Donegal County Council Logo
Baile > An Chomhairle > Na Meáin > Preas-Ráitis 2023 > Márta 2023

27-03-23 Seachtain Ionchuimsiú Sóisialta an Aon Dún na nGall Amháin seolta

Seoladh Seachtain Ionchuimsiú Sóisialta an Aon Dún na nGall Amháin in Amharclann an Ghrianáin, Dé Sathairn 25 Márta, 2023

 

Is imeacht bliantúil í Seachtain Ionchuimsiú Sóisialta an Aon Dún na nGall Amháin, agus imeacht é atá éirithe iontach tábhachtach chun freastal ar riachtanais cuid mhór daoine sa phobal. Seachtain í atá iontach gníomhach, oideachasúil agus léargasach, agus ina mbíonn deiseanna ag grúpaí pobail agus deonacha, seirbhísí agus oideachasóirí ó gach cearn den chontae an obair a dhéanann siad a thaispeáint.

 

Tharla Seoladh Sheachtain Ionchuimsiú Sóisialta an Aon Dún na nGall Amháin ag Féile na nDathanna. Bhí atmaisféar den scoith ann in Amharclann an Ghrianáin Dé Sathairn le linn cheiliúradh Holi Fhéile na nDathanna. Tá a fhios go forleathan go gceiliúrann an fhéile seo an t-earrach, an grá agus beatha úr. Bíonn searmanais reiligiúnacha ag roinnt teaghlach, agus bíonn go leor daoine eile ag ceiliúradh cúrsaí cultúir tríd an damhsa, an amhránaíocht, agus ag caitheamh péint phúdaraithe agus uisce daite. Chuir sin steall dathanna leis an lá i Leitir Ceanainn Dé Sathairn.

 

Ag an tSeoladh don tSeachtain Ionchuimsiú Sóisialta in Amharclann an Ghrianáin – An Leas-Phríomhfheidhmeannach Liam Mac an Bhaird, Charles Sweeney agus Christina O’Donnell, An tAonad um Ionchuimsiú Sóisialta i gComhairle Contae Dhún na nGall Sharmila Kamat, an tIonad Pobail Indiaich i Leitir Ceanainn, Pádaí Ó Dochartaigh, Bainisteoir an Rannáin Forbartha Pobail, agus An Cathaoirleach, An Clr Liam Ó Bléine. ‌

 

Agus é ag caint ag ócáid sheolta na Seachtaine Ionchuimsiú Sóisialta tráthnóna Dé Sathairn in Amharclann an Ghrianáin, dúirt Liam Mac an Bhaird, Leas-Phríomhfheidhmeannach: ‘Tchíonn muid sna pobail s’againn, le roinnt blianta anuas, an comhoibriú neartaithe trasrannach idir an pobal agus an earnáil phoiblí agus an earnáil phríobháideach.  Tugann an tSeachtain Ionchuimsiú Sóisialta deis dúinn aird a tharraingt ar an obair dhearfach atá idir lámha ag na hearnálacha poiblí agus pobail, chun an leithcheal, an bhochtaineacht agus an t-imeallú sóisialta uilig a laghdú, agus chun machnamh a dhéanamh ar na dúshláin a bhfuil baill leochaileacha den phobal s’againn i ngleic leo’.

 

Beidh Seachtain Ionchuimsiú Sóisialta na bliana seo ar siúl ón 25 Márta go dtí an 1 Aibreán.

 

Dúirt Cathaoirleach Chomhairle Contae Dhún na nGall, an Clr Liam Ó Bléine: ‘Tá réimse leathan imeachtaí ar siúl do dhaoine de gach aois agus de gach cumas mar chuid de Sheachtain Ionchuimsiú Sóisialta an Aon Dún na nGall Amháin, agus díríonn sí aird fosta ar an obair shuntasach luachmhar atá ar siúl i rith an ama go háitiúil i nDún na nGall, agus bíonn cuid mhór imeachtaí á reáchtáil ag eagraíochtaí pobail agus ag Aonad Ionchuimsiú Sóisialta na Comhairle, ag Leabharlanna agus ag Músaem an Chontae.’   

Damhsa dathúil gleoite ón Phobal Indiach ag Féile na nDathanna le linn ócáid sheolta na Seachtaine Ionchuimsiú Sóisialta.

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • NRDO European Project Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO