Tá na heagrais stáit i nDún na nGall, atá ag dul i ngleic i rith an ama le Covid 19, ag iarraidh ar an phobal Fanacht sa Bhailte agus Fanacht Sábháilte le linn na Cásca.
Agus an tsaoire phoiblí ar na bacáin agus teaghlaigh ag pleanáil le haghaidh na Cásca, tá ionadaithe ón tSeirbhís Sláinte, An Garda Síochána agus Comhairle Contae Dhún na nGall, i ndiaidh teacht le chéile lena chur i gcuimhne do dhaoine nach féidir leo cruinniú le chéile faoin díon, cé go dtuigeann siad go bhfuil sé seo an-chrua.
D’oibrigh na heagrais ar fad le chéile, le breis agus bliain anuas, leis an fhreagairt phobail i gcoinne Covid a chomhordú. Inniu, d’iarr siad ar mhuintir Dhún na nGall coinneáil orthu tamall beag eile ag cloí leis na srianta crua riachtanacha chun dul i ngleic leis an víreas.
Tuilleadh eolais: www.hse.ie/coronavirus
Líne Chabhrach Phobail do Dhún na nGall: 1800-928982 nó [email protected]
Líne Chabhrach Alone: 0818 222 024