Donegal County Council Logo

Sa Rannóg Seo

Baile > An Chomhairle > Na Meáin > Preas Eanáir 2020 > 100 Bliain ó na Toghcháin Áitiúla 1920

Daonlathas agus Athrú: Céad bliain ó na Toghcháin Áitiúla in Éirinn in 1920

 

I mbliana déanfar comóradh céad bliain ar na toghcháin áitiúla a reáchtáladh ar fud na tíre in 1920, agus a bhí ríthábhachtach i stair an rialtais áitiúil in Éirinn. Le haird a tharraingt ar na himeachtaí seo, agus de bharr a thábhachtaí agus bhí siad don streachailt ar son neamhspleáchais, rinne an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta foilseachán dátheangach a choimisiúnú ó Charlannaithe agus Bainisteoirí Taifead Rialtais Áitiúil leis na toghcháin seo a chomóradh.  Is é is teideal don leabhrán Daonlathas agus Athrú: Na Toghcháin Áitiúla de 1920 in Éirinn.

Cogadh na Saoirse agus Ionadaíocht Chionmhar

Is in 1920 a úsáideadh an ionadaíocht chionmhar mar chóras vótála don chéad uair i dtoghcháin mhóra mar seo. Tá na toghcháin seo tábhachtach fosta mar gur reáchtáladh iad le linn Chogadh na Saoirse, agus bhí de thoradh orthu arís gur éirigh le hiarrthóirí Shinn Féin bunús na suíochán a bhaint, go díreadh mar a rinne siad san Olltoghchán in 1918. Dá bharr seo, d’fhógair an chuid is mó de na húdaráis áitiúla go raibh siad dílis do Dháil Éireann.

 

Cartlanna ó Dheich mBliana na gCuimhneachán

Ina Réamhrá san fhoilseachán seo, dúirt an tAire Stáit le haghaidh Rialtas Áitiúil agus Pleanáil, Peter Burke TD, go bhfuil an t-ádh linn ‘go bhfuil a leithéid de bhailiúchán de dhoiciméid stairiúla ag seirbhísí cartlainne ár n-údarás áitiúil a ligeann dúinn staidéar agus tuiscint níos fearr a fháil ar chomhthéacs na dtoghchán áitiúil ba thábhachtaí i stair an stáit, b’fhéidir’. Dúirt Cathaoirleach an Chumainn Bhainistíochta Cathrach agus Contae, Michael Walsh, ‘gur phointe lárnach i stair an rialtais áitiúil in Éirinn iad’ na toghcháin áitiúla in 1920, agus leag sé béim ar a thábhachtaí agus atá sé na himeachtaí seo a chomóradh mar chuid de Dheich mBliana na gCuimhneachán.

 

Labhair Cathaoirleach Chartlannaithe agus Bainisteoirí Taifead an Rialtais Áitiúil (LGARM), agus cartlannaí le Comhairle Contae Dhún na nGall, Niamh Brennan faoin dóigh a bhfuil catalógú agus digitiú déanta ag cartlannaithe áitiúla ar bhailiúcháin a bhaineann le Cogadh na Saoirse agus Cogadh na gCarad iná gceantracha áitiúla, agus faoin dóigh a dtig leis na cartlanna áitiúla ó Dheich mBliana na gCuimhneachán cuid de na bearnaí sa tréimhse ríthábhachtach seo i stair na hÉireann a líonadh.

 

 

Ábhar an leabhráin

Tá an leabhrán maisithe seo ar fáil i nGaeilge agus i mBéarla agus seo a leanas cuid dá bhfuil ann: cúlra stairiúil do na toghcháin agus d’athchóiriú an rialtais áitiúil agus don chinneadh an ionadaíocht chionmhar a thabhairt isteach; eolas faoi na toghcháin chuig comhairlí contae, comhairlí buirge, comhairlí uirbeacha, agus comhairlí ceantar tuaithe in 1920; eolas faoi theacht chun cinn na mban sna toghcháin in 1920; caibidil ar ról an rialtais áitiúil le linn Chogadh na Saoirse; agus scéalta beatha roinnt daoine mór le rá a toghadh in 1920; chomh maith le híomhánna ó chartlanna áitiúla.

 

Íomhánna ó Dhún na nGall

I measc na n-íomhánna ó Chartlann Dhún na nGall sa leabhrán tá litir ón Chumann ar son Ionadaíocht Chionmhar chuig Comhairle Contae Dhún na nGall in 1919; grianghraf de tháblaí de chuid an Chinn Chomhairimh do na Toghcháin ‘PR’ in 1920; treoracha don Oifigeach Ceannais; Fógra Toghcháin; chomh maith le taifead den fharrasbar vótaí a aistríodh ó iarrthóir Dhún na nGall Edward Kelly.

 

 

Cartlannaithe Rialtais Áitiúil

Tá an leabhrán seo mar chuid de thionscadail chuimhneacháin an LGARM do Dheich mBliana na gCuimhneachán. Tá sé ar fáil le híoslódáil ó shuíomhanna éagsúla de chuid an rialtais, suíomh idirlín Chomhairle Contae Dhún na nGall san áireamh, ar: http://www.donegalcoco.ie/culture/archives/publications/. Tá Niamh Brennan, Cartlannaí Chomhairle Contae Dhún na nGall, ina Cathaoirleach ar LGARM agus bhí sí ina comh-eagarthóir ar an fhoilseachán le Gráinne Doran (Cartlann Chomhairle Contae Loch Garman).

 

Is féidir cóip dhigiteach den leabhrán a fháil i nGaeilge agus i mBéarla ó Shuíomh Idirlín na Roinne nó na Comhairle Contae thíos:

 

https://www.housing.gov.ie/ga/rialtas-aitiuil/votail/toghchain-aitiula/daonlathas-agus-athru

 

https://www.housing.gov.ie/sites/default/files/attachments/localelections1920_english_web.pdf#

 

http://www.donegalcoco.ie/culture/archives/publications/

 

 

Fá choinne tuilleadh eolais, déan teagmháil le Cartlannaí Niamh Brennan ag [email protected]

 

 

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO