróiseas earcaíochta agus obair ghaolmhar le dul chun cinn a dhéanamh air sin a chur i bhfeidhm. Ba mhaith leis an Mheitheal Oibre buíochas mór a ghabháil leis an Aire Heather Humphreys TD, leis an Aire Joe O’Brien TD agus lena Roinn siúd as a dtacaíocht agus as a gcúnamh maidir leis seo.

 

Ba mhaith leis an Mheitheal aitheantas a thabhairt fosta go bhfuil roinnt eagraíochtaí i ndiaidh a gcuid seirbhísí, pro bono, a thairiscint chun cuidiú leis an obair athnuachana agus athspreagtha sa tsráidbhaile. Is mian leis an Mheitheal aitheantas a thabhairt do dháiríreacht agus do ilchuimsitheacht na dtairiscintí atá faighte agus táthar ag tnúth leis an ról thábhachtach a bheas aige seo leis an phróiseas comhairliúcháin agus obair chomhairliúcháin an togra a shaibhriú sa tsráidbhaile.

 

Tá dul chun cinn maith déanta go dtí seo ar na hullmhúcháin d’obair forbartha an togra agus nuair a bheas sin curtha i gcrích is é an chéad chéim eile ina dhiaidh sin bualadh leis an phobal agus dul i gcomhairle leo. Tuigeann an Mheitheal go rímhaith gurb é an cuspóir atá acu ná freastal ar riachtanais athnuachana, athspreagtha agus forbartha an tsráidbhaile, agus i dtaca leis seo, nach féidir dul chun cinn a dhéanamh gan dul i gcomhairle leis an phobal roimh ré. Beidh sé sin ina chéim thábhachtach sa phróiseas. Aithnítear, áfach, go mbeidh sé iontach dúshlánach dona lán ball den phobal agus dá bhrí sin go raibh an Mheitheal ag glacadh ama leis an chur chuige is fearr a mheas lena chinntiú go dtabharfar cluas éisteachta do gach guth.

 

Tabharfar eolas deimhnithe breise faoi na socruithe comhairliúcháin phobail in am is i dtráth, ach ní tharlóidh siad go dtí i ndiaidh mhí Aibreáin.  

 

Ba mhaith leis an Mheitheal Oibre a dheimhniú fosta go bhfuil a cuid oibre á déanamh ar bhonn neamh-airgeadúil agus go bhfuil siad ag leanúint ar aghaidh ar bhonn deonach agus pro bono.