Donegal County Council Logo
Baile > An Chomhairle > Na Meáin > Preas-Ráitis 2023 > Márta 2023

02-03-23 Buaiteoirí fógraithe don Chomórtas Ealaíne ar Shábháilteacht Bóthair

Art competition School

 

Tá buaiteoirí an chomórtais ealaíne bunscoile ar Shábháilteacht Bóthair fógraithe ag Meitheal Sábháilteachta Bóthair Dhún na nGall agus Club Sacar Chláirseacha na Finne. An líon iarratas a fuarthas i mbliana tá sé ar an líon is mó riamh ó thosaigh an comórtas den chéad uair in 2011, rud a léiríonn go bhfuil suim mhór sa chomórtas agus go bhfuil rath agus bláth air. Is tosaíocht mhór go fóill í sábháilteacht gach úsáideoir bóthair, agus arís eile bhí caighdeán an-ard ar fad ag baint leis na líníochtaí a fuarthas ó gach aoisghrúpa.

 

Príomhbhuaiteoir: 

 

Lydia Byrne, Scoil Náisiúnta Chill Bharrainn, Béal Átha Seanaidh.

 


Art Competition Winner

Lydia Byrne, Scoil Náisiúnta Chill Bharrainn, Béal Átha Seanaidh, buaiteoir Chomórtas Ealaíne Chomhairle Contae Dhún na nGall ar Shábháilteacht Bóthair. Grianghraf Clive Wasson

 

 

Buaiteoirí Tanáisteacha

Charlie Ferry, SN na Tríonóide Naofa, Dún Fionnachaidh

Caoimhe Darcy, SN Naomh Adhamhnán, An Lathaigh. 

Sofia Thompson-Irwin, Scoil Treasa Naofa, Málainn.

Jade Hyndman, Scoil Mhuire gan Smál, Leitir Ceanainn.

Aaron Perry, Scoil an Linbh Iosa, Cill Ó mBaird.

 

Beidh saothar an bhuaiteora le feiceáil ag Ollmhargaí Kernan ar an Bhaile Nua, Droim Caoin agus Ráth Mealtain, a dhéanann urraíocht ar Chlár Acadamh agus Scoileanna Chláirseacha na Finne. Ba léir ón líon mór saothar álaínn a fuarthas go bhfuil féith na cruthaitheachta beo beathach i measc ár gcuid páistí scoile anseo.  

 

Dúirt Brian O’Donnell, an tOifigeach Sábháilteachta Bóthair, Comhairle Contae Dhún na nGall: ‘Ba mhaith liom comhghairdeas a dhéanamh leis na buaiteoirí uilig agus gabhaim buíochas leis na scoltacha as páirt a ghlacadh sa tionscnamh thábhachtach sábháilteacht bóthair seo arís eile. Tá sé go hiontach go raibh na daltaí agus na múinteoirí ar bís le bheith páirteach arís agus tá súil agamsa go mbeidh tuiscint níos fearr ag gach dalta a ghlac páirt ann ar chúrsaí sábháilteachta bóthair dá bharr sin. Neartaíonn an comórtas an teachtaireacht maidir le Sábháilteacht Bóthair, spreagann sé páistí scoile le líníochtaí iontach mionsonraithe a úsáid chun aird a tharraingt ar an dóigh le gach duine a choinneáil sábháilte ár na bóithre anseo’.

 

art Competition Teachers

Lydia Byrne, Scoil Náisiúnta Chill Bharrainn, Béal Átha Seanaidh, buaiteoir Chomórtas Ealaíne Sábháilteachta Bóthair Chomhairle Contae Dhún na nGall i gcomhar le Brian O’Donnell, Oifigeach Sábháilteachta Bóthair Chomhairle Contae Dhún na nGall, Kevin McHugh, Acadamh Chláirseacha na Finne, Shelley Gillespie, Múinteoir Ranga agus Pricilla Leslie, Príomhoide. Grianghraf, Clive Wasson.  

 

Dúirt Kevin McHugh, Acadamh Chláirseacha na Finne: ‘Bíonn dúil mhór ag na páistí bunscoile sa chomórtas seo agus tá lúcháir ar Chláirseacha na Finne leanúint orainn ag tacú le hardú feasachta maidir le sábháilteacht bóthair i nDún na nGall. Is iontach a fheiceáil go bhfuil na daltaí, trína gcuid líníochtaí, ag cur leis an fheasacht maidir le sábháilteacht ar ár gcuid bóithre’.  

 

CRÍOCH

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • NRDO European Project Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO