Donegal County Council Logo
Baile > An Chomhairle > Na Meáin > Preas-Ráitis 2023 > Eanáir 2023

30-01-23 Tá Dún na nGall ag glaoch

Niamh McLaughlin

Niamh McLaughlin, a d’fhág Baile Átha Cliath le teacht go Dún na nGall le linn na paindéime chun bheith níos cóngaraí do na rudaí is tábhachtaí di: obair, spórt agus a cuid cairde.

 

 

Tá Dún na nGall ag glaoch: faigh amach faoi chaighdeán saoil atá chomh hard le sléibhte iontacha an chontae.

 

Tá feachtas úr ag spreagadh daoine chun athlonnú agus saol níos nasctha agus níos cothroime a bheith acu.

 

Tá físeán úr seolta ag Comhairle Contae Dhún na nGall a iarrann ar dhaoine smaointiú ar bhogadh go Dún na nGall.

Is áit iontach é an contae seo le saol nasctha gnó a mheascadh le saol lán radharcra álainn a bhfuil clú agus cáil air.

 

Sheol Comharle Contae Dhún na nGall an feachtas ‘Tá Dún na nGall ag glaoch’ inniu, ag díriú aird ar chultúr bríomhar an chontae, ar a bhonneagar nua-aimseartha agus ar a radharcra clúiteach, rudaí a fhágann gur áit den scoth í le bheith ag obair go cianda ann.

 

Is áit tharraingteach é Dún na nGall dóibh siúd atá ar lorg saol nua-aimseartha, nasctha, is cuma cén áit sa chontae a roghnaíonn siad cur fúthu. Bíodh siad ag athlonnú i gceann amháin den mhórán sráidbhailte nó bailte móra ar fud an chontae, nó bíodh siad ag iarraidh saol níos iargúlta a bheith acu, is é an rud is tarraingtí faoi Dhún na nGall ná go bhfuil rochtain ar áiseanna agus ar acmhainní, agus go bhfuil stíl mhaireachtála nasctha ann.

 

Is áit den scoth í Dún na nGall dóibh siúd ar spéis leo seachtain mhaith oibre a dhéanamh chomh maith le deireadh seachtaine lán imeachtaí spreagúla a bheith acu. Bíodh sé ag baint sult as dráma insan Ghrianán, páirt a ghlacadh i rang criadóireachta, nó dul chuig an phub áitiúil fá choinne éisteacht le ceol, tá rud éigin sa chontae do gach duine atá ar lorg saol níos iomláine.  

 

Agus é ag caint faoin fheachtas is déanaí, dúirt an Clr. Liam Ó Bléine, Cathaoirleach Chomhairle Contae Dhún na nGall:  

 

‘Má tá tú ag smaointiú ar athlonnú, mholfaimis go mór duit teacht go Dún na nGall. Is meabhrúchán tráthúil é, an feachtas margaíochta athlonnaithe seo, ar na deiseanna atá ar fáil i nDún na nGall le do ghairm bheatha a chur chun cinn i réimse leathan tionscal, agus caighdeán iontach saoil agus radharcra ar leith a bheith thart ort i rith an ama.’

 

Tá daoine atá ag baint sult as an chineál seo saoil le feiceáil ar fud an fheachtais físe, a bhfuil ina measc Niamh McLaughlin, captaen Pheil Ghaelach na mBan Dhún na nGall agus físteiripeoir gairme, a d’fhág Baile Átha Cliath le teacht go Dún na nGall le linn na paindéime le bheith níos cóngaraí do na rudaí is tábhachtaí di: obair, spórt agus a cuid cairde.

 

Agus í ag caint ar a bogadh go Dún na nGall, dúirt sí;

 

‘Tá an saol i nDún na nGall ag dul chun éagsúlachta agus tá sé ag forbairt ar achan dóigh, bíodh sin staidéar, cultúr, spóirt, an saol lasmuigh, bia agus an saol sóisialta. Gach rud atá ar fáil i gcathair nó i dtír níos mó, tá sé ar fáil anseo, ach i gcomhar le rudaí breise ar nós áilleacht an radharcra, an saol lasmuigh, agus stíl mhaireachtála níos gníomhaí agus níos sláintiúla.

 

Rinneadh an físeán don fheachtas a scannánú i nDún na nGall, sna bailte, sráidbhailte agus tírdhreacha áille, agus é ag taispeáint gach rud atá ar fáil sa chontae. Seo a leanas na heagraíochtaí a bhí páirteach:

 

 

  • Ollscoil Teicneolaíochta an Atlantaigh, Dún na nGall
  • Tank and Skinnys, Bun Cranncha
  • Welditz, Carn Domhnach
  • KER, Na Cealla Beaga
  • Orla Vera Accessories / Designs
  • MMG Welding, Na Cealla Beaga
  • The Rusty Mackerel
  • Fin McCools Surf School, Ros Neamhlach
  • Unique Ascent
  • Smugglers Creek, Ros Neamhlach
  • Jiggy the Band
  • An tIonad Cultúrtha Réigiúnach, Leitir Ceanainn
  • Optum Healthcare, Leitir Ceanainn,
  • gTeic, Gaoth Dobhair

 

Le fáil amach faoin fheachtas nó tuilleadh eolais a fháil faoi theacht go Dún na nGall, gabh chuig donegal.ie/move

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • NRDO European Project Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO