Donegal County Council Logo
Baile > An Chomhairle > Na Meáin > Preas - Sean agus Úr > An Lárcholún

14-12-18 Buntáistí le feiceáil ag Réigiún Cathrach an Iarthuaiscirt ón chomhoibriú chun spriocanna a bhaint amach

North West Strategic Growth Partnership

Baill de Chomhpháirtíocht Fás Straitéiseach an Iarthuaiscirt ag cruinniú innéi in Ollscoil Uladh, Campas Mhig Aoidh, Doire i gcomhar le Cathaoirleach  Chomhairle Contae Dhún na nGall, An Clr Séamus Ó Domhnaill, Méara Chomhairle Chathair Dhoire agus Cheantar an tSratha Báin an Clr John Boyle, Príomhfheidhmeannaigh le Comhairle Contae Dhún na nGall Séamus Neely agus le Comhairle Chathair Dhoire agus Cheantar an tSratha Báin John Kelpie.

 

Tá buntáistí le feiceáil ag Réigiún Cathrach an Iarthuaiscirt ón chomhoibriú atá ar bun ag Comhpháirtíocht Fhás Straitéiseach an Iarthuaiscirt, a bhuí lena béim mhór ar an infheistíocht, ar an fhás agus ar rath an réigiúin, a dúradh le baill ag an chruinniú débhliantúil i nDoire inné.

 

Is comhpháirtíocht éagsúil í Comhpháirtíocht Fhás Straitéiseach an Iarthuaiscirt a bunaíodh sa bhliain 2016 tríd an Chomhairle Aireachta Thuaidh/Theas. Is comhairle í seo a thugann oifigigh shinsearacha ó Ranna an Rialtais i bPoblacht agus i dTuaisceart Éireann le chéile. Buaileann siad le Comhairle Contae Dhún na nGall chomh maith le Comhairle Chathair Dhoire agus Cheantar an tSratha Báin chun plé a dhéanamh ar na tosaíochtaí straitéiseacha is mó a dtig leo tionchar dearfach a bheith acu ar Cheantar Cathrach an Iarthuaiscirt.

  

Tá comhcheannaireacht ag Comhairle Contae Dhún na nGall agus Comhairle Chathair Dhoire agus Cheantar an tSratha Báin ar an Chomhpháirtíocht, agus tacaíocht aici ón Lárionad Idirnáisiúnta um Fhorbairt Áitiúil agus Réigiúnach (LIFÁR). Bhí cruinniú ag an Chomhpháirtíocht in Ollscoil Uladh ag Campas Mhig Aoidh inné, áit ar thug an dá Phríomhfheidhmeannach ón dá Chomhairle an tuairisc is déanaí do bhaill maidir le gníomhaíochtaí fáis réigiúnaigh, agus ar an chomhoibriú leanúnach atá idir lámha ag an dá Chomhairle chun leanúint orthu ag tiomáint pleananna fáis uaillmhianacha don réigiún ó thaobh fás eacnamaíochta, infheistíochta, forbairt fhisiciúil agus timpeallachta chomh maith le comhtháthú agus folláine shóisialta agus phobail.

 

Tugadh eolas do Bhaill na Comhpháirtíochta fosta faoin obair dhearfach atá ar siúl chun freagairt do na dúshláin agus do na deiseanna a éiríonn as an Bhreatimeacht, ar a n-áirítear eolas faoin obair atá ar siúl ar shonraí Breatimeachta a scagadh agus ar chumarsáid leanúnach le Comhairlí eile chomh maith le cumarsáid le hoifigigh i Londain, i mBaile Átha Cliath agus sa Bhruiséil.

 

Thug an Dr Malachy Ó Néill, Propast Ollscoil Uladh ag Campas Mhig Aoidh, tuairisc chun dáta do bhaill maidir le Comhoibriú Oideachais san Iarthuaisceart idir Ollscoil Uladh, Institiúid Teicneolaíochta Leitir Ceanainn, Coláiste Réigiúnach an Iarthuaiscirt agus Bord Oideachais agus Oiliúna Dhún na nGall, agus thug ionadaithe ón ICLRD tuairisc ar Thionscadal Deaise Réigiúnach an Iarthuaiscirt, ag leagan amach na ndeiseanna atá ann do gach duine leas a bhaint as na deiseanna comhroinnte sonraí a thiocfaidh leis an tionscadal.

 

North West Strategic Growth Partnership 2

Baill de Chomhpháirtíocht Fás Straitéiseach an Iarthuaiscirt ag cruinniú innéi in Ollscoil Uladh, Campas Mhig Aoidh, Doire i gcomhar le Cathaoirleach  Chomhairle Contae Dhún na nGall, An Clr Séamus Ó Domhnaill, Méara Chomhairle Chathair Dhoire agus Cheantar an tSratha Báin an Clr John Boyle, Príomhfheidhmeannaigh le Comhairle Contae Dhún na nGall Séamus Neely agus le Comhairle Chathair Dhoire agus Cheantar an tSratha Báin John Kelpie, Cathaoirleach ar Ghrúpa Forbartha Réigiúnaí an Iarthuaiscirt an Clr Gus Hastings agus leas-chathaoirleach An Clr Bernard McGuinness, in éineacht le Caitriona Mullan & Caroline Creamer, ICLRD. 

 

Ag caint dó i ndiaidh an chruinnithe, mhol Cathaoirleach Chomhairle Contae Dhún na nGall, an Clr. Séamus Ó Domhnaill, an obair a dhéanann Comhpháirtíocht Fhás Straitéiseach an Iarthuaiscirt agus an tiomantas atá ag a cuid ball a bheith ag comhoibriú chun freastal ar phríomhriachtanais straitéiseacha tosaíochta an réigiúin.

 

Dúirt sé: ‘Is comhpháirtíocht ar leith í seo a ligeann dúinn príomhriachtanais straitéiseacha tosaíochta an réigiúin a leagan amach ar a n-áirítear riachtanais ríthábhachtacha iompair agus bonneagair, cúrsaí tionsclaíochta agus an geilleagar, chomh maith leis an obair a thig linn a dhéanamh chun cur leis na sócmhainní láidre cultúrtha, oidhreachta agus turasóireachta atá againn cheana féin. Ag an chruinniú inniu, bhí fíorthiomantas ó gach ball cuidiú lenár dteacht aniar a fhorbairt i dtimpeallacht atá ag athrú agus a bheith ag obair le chéile ar bhonn inbhuanaithe lenár bhfís a bhaint amach ó thaobh fáis agus ráth de.’

 

Dúirt Méara Chomhairle Chathair Dhoire agus Cheantar an tSratha Báin an Clr John Boyle gur cruinniú iontach tábhachtach a bhí ann agus gur fianaise é go bhfuil an dá Rialtas tiomanta do Réigiún Cathrach an Iarthuaiscirt.

 

Dúirt sé: ‘Ní féidir moladh go leor a thabhairt don chomhpháirtíocht speisialta seo, is rud an-suntasach ar fad é go bhfuil ionadaithe sinsearacha ó ranna éagsúla ón dá Rialtas thart ar an tábla ag caint faoin dóigh ar féidir leo comhoibriú lena chéile le fás a bhaint amach don réigiún s’againn. Tá sé de chumas ag an ghrúpa seo difríocht mhór a dhéanamh dár réigiún trí na huirlisí a thabhairt dúinn an leas is mó agus is féidir a bhaint as ár gcumas féin chun an fás a thiomáint’.  

 

Mhol Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Dhún na nGall, Séamus Neely, tiomantas bhaill na Comhpháirtíochta as ceannaireacht a sholáthar chun cuidiú leis na páirtithe leasmhara ar fad comhchuspóirí straitéiseacha a bhaint amach. Luaigh sé arís eile na buntáistí dearfacha a eascraíonn as an chomhoibriú ag leibhéal sinsearach, agus dúirt sé gurb é sin an bealach is fearr chun cinn i dtreo fás agus rath a bhaint amach don réigiún.

 

Dúirt Príomhfheidhmeannach Chomhairle Chathair Dhoire agus Cheantar an tSratha Báin, John Kelpie go raibh an cruinniú iontach tairbhiúil do gach duine a bhí páirteach, agus dúirt sé go bhfuil fíorbhuntáistí le feiceáil ag teacht anois mar gheall ar chur chuige comhoibritheach na Comhpháirtíochta.

 

 

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • NRDO European Project Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO