Donegal County Council Logo
Baile > An Chomhairle > Na Meáin > Preas-Ráitis 2023 > Márta 2023

01-03-23 Lá Náisiúnta Cruthaitheachta don Óige – An bhfuil moltaí agat?

Rannpháirtithe a ghlac páirt san imeacht ‘Déan, Cruthaigh agus Fiosraigh’ ag Faiche Bhun an Phobail, imeacht a mhol Bailte Slachtmhra Bhun an Phobail le go bhféadfadh páistí agus daoine óga eolas a fháil faoin bhithéagsúlacht agus faoin inbhuanaitheacht. Grianghraf le Clive Wasson Photography.

 

Beidh lá náisiúnta na cruthaitheachta do pháistí agus do dhaoine óga, Cruinniú na nÓg, ar siúl Dé Sathairn 10 Meitheamh 2023. Is é is aidhm leis ná páistí agus daoine óga a spreagadh le bheith rannpháirteach i gcúrsaí cultúrtha agus cruthaitheachta trí ghníomhaíochtaí saor in aisce a chur ar fáil ina gceantar féin.

 

Trí Ghlaoch Oscailte, tá Foireann Chultúir agus Chruthaitheachta Chomhairle Contae Dhún na nGall ag lorg moltaí ó chleachtóirí, ó choistí pobail agus ó eagraíochtaí éagsúla maidir le himeachtaí agus gníomhaíochtaí cruthaitheacha a dtig le páistí agus daoine óga deis a bheith acu a dhéanamh, a thriail, nó a fheiceáil ina gceantar féin.  

 

Arís eile, sa tSuirbhé Guth an Pháiste, tá moltaí á mbailiú ó dhaoine óga ar fud an chontae faoi na rudaí a ba mhaith leo a fheiceáil le linn Chruinniú na nÓg i mbliana. Is é is cúis le guth na bpáistí agus na ndaoine óga a bhailiú ar fud Dhún na nGall ná na moltaí sin a úsáid chun lá a chur le chéile a sholáthraíonn dóibh na heispéiris chruthaitheacha ar mhaith leo triail a bhaint astu.  Táthar ag iarraidh ar iarratasóirí amharc ar na moltaí atá déanta ag páistí agus ag daoine óga nuair atá siad féin ag cur tograí le chéile, le gur féidir mianta an aosa óig a chur i bhfeidhm.  

 

Léiriú Spéise – Glaoch Oscailte

 

Tá béim ag Cruinniú na nÓg ar an déanamh, ar an chruthú, agus ar an ghníomhú. Trí Ghlaoch Oscailte tá muid ag iarraidh ar chleachtóirí, ionaid, eagraíochtaí nó coistí pobail moladh a dhéanamh le haghaidh imeachta a bheas ar siúl in ionad nó i bhformáid atá inrochtana laistigh de bhur bpobal féin. San am i láthair níl muid ar lorg moltaí d’imeachtaí inár gcuid leabharlann, san iarsmalann ná san Ionad Cultúrtha Réigiúnach mar a rinne muid i mblianta eile roimhe seo. Mholfaimis do chleachtóirí tograí a sheoladh isteach chugainn, is cuma cén meán nó cén cineál ealaíne (amhail amharclannaíocht, damhsa, ceol, ceoldráma, scannán, sorcas, léiriúchán, faisean, grianghrafadóireacht, ealaíona súl, ealaíona digiteacha, litríocht agus scéalaíocht, ealaín sráide agus taispeántais).  Fáilteofar fosta roimh mholtaí do Chruinniú na nÓg ó chleachtóirí scileanna traidisiúnta nó ó chleachtóirí eile i réimsí ar nós flóra agus fána/bithéagsúlacht, saol na ndaoine, seandálaíocht, stair, ailtireacht dhúchasach nó aon réimse gaolmhar. Tá fáilte roimh iarratais ó phobail in achan chearn den chontae, agus caithfidh na tograí nó na himeachtaí a bheith ar siúl Dé Sathairn 10 Meitheamh 2023, nó a bheith curtha i gcrích ar an lá sin. Tá muid ag iarraidh ar iarratasóirí cluas éisteachta a thabhairt do na moltaí a rinne páistí agus daoine óga ar fud Dhún na nGall, moltaí is féidir a fheiceáil ar www.wainfest.ie. Tá fáilte roimh fhormáidí eile chomh maith, bíodh sin ar líne nó tríd an phost.

 

Faigheann Cruinniú na nÓg maoiniú ó Fhoireann Éire Ildánach, Dún na nGall. Iarrtar ar lucht eagraithe imeachtaí moltaí a dhéanamh atá réalaíoch ó thaobh scála agus costaisí de, agus bronnfar maoiniú ar na himeachtaí sin is fearr a chomhlíonann cuspóirí Chruinniú na nÓg mar atá siad leagtha amach san fhoirm iarratais.  

 

Is féidir foirmeacha moltaí do Chruinniú na nÓg a íoslódáil ag www.wainfest.ie. Ba chóir foirmeacha comhlánaithe a sheoladh trí ríomhphost chuig [email protected] faoin Domhnach 19 Márta 2023.  

 

Is tionscnamh é Cruinniú na nÓg de chuid Chlár Éire Ildánach na Roinne Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, agus tá sé á chur i láthair i gcomhpháirtíocht le RTÉ agus leis na húdaráis áitiúla.

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • NRDO European Project Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO