Donegal County Council Logo
Baile > An Chomhairle > Na Meáin > Preas-Ráitis 2023 > Eanáir 2023

24-01-2023 – Ionadaíocht ó Dhún na nGall ag Seó Saoire Domhanda 2023 i mBaile Átha Cliath

County Donegal represented at Holiday World Show 2023 in Dublin

 

Tá an Seó Saoire Domhanda ar ais arís agus beidh Dún na nGall i láthair. I ndiaidh briseadh dhá bhliain ar imeachtaí aghaidh ar aghaidh, beidh an Seó Saoire Domhanda ag pilleadh ar Bhaile Átha Cliath ón 27 go dtí an 29 Eanáir. Tá an seó seo ar an fhód le breis agus 30 bliain agus sroicheann sé an líon is mó de lucht saoire ar fud oileán na hÉireann.

 

Mar chuid de ghníomhaíochtaí margaíochta de chuid Thurasóireacht Dhún na nGall in 2023, beidh ionadaíocht ag Dún na nGall ag an ócáid seo a bheas ar siúl an deireadh seachtaine seo san RDS, Baile Átha Cliath. Is é an príomhchuspóir atá againn ag an ócáid seo ná an branda Goitse go Dún na nGall (‘Go Visit Donegal’) a chur chun cinn, agus beidh sé seo ag tarlú ag an am céanna le foilsiú agus scaipeadh bróisiúr úr turasóireachta atá curtha le chéile ag Aonad Turasóireachta Chomhairle Contae Dhún na nGall. Beidh leagan amach úr ar an fhoilseachán seo, ina mbeidh cóid éagsúla QR a spreagfaidh daoine lena scanadh agus amharc ar eolas ar shuíomh gréasáin govisitdonegal.com.  

 

Is tionscnamh comhoibritheach é seo faoi cheannas Thurasóireacht Dhún na nGall, i gcomhar le Comhairle Contae Dhún na nGall, i gcomhpháirt le gnólachtaí turasóireachta ar fud Dhún na nGall.  

 

Dúirt Cathaoirleach Chomhairle Contae Dhún na nGall, an Clr Liam  Ó Bléine gurb ionann ‘an Seó Saoire Domhanda agus tús le feachtas spreagúil margaíochta do Dhún na nGall in 2023. Táthar ag dréim le suas le 70,000 duine chun freastal air, agus tabharfaidh sé deis ar leith do chóir a bheith 20 gnólacht turasóireachta ar fud an chontae bualadh le chéile, gréasánú a dhéanamh, agus gnó a mhealladh don bhliain 2023 tríd na seirbhísí turasóireachta den chéád scoth atá againn a chur ar taispeáint.

 

“Ba mhaith liom buíochas a ghabháil le soláthróirí turasóireachta ó ar fud Dhún na nGall as a dtacaíocht agus as a gcomhoibriú leis an chontae a chur chun cinn agus as a bheith páirteach sa chomh-thionscnamh seo. Tá gnólachtaí i ndiaidh teacht le chéile chun roinnt duaiseanna iontacha a thairiscint agus tugann sé seo deis dúinn tuilleadh eolais a bhailiú faoinár gcuid custaiméirí, agus custaiméirí úra a d’fhéadfaimis a mhealladh, chomh maith le bunachair shonraí custaiméirí a fhorbairt a ligfidh dúinn dul i dteagmháil leo chun eolas a scaipeadh faoi gach rud atá ar fáil i nDún na nGall i rith na bliana.

 

Seo a leanas na soláthróirí turasóireachta a bheas páirteach: Aerfort Dhún na nGall; Fiontraíocht Carr ar Cíos; Faigh Amach faoi Bhun Dobhráin; Pointe Uí Airmhí; Buíon Óstán Dhún na nGall; Grúpa Turasóireachta Iardheisceart Dhún na nGall (Crúis Chósta an Atlantaigh, Turasóireacht na gCealla Beaga agus Chill Charthaigh); Oideas Gael, Daonbhaile Ghleann Cholm Cille; Óstán an Clanree; Óstán Theach an Stáisiúin; Óstán Thairseach Inis Eoghain; Teach Solais Fhánada; Páirc Náisiúnta Ghleann Bheatha; Ionad Cois Locha agus Óstán Arnold.

 

Fá choinne tuilleadh eolais ar a bhfuil ar fáil i nDún na nGall lean @GoVisitDonegal ar Facebook, Instagram agus Twitter, agus coinnigh suas chun dáta ar na gníomhaíochtaí ag Seastán Dhún na nGall ag an Seó Saoire Domhanda agus i rith na bliana.

 

Tá eolas faoin ócáid, chomh maith le liosta de na gnólachtaí agus eagraíochtaí a mbeidh taispeántais acu, le fáil ar an suíomh oifigiúil ag: www.holidayworldshow.com

 

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • NRDO European Project Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO