Donegal County Council Logo
Baile > An Chomhairle > Na Meáin > Preas-Ráitis 2023 > Eanáir 2023

24-01-23 Cuir do chuid tuairimí chun tosaigh do Chruinniú na nÓg 2023

Young bakers hard at work at a baking workshop, Letterkenny organised as a result of Voice of the Child survey responses 2022. Photo credit John Soffe

 

 

Tá lá cruthaitheachta saor in aisce ar siúl Dé Sathairn 10 Meitheamh, 2023 agus tá Comhairle Contae Dhún na nGall ag iarraidh ar leanaí agus ar dhaoine óga Dhún na nGall cuidiú linn na himeachtaí a tharlaíonn go háitiúil do Chruinniú na nÓg a chur le chéile don bhliain seo.
Ar theastaigh uait rud éigin cruthaitheach a thriail am ar bith? An bhfuil dúil as cuimhse agat ann rud éigin agus ag iarraidh é a iniúchadh ar bhealach cruthaitheach? Tuismitheoirí, an bhfuil rud éigin cruthaitheach ar mhaith leat do pháiste nó do lapadán triail a bhaint as? Ba mhaith linn smaointe a chloisteáil ó dhuine ar bith atá 0-18 mbliana d'aois ar fud Dhún na nGall.

 

Is lá náisiúnta cruthaitheachta é lá Chruinniú na nÓg, déanfaidh sé ceiliúradh ar a séú bliain ar an 10 Meitheamh, 2023. Cuireann sé ar chumas daoine óga 0-18 bliain tástail a dhéanamh ar a gcuid buanna  chruthaitheach trí dheiseanna saor in aisce a thairiscint, a fheiceáil, a dhéanamh nó a thriail.

 

Is éard atá i gceist le Cruinniú na nÓg ná 'bailiú daoine óga' agus is tionscnamh an -tarraingteach é de chuid Chlár Éire Ildánach i gcomhpháirtíocht le hÚdaráis Áitiúla. Is í Éire an t -aon tír ar domhan a bhfuil lá náisiúnta de chruthaitheacht saor in aisce aici do leanaí agus do dhaoine óga. Is é foireann chultúir agus cruthaitheachta Chomhairle Contae Dhún na nGall a dhéanann an tionscnamh a stiúradh go háitiúil, le cuidiú ó baill de Chomhairle Óige Dhún na nGall.

 

Ag labhairt dí ar son na foirne, tá  Karen Sheehy, atá ag gníomhú faoi láthair mar Leabharlannaí Feidhmiúcháin Sinsearach  ag iarraidh leanaí agus daoine óga a spreagadh lena gcuid moltaí a chur ar aghaidh trí buaileadh isteach ina leabharlann áitiúil, Músaem Contae Dhún na nGall nó Ionad Cultúrtha Réigiúnach nó a gcuid moltaí a chur isteach ar líne. ‘Táimid ag lorg leanaí agus daoine óga chun cuidiú le cuid de na gníomhaíochtaí cruthaitheacha a bheidh ar siúl ar an lá a mhúnlú trí insint dúinn cad ba mhaith leo páirt a ghlacadh i nó iniúchadh a dhéanamh orthu. Tá na moltaí uilig a gheobhann muid tábhachtach dúinn.

 

‘Chomh luath agus a bhailítear moltaí, dhéanfar iniúchadh ar an dóigh is féidir leis na gníomhaíochtaí a sheachadadh ar 10 Meitheamh. Dhéanfaidh daoine óga  clár ar leith a dhearadh do dhaoine óga, agus beidh deiseanna úra agus spreagúla á gcur ar fáil i nDún na nGall.

 

Má tá tú fhéin, nó má tá aithne agat ar dhuine óg faoi 18 mbliana d'aois, iarr orthu a gcuid moltaí a chur isteach. Tá sé go h-uile agus go hiomlán gan ainm agus cuideoidh sé linn lá cruthaitheach bríomhar a chur le chéile do dhaoine óga ar fud an chontae.

 

Thig leat do chuid  smaointe a chur isteach ag www.wainfest.ie nó scairt a chur ar do leabharlann áitiúil, Músaem Chontae Dhún na nGall nó ar an Ionad Cultúrtha Réigiúnach, Leitir Ceanainn.
Tugtar cuireadh do thuismitheoirí agus do chaomhnóirí leanaí níos óige moltaí a chur isteach thar a gceann.

 

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • NRDO European Project Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO