Donegal County Council Logo
Baile > An Chomhairle > Na Meáin > Preas-Ráitis 2023 > Eanáir 2023

24-01-2023 – Deis dheireanach moltaí a dhéanamh don Phlean Oidhreachta Contae

Calling All Heritage Groups image

 

‌Beidh an tréimhse chomhairliúcháin don Phlean Oidhreachta úr do Dhún na nGall ag teacht chun deiridh Dé Máirt 31 Eanáir. Ba mhaith le Comhairle Contae Dhún na nGall agus Fóram Oidhreachta Chontae Dhún na nGall do chuid moltaí a chluinstin faoi na tosaíochtaí nó gníomhaíochtaí a ba mhaith leat féin a fheiceáil san áireamh sa phlean úr cúig bliana. Tá dóigheanna éagsúla le do chuid moltaí a dhéanamh: tríd an suirbhé ar líne a líonadh isteach ag www.surveymonkey.com/r/HeritagePubli, trí ríomhphost chuig [email protected] nó trí scríobh chuig Oifig Oidhreachta Chontae Dhún na nGall.

 

“Tá an Plean Oidhreachta Contae úr ag teacht le chéile go maith agus tá na moltaí a fuair muid ón phobal go dtí seo ag cuidiú linn na gníomhaíochtaí is tábhachtaí a leagan amach don chéad chúpla bliain amach romhainn anois” a mhínigh Joseph Gallagher, an tOifigeach Oidhreachta do Chontae Dhún na nGall. “Tabharfaidh an Plean Oidhreachta úr treoir i dtaca le tosaíochtaí, acmhainní agus maoiniú fá choinne oidhreacht thógtha, sheandálaíochta, nádúrtha agus chultúrtha insan chontae go ceann tréimhse an phlean, agus dá bharr sin, tá sé an-tábhachtach go gcluinfidh muid ó na daoine sin uilig agus ó na grúpaí sin uilig a bhfuil suim acu i gcúrsaí oidhreachta. Ba chóir go mbeadh béim sna haighneachtaí ar na tosaíochtaí agus na gníomhaíochtaí sin is féidir a chur i bhfeidhm sna cúig bliana amach romhainn chun cúrsaí oidhreachta i gContae Dhún na nGall a aithint, a chaomhnú, a bhainistiú, a chur chun cinn agus a léirmhíniú”.

 

Beidh gníomhaíochtaí i bPlean Oidhreachta Chontae Dhún na nGall a bhaineann lenár n-oidhreacht nádúrtha (amhail fiadhúlra, fána agus geolaíocht), ár n-oidhreacht thógtha (amhail foirgnimh stairiúla, tírdhreacha, páirceanna agus gairdíní arna gcruthú ag an chine daonna), ár n-oidhreacht sheandálaíochta (amhail séadchomharthaí, déantáin ársa agus longbhristeacha) agus ár n-oidhreacht chultúrtha (amhail scileanna, béaloideas, traidisiúin agus cartlanna). Foilsíodh Plean úr Náisiúnta na hOidhreachta – Oidhreacht Éireann 2030 – i mí Feabhra 2022 agus tá coimitmint ann go leanfaí ar aghaidh “le hullmhú agus le cur i bhfeidhm Pleananna Oidhreachta Contae / Cathrach agus acmhainní a chur i bhfeidhm d’fhonn a n-éifeachtacht agus a gcabhair i seachadadh Oidhreacht na hÉireann 2030 a uasmhéadú” (Gníomh 148).

 

Is coiste de chuid Chomhairle Contae Dhún na nGall é Fóram Oidhreachta Chontae Dhún na nGall, a chuireann comhairle ar fáil i dtaca le hullmhú agus cur i bhfeidhm an Phlean Oidhreachta Contae agus tá ionadaithe air ón rialtas áitiúil, forbairt áitiúil, eagrais stáit, institiúidí oideachais, úinéirí talún/ionadaithe feirmeoireachta, coistí pobail/deonacha, agus eagraíochtaí oidhreachta. Beidh dréacht de Phlean úr Oidhreachta Chontae Dhún na nGall ar fáil san earrach agus cuirfear é faoi bhráid Chomhaltaí Tofa Chomhairle Contae Dhún na nGall lena aontú don samhradh seo. Foilseofar agus seolfar Plean úr Oidhreachta Chontae Dhún na nGall i mí Mheán Fómhair.

  

Tá tuilleadh eolais maidir le hullmhú Phlean úr Oidhreachta Chontae Dhún na nGall ar fáil ó Oifig Oidhreachta Chontae Dhún na nGall, Comhairle Contae Dhún na nGall, Oileán an Stáisiúin, Leifear ar (074) 917 2576 nó ar shuíomh idirlín Oifig Oidhreachta Chontae Dhún na nGall ag www.donegalcoco.ie/heritage

 

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • NRDO European Project Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO