Donegal County Council Logo
Baile > An Chomhairle > Na Meáin > Preas-Ráitis 2023 > Feabhra 2023

08-02-23 Feachtas arís chun daoine a spreagadh le léamh

Squeeze in a Read

 

 

Déan geall leabhar maith a fháil agus a léamh ar Irelandreads.ie 

 

Tá leabharlanna ar fud Dhún na nGall ag glacadh páirte san fheachtas Éire ag Léamh le muintir na tíre ar fad a spreagadh chun léamh an mhí seo agus muid ag tarraingt ar lá náisiúnta na léitheoireachta Dé Sathairn 25 Feabhra.

 

Tá leabharlanna in Éirinn i ndiaidh dul i gcomhpháirt le foilsitheoirí, díoltóirí leabhar, údair agus daoine eile don fheachtas seo atá mar chuid de chlár Éire Shláintiúil an rialtais, agus arb aidhm leis ceiliúradh a dhéanamh ar an léitheoireacht agus ar na buntáistí uilig a bhaineann léi don fholláine agus don sult. Tá an feachtas ag iarraidh ar achan duine ‘giota léitheoireachta a dhéanamh’ ar Lá Éire ag Léamh, Dé Sathairn 25 Feabhra.

 

Is féidir an Geall chun Léamh a dhéanamh ag www.irelandreads.ie mar a dtig leat a fheiceáil fosta an méid ama atá geallta atá ag muintir na hÉireann go dtí seo, chomh maith le clárú fá choinne meabhrúcháin léitheoireachta.

 

Tugann an suíomh gréasáin spléachadh fosta ar leabharthaí a mholfaí do dhaoine de réir a spéiseanna agus de réir an méid ama atá acu. Tá breis agus 1,500 leabhar molta ag leabharlannaithe ar fud na tíre le haghaidh gach spéise agus gach cumas léitheoireachta.  

 

Níl le déanamh ag duine ar an suíomh ach an cineál leabhair is fearr leo a chur isteach, agus an fad ama ar mhaith leo a bheith ag léamh gach lá, agus an déanfaidh an suíomh gréasáin leabhar foirfe a mholadh agus an méid ama a ghlacfadh sé lena chríochnú – mar sin de, thig leat dúshlán a leagan síos duit féin má tá sé ag dul crua ort pilleadh ar an léitheoireacht.  

 

Beidh tionscnaimh agus imeachtaí ‘Éire ag Léamh’ á reáchtáil ag páirtnéirí an fheachtais agus ag leabharlanna le linn mhí Feabhra mar chuid den ullmhúchán i dtreo an tSathairn, 25 Feabhra.

 

Seo a leanas roinnt imeachtaí i nDún na nGall:

 

Comórtas Filíochta ‘Sláinte Colainne – Sláinte Intinne’ i gcomhpháirt le Coiste Sláinte agus Folláine CLG Dhún na nGall.

 

Foscailte do dhaltaí bunscoile i nDún na nGall. Scríobh dán gairid ar an tábhacht a bhaineann le Sláinte Colainne agus Sláinte Intinne le deis a bheith agat Geansaí de chuid Dhún na nGall agus Ticéid chuig Cluiche a bhaint! Coinnigh súil ar Mheáin Shóisialta Leabharlann Contae Dhún na nGall.  

 

Ócáid Leabhair le hAontón Ó Maolmhuaidh ag Leabharlann Phobail Ghaoth Dobhair Dé Céadaoin 22 Feabhra.

Bí linn ar 6.30pm i Leabharlann Phobail Ghaoth Dobhair le féachaint ar Chonor Ó Gallachóir ag cur agallamh i nGaeilge, maidir lena leabhar úr, ar an chéad chaptaen a bhain Craobh na hÉireann le Dún na nGall.

 

Físeán Laochra Spóirt Dhún na nGall le Bord Oideachais agus Oiliúna Dhún na nGall

Tá físeán speisialta déanta ag roinnt réaltaí spóirt as Dún na nGall leis an léitheoireacht a chur chun cinn le linn Éire ag Léamh, agus go háirithe an leabhar NALA Legends atá ar fáil in achan leabharlann. Coinnigh súil ar Mheáin Shóisialta Leabharlann Contae Dhún na nGall. 

 

Málaí Litearthachta Teaghlaigh saor in aisce, i gcomhar le Bord Oideachais agus Oiliúna Dhún na nGall – 24/25 Feabhra

Pioc suas mála litearthachta teaghlaigh saor in aisce, arna chur le chéile ag BOO Dhún na nGall, ó Leabharlanna Ghaoth Dobhair agus an Dá Bhaile Dé hAoine 24 Feabhra agus ón Lárleabharlann agus ó Leabharlanna Bhun Dobhráin agus Bhun Cranncha Dé Sathairn 25 Feabhra. Tá líon teoranta málaí ann, mar sin de, beidh ort a bheith gasta!

 

Comórtas Grianghrafadóireachta le Teanga Tí

Seol isteach pictiúr de dhuine óg ag léamh leabhar Gaeilge (ach aghaidh an duine óig faoi cheilt), le seans a bheith agat duais a bhaint. Coinnigh súil ar Mheáin Shóisialta Leabharlann Contae Dhún na nGall.  

 

Read DL

Seolfar Léigh DnG ar an 21 Feabhra, ceiliúradh ar leabharthaí agus ar an léitheoireacht i nDún na nGall féin. Coinnigh súil ar Mheáin Shóisialta Leabharlann Contae Dhún na nGall le haghaidh réimse imeachtaí i leabharlanna ar fud an chontae.  

 

Leabharthaí Molta

Faigh amach cad iad na leabharthaí a mholann baill foirne Leabharlann Contae Dhún na nGall le haghaidh Éire ag Léamh. Coinnigh súil ar Mheáin Shóisialta Leabharlann Contae Dhún na nGall.  

 

Ealaíona agus Ceardaíochtaí

Coinnigh súil ar Mheáin Shóisialta Leabharlann Contae Dhún na nGall le haghaidh deiseanna chun do gheansaí spóirt féin nó mála iompair leabhar a dhearadh i leabharlanna éagsúla ar fud an chontae.

 

Tá roinnt ambasadóirí mór-le-rá ar bord chun cuidiú leis an fheachtas a chur chun cinn, a bhfuil ina measc Marian Keyes, Joe Duffy, Colm Tóibín, Rick O’Shea, Liz Nugent agus tuilleadh nach iad. Is féidir leat a fháil amach cad é a chiallaíonn an léitheoireacht dóibhsean agus an tuige a dtacaíonn siad leis an fheachtas ar www.irelandreads.ie.

 

Faigh amach faoi gach rud a bheas ar siúl le linn Éire ag Léamh, faigh moltaí leabhar agus déan geall go mbeidh tú ag léamh Dé Sathairn 25 Feabhra ar www.irelandreads.ie.

 

Tabhair cuairt ar www.donegallibrary.ie nó lean @DonegalCountyLibrary ar Facebook, @DonegalLibrary ar Twitter agus @DonegalLibrary ar Instagram fá choinne tuilleadh eolais faoi imeachtaí leabharlainne i nDún na nGall.

 

 

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • NRDO European Project Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO