Donegal County Council Logo
Baile > An Chomhairle > Na Meáin > Preas-Ráitis 2023 > Feabhra 2023

07-02-23 Tuairisc is déanaí maidir leis an Pháirc Phobail Cois Abhann

Riverine Community Park

 

Is comhthogra é An Pháirc Phobail Cois Abhann atá curtha le chéile ag Comhairle Contae Dhún na nGall agus Comhairle Chathair Dhoire agus Cheantar an tSratha Báin chun spás ar leith comhroinnte, trasteorann, trasphobail 30 acra a fhorbairt.  Mar chuid den togra beidh páirc ann a mbeidh tábhacht réigiúnach léi, agus í suite ar dhá thaobh de bhruacha Abhainn an Fheabhail, ina mbeidh roinnt príomhghnéithe ar nós spás d’imeachtaí lasmuigh faoin spéir, fearann páirce, rochtain níos fearr ar an abhainn, limistéar timpeallachta, áit súgartha eachtraíochta agus foirgneamh pobail. Beidh an spás comhroinnte seo nasctha le droichead do choisithe agus do rothaithe a rachaidh thar an abhainn, a bheas mar nasc fisiciúil agus siombalach idir pobail an tSratha Báin, Leifir agus na gceantracha tuaithe thart orthu.

 

Tá an togra á mhaoiniú trí Chlár PEACE IV trí Fhoras Chláir Speisialta an Aontais Eorpaigh (FCSAE). I gcomhréir le cuspóirí Spásanna Comhroinnte an Chláir PEACE IV, tá an togra tacaithe ag clár ar leith um spreagadh pobail, a bhfuil sé de chuspóir aige teagmháil agus caidreamh fiúntach trasteorann agus trasphobail a chothú ar bhonn inbhuanaithe trí réimse de ghníomhaíochtaí dírithe ar spriocghrúpaí éagsúla. Tá Fóram Pobail Cois Abhann curtha ar bun lena chinntiú go mbeidh rannpháirtíocht an phobail ann le linn dhearadh an togra agus cur i bhfeidhm na gcláracha inspreagtha.   

 

Bhuail oifigigh ón dá Chomhairle le hionadaithe ón Fhóram Pobail Cois Abhann ag a gcruinniú míosúil chun tuairisc a thabhairt dóibh ar an togra gus chun léargas a thabhairt ar na dúshláin atá roimh an dá Chomhairle le roinnt míonna anuas. Tá an dá Chomhairle ag obair go han-dlúth leis an FCSAE lena shocrú cad iad na gnéithe den togra a thig a chur i gcrích anois, más féidir, sula mbeidh dáta deiridh an chláir ann ar an 31 Nollaig 2023.  

 

San am i láthair, tá roinnt ceadanna reachtúla tábhachtach le fáil go fóill. Cé gur féidir go mbeidh cuid de na ceadanna reachtúla réitithe in am chun cuidiú le gnéithe éagsúla den togra a thógáil laistigh de sprioc-am maoinithe PEACE IV, ach ní dócha ná baol air go mbeidh gach rud réitithe in am.

 

Tá sé seo ina bhaol suntasach don togra, baol atá taobh amuigh de smacht díreach an dá Chomhairle, agus atá rómhór don dá Chomhairle ná do Chlár PEACE IV a iompar.

 

I ndiaidh plé suntasach idir Comhairle Contae Dhún na nGall, Comhairle Chathair Dhoire agus Cheantar an tSratha Báin agus Foras Chláir Speisialta an Aontais Eorpagh, tá cinneadh déanta nach bhfuiltear in ann an togra a chríochnú laistigh den chlár ama atá fágtha do Chlár PEACE IV (deireadh mhí na Nollag 2023). Is cúis mhór díomá é an scéala seo do gach duine atá bainteach leis an togra, go háirithe do na pobail a ndéanfadh an togra chun sochair agus chun tairbhe dóibh.  

 

Ba mhaith leis an dá Chomhairle go leanfaí leis an oiread oibre agus is féidir in 2023 laistigh de theorainneacha Chlár PEACE IV, agus tá siad i dteagmháil go gníomhach leis an FCSAE leis na féidearthachtaí ar fad a fhiosrú maidir leis sin.  

 

Lena chois sin, beidh an clár PEACEPLUS ar oscailt le haghaidh iarrataisí go luath agus beidh roinnt téamaí ann a bheas oiriúnach do thogra na Páirce Cois Abhann. Táthar ag dréim, ós rud é go bhfuil an Togra Cois Abhann dulta chun cinn go maith ó thaobh rannpháirtíocht an phobail de, ó thaobh ullmhú agus dearadh de, agus gur chóir go mbeadh na ceadanna reachtúla, a bhfuiltear ag fanacht orthu, i bhfeidhm, beidh an togra in áit láidir chun iarratas a dhéanamh ar PEACEPLUS.

 

Tá Comhairle Contae Dhún na nGall, mar phríomhpháirtí, agus Comhairle Chathair Dhoire agus Cheantar an tSratha Báin, mar chomhpháirtí togra, lántiomanta go fóill chun gach gné den Togra Cois Abhann a chur i bhfeidhm. Mothaíonn muid an díomá chéanna a mhothaíonn an Fóram Pobail Cois Abhann, na Comhaltaí Tofa, agus na Pobail thart fá Leifear agus An Srath Bán, cionn is nach mbainfear é seo amach laistigh de Chlár PEACE IV. Tá rún daingean ag an dá Chomhairle na hoibreacha a d’fhéadfadh a bheith curtha i gcrích faoi mhí na Nollag 2023, a chur chun cinn agus tá muid i dteagmháil go gníomhach leis an FSCAE maidir leis sin. Is ábhar dóchais dúinn é an teagmháil dhearfach atá againn leis an FSCAE go dtí seo leis an chuspóir seo a chur i bhfeidhm, ach glacaimid leis go gcaithfidh sé seo cloí le rialacha Chlár PEACE IV.

 

Tá an dá Chomhairle tiomanta fosta chun iarratas a chur isteach chuig clár PEACEPLUS, chomh maith le roghanna eile maoinithe a fhiosrú leis an Togra Cois Abhann a thabhairt chun críche, agus déanfaidh muid gach iarracht lena chinntiú go mbainfear amach an bonneagar seo, a bhfuil géarghá leis agus a chuirfidh go dearfach le rannpháirtíocht an phobail, do na Pobail i Leifear agus ar an tSrath Bán agus sa cheantar máguaird.

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • NRDO European Project Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO