Donegal County Council Logo

Sa Rannóg Seo

Baile > An Chomhairle > Na Meáin > Preas Eanáir 2020 > Ainmniúcháin Laochra Spóirt

Ainmniúcháin Laochra Spóirt Dhún na nGall fógraithe

 Ronan Curtis

 

 Ronan Curtis, imreoir le Foireann Sacar na hÉireann agus Portsmouth

 

D’fhógair Coiste Ghradaim Laochra Spóirt Dhún na nGall liosta na n-ainmniúchán do Ghradaim 2019. Beidh an bronnadh ar siúl in Óstán an Mount Errigal Dé hAoine 31ú Eanáir. Go dtí seo, tá a fhios ag beirt go mbeidh gradam á bhronnadh orthu. Is iad sin imreoir sacar Portsmouth Ronan Curtis agus Cumann Gleacaíochta Finesse Dhún na nGall. Fógrófar buaiteoirí na rannóga eile ar an oíche.

 

Tá fear Bhaile Suingean a d’imir faoi aois le Ruagairí Shúilí i ndiaidh tréimhse sármhaith a chaitheamh i bPáirc Fratton. Bhain sé bonn EFL le linn a chéad séasúir ansin leis an Chumann i mí Márta anuraidh. Bhuail siad Sunderland ar chiceanna pionóis i Staid Wembley. Tá naoi gcúl ar fad faighte ag Curtis, nach bhfuil ach 23 bliain d’aois do Phortsmouth i Sraith 1 den séasúr seo.

 

D’imir sé a chéad chluiche don chlub i mí Lúnasa 2018 i ndiaidh cúig bliana a chaitheamh le Cathair Dhoire. Bhí sé ar go leor foirne éagsúla agus é faoi aois. Ina measc bhí Tíogair Chúl Droma agus Ruagairí Shúilí. Go dtí seo, tá 60 cluiche sraithe imeartha aige do Phortsmouth agus 20 cúl scóráilte aige. Tá cliú idirnáisiúnta air ná d’imir sé ar fhoireann F21 na hÉireann sular cháiligh sé don fhoireann sinsear. D’imir sé a chéad chluiche idirnáisiúnta don fhoireann sinsear i mí na Samhna 2018, i gcoinne Thuaisceart Éireann.

 

Beidh gradam á bhronnadh ar Chumann Gleacaíochta Finesse Dhún na nGall fosta as ucht a n-éachtaí idirnáisiúnta. I mí Iúil, rinne 13 gleacaí ón Chumann ionadaíocht d’Éire ag an Gymnaestrada Domhanda i nDornbirn na hAstráile. B’in an dara huair riamh ar ghlac Éire páirt sa chomórtas. Bhain foireann taispeána mhionúr agus sinsear Finesse cúig as sé ghradam ag an Láthair Náisiúnta faoi dhíon i mBaile Bhlainséir, Baile Átha Cliath an mhí roimh sin. Chomh maith leis sin, d’éirigh go maith leis an chumann ag an Dúshlán GymSTART i Láthair Spóirt faoi dhíon na hÉireann ag an Champas Náisiúnta Spóirt i mBaile Átha Cliath i mí na Samhna.

 

 

Finesse

Cumann Gleacaíochta Finesse, Leitir Ceanainn

 

 

Ainmniúcháin Ghradaim Spóirt Dhún na nGall 2019 

 

Aitheantas

Clár Ionchuimsiú Peil na mBan- Abilty Rocks, Ard an Rátha

Dessie McGlinchey, Clár Scoileanna Chláirsigh na Finne

Gerry Hannon, Cumann Cispheile Blaze Leitir Ceanainn

Malachy Price, Cumann Dornálaíochta Leitir Ceanainn

Manus O’Donnell, Figary, Fathain

 

Lúthchleasaíocht

Brendan Boyce, Cumann Lúthchleasaíochta Ghleannán na Finne

Mark English, Cumann Lúthchleasaíochta Leitir Ceanainn

Sommer Lecky, Cumann Lúthchleasaíochta Ghleannán na Finne

 

Cispheil

Killian Gribben, Blaze Leitir Ceanainn

Maria Kealy, Blaze Leitir Ceanainn

Shannon Cunningham, Blaze Leitir Ceanainn

Shauna Higgins, Blaze Leitir Ceanainn

 

Babhláil

Andrew Steele, Cumann Babhlála an Bhruaigh Ghlais

David Bonner, Cumann Babhlála Bhaile Suingean

Jamie Glackin, Cumann Babhlála an Mhachaire

John Quinn, Cumann Babhlála Bhaile Uí Leannáin

Lee Jacob, Cumann Babhlála Ráth Mealtain

Rachel McDonnell, Cumann Babhlála Bhaile Uí Leannáin

 

Dornálaíocht

Anthony Doohan, C.D.A. Dhún Fionnachaidh

Brenda Collins,  C.D.A. An Dúin Riabhaigh

Brian McNamee,  C.D.A. Chonmhaí

Carlagh Irving, Illies Golden Gloves A.B.C.

Leah Gallen,  C.D.A. Ráth Bhoth

Matthew McCole, Illies Golden Gloves A.B.C.

 

Camógaíocht

Ailbhe Finn, Cumann Camógaíochta Naomh Adhamhnáin

Caoimhe Doherty, Gaeil Leitir Ceanainn

Rhianna Gallagher, Carn Domhnach

 

Lámhach Crécholúr

Fintan Kilpatrick, Conmhaigh

Jason Irwin, Ráth Mealtain

Patrick Boyle, Carn Domhnach

 

Cóitseáil/ Bainistíocht

Chris McNulty, Bonagee Aontaithe

Declan Bonner, Foireann Peile Sinsear Dhún na nGall (Fir)

Karen Lavin, Cumann Rámhaíochta na gCealla Beaga

Mick Coleman, Lochlannaigh Ghleannán na Finne

Ollie Horgan, Foireann Sacar Sinsear Chláirsigh na Finne

Trevor Alcorn, C.L.G  an Tearmainn

 

Rothaíocht

Callum Morris, Cluain Maine

Mitchell McLaughlin, Foireann Rásaíochta Zappi, Droim Caoin

Odhran Doogan, Foireann Spóirt Powerhouse

Sean Og Harrigan, Bun na hAbhann

 

Eachaíocht

Dylan Browne McMonagle, Leitir Ceanainn

Kenneth Graham, Magh

Oisin Orr, Ráth Maoláin

 

C.L.G.

Ciaran Thompson, Naomh Conaill

Geraldine McLaughlin, An Tearmann

Michael Murphy, Gleann tSúilí

Róisín Rodgers, Naomh Muire Íochtar Na Rosann

 

Gleacaíocht

Amy Fox, Gleacaíocht Citadel

Leon Hughes, Gleacaíocht Citadel

Ruby McBride, An Clochán Liath

 

Haca

Ben Wallace, Ráth Bhoth (Cumann Haca Annadale, Béal Feirste)

Johnny Long, Cumann Haca Ráth Bhoth

Megan Frazer, Fianna Móra Uladh

Tom Eaton, Cumann Haca Ráth Bhoth

Tommy Orr, Cumann Haca Ráth Bhoth

 

Iománaíocht

Danny Cullen, Setanta

Gavin Browne, Seán MacCumhaills

Jack O’Loughlin, Bun Cranncha

 

Éacht Idirnáisiúnta

Cumann Gleacaíochta Finesse Leitir Ceanainn

 

Ealaín Chomhraic

Emma Dolan, Cumann Cearáité Shotokan na dTrí Abhainn 

Eoin Crawford, Cumann Cearáité Shotokan na dTrí Abhainn 

Rebecca Burke, Cumann Cearáité Shotokan an Iarthuaiscirt 

Ruairi Dougal, Bun an Phobail

 

Gluaisrothaíocht

Caolán Irwin, Cill Mhic Réanáin

Rhys Irwin, Cill Mhic Réanáin

Richard Kerr, Cill Mhic Réanáin

 

Mótarspórt

Aodhan Gallagher, Carraig Airt

David Kelly, Baile Dhún na nGall

Kevin Eves, Paiteagó

 

Aitheantas Oilimpeach

Catherine Grier, Ráth Mealtain

James Boyle, An Clochán Liath

Oisin Merritt, Srath an Urláir

 

Tréantógáil Méachan

Caroline Dolan,  Lochlannaigh Ghleannán na Finne

Edyta Piechowicz, Lochlannaigh Ghleannán na Finne

Jake Coleman, Lochlannaigh Ghleannán na Finne

Luke Thompson, Lochlannaigh Ghleannán na Finne

Paulina Coleman, Lochlannaigh Ghleannán na Finne

 

Bunscoil (Mór >100 )

Scoil Náisiúnta Ghleann tSúilí, Newmills, Leitir Ceanainn

Scoil Eoin Baiste, Carraig Airt

Scoil Mhuire, Doire Beaga

S.N Naomh Adhamhnáin, Ráth Bhoth

 

Bunscoil (Beag < 100)

S.N. Faugher, Dún Fionnachaidh

Scoil An Chaisil, Gleann Cholm Cille

S.N. Naomh Columba, An Baile Loiscthe, Caisleán na Finne

 

Buachaill Spóirt Bunscoile

Caolan McFadden, Scoil Mhuire, An Craoslach

Luke O’Donnell, S.N Naomh Odhráin, Cnoc an Choiligh, Bun Cranncha

Max Campbell, S.N. Naomh Riaghan Droim na Croise, Na Gleannta

 

Cailín Spóirt Bunscoile

Caitriona McKinney, S.N Naomh Mura, Taobh Bán, Bun na hAbhann

Cara Eaton, S.N Ráth Bhoth Láir

Jaime McGinley, S.N Naomh Columba, An Baile Loiscthe, Caisleán na Finne

Lauren Ní Chearrbhaill, S.N. Taobhóige, An Clochán

Orlaith McCrory, S.N Naomh Pádraig, Leifear

 

Múinteoir Spóirt Bunscoile

Anita Keeve, S.N Naomh Adhamhnáin, Ráth Bhoth

Ciaran Gallagher, Scoil Naomh Fiachra, Eileastran

Joleen Mc Hugh, S.N Naomh Columba, An Baile Loiscthe, Caisleán na Finne

Miriam O’Donnell, S.N Naomh Muire, Srath an Urláir

Triona McMenamin, S.N Faugher, Dún Fionnachaidh

 

Aitheantas d’Éachtaí Spóirt Proifisiúnta

Ronan Curtis, Tíogair Chúl Droma/ Portsmouth 

 

Rámhaíocht

Cian Sweeney, Cumann Rámhaíochta Bá Dhún na nGall

Cormac McKinney, Ceann an Droichid

Luke Keaney, Cumann Rámhaíochta Bá Dhún na nGall

Michael O Boyle, Cumann Rámhaíochta Bá Dhún na nGall

Patrick Boomer, Cumann Rámhaíochta Loch Rois, Ard an Rátha

 

Rugbaí

Charlie Worth, Cumann Rugbaí Leitir Ceanainn/Scoil Ríoga Ard Mhacha

Joe Dunleavy, Leitir Ceanainn

Kieran O’Gorman, Leitir Ceanainn

Laura Feely, Bealach Féich / Connachta

Mya Alcorn, Cumann Rugbaí Leitir Ceanainn

 

Meánscoil

Pobalscoil Charn Domhnach

Coláiste Ailigh, Leitir Ceanainn

Pobailscoil Loreto, Baile na nGallóglach

Scoil Loreto, Leitir Ceanainn

 

Buachaill Spóirt Meánscoile

Conchúr Mac Meanman, Coláiste Ailigh, Leitir Ceanainn

Darragh Kirk, Coláiste na Maoile Rua, Baile na nGallóglach

Fionnán Mac Giolla Chomhaill, Pobal Scoil Ghaoth Dobhair

Jude Mc Crossan, Coláiste na Daoile, Ráth Bhoth

Luke Mac Fhloinn, Gairmscoil Chú Uladh, An Clochán

Ross Henderson, Scoil Chuimsitheach Royal & Prior, Ráth Bhoth

Shane Breslin, Gairmscoil na Mainistreach, Baile Dhún na nGall

 

 

 

Cailín Spóirt Meánscoile

Adrienne Gallen, Coláiste Naomh Columba, Srath an Urláir

Anna Hennessy, Scoil Loreto, Leitir Ceanainn

Aoibhín Randles, Scoil Loreto, Leitir Ceanainn

Ellie Long, Pobalscoil Charn Domhnach

Emma Doherty, Scoil Mhuire, Bun Cranncha

Emma Dolan, Scoil Chuimsitheach Royal & Prior, Ráth Bhoth

Emma Gribben, Scoil Loreto, Leitir Ceanainn

Lauren Callaghan, Scoil Chuimsitheach Royal & Prior, Ráth Bhoth

Lucy McGlynn, Coláiste Cholmcille, Béal Átha Seanaidh

Maria Kealy, Scoil Loreto, Leitir Ceanainn

Michaela Galvin, Scoil Loreto, Leitir Ceanainn

Molly Nulty, Scoil Loreto, Leitir Ceanainn

Mya Alcorn, Scoil Loreto, Leitir Ceanainn

Niamh Moohan, Gairmscoil na Mainistreach, Baile Dhún na nGall

Sarah Bradley, Scoil Loreto, Leitir Ceanainn

Shannon Ní Chuinneagáin, Coláiste Ailigh, Leitir Ceanainn

Una O’Donnell, Scoil Loreto, Leitir Ceanainn

 

Múinteoir Spóirt Meánscoile

Adrian Doherty, Pobalscoil Loreto, Baile na nGallóglach

Blaine Ó Maolagáin, Coláiste Ailigh, Leitir Ceanainn

Conor Doherty, Pobalscoil Charn Domhnach

Kate Kenny, Scoil Loreto, Leitir Ceanainn

 

Sacar

Barry McNamee, Cathair Dhoire

Daniel Gildea, Cláirsigh na Finne Faoi 15

Fionnan Coyle, Gaoth Dobhair

Georgie Kelly, Dún Dealgan

Jamie McKinney, Cláirsigh na Finne Faoi 15

Kerry Browne, Sion Swifts

Mark Anthony McGinley, Cláirsigh na Finne

Sean Patton, Cláirsigh na Finne Faoi 13

 

Lúthchleasaí Speisialta

Leon McDaid, Cumann Oilimpeach Speisialta an Iarthuaiscirt

Siobhan McCay, Cumann Oilimpeach Speisialta an Iarthuaiscirt

 

Surfáil

Bea Greenberg, Cumann Surfála Ros Neamhlach

Neil McCarthy, Marcaigh Cláir Bhun Dobhráin

Tiernan McCrea, Cumann Surfála Ros Neamhlach

Una Britton, Cumann Surfála Ros Neamhlach

 

Snámh

Cody Dunnion, Rónta na Súilí

Cora Rooney, Béal Átha Seanaidh

Patrick Bond, Ráth Mealtain

 

Foireann

Foireann Sacar Ban Bonagee Aontaithe

Foireann 1ú bl. Cailíní, Pobalscoil charn Domhnach

Foireann Ban C.L.G. Naomh Columba, Gleann Cholm Cille

Cumann Rámhaíochta, Cloich Cheann Fhaola

Foireann Peile Máistrí Dhún na nGall

Foireann Peile Sinsear Dhún na nGall (mná)

Foireann Peile Sinsear Dhún na nGall (fir)

Sraith na mBuachaillí Scoile i nDún na nGall (2007)

Cumann Gleacaíochta Finesse, Leitir Ceanainn

Foireann F13 Chláirsigh na Finne

Foireann Tréantógáil Méachan Lochlannaigh Ghleannán na Finne

Cumann Peile Ghleann Gad Aontaithe

Foireann Sacair F12 Buachaillí Eileastran  

Cumann Rámhaíochta na gCealla Beaga

Foireann Mharatóin Ban Chumann Gleacaíochta Leitir Ceanainn

Foireann Chispheile F14 Cailíní Blaze Leitir Ceanainn

Foireann Chispheile F16 Cailíní Blaze Leitir Ceanainn

Foireann Chispheile (2ú bl.) Scoil Loreto, Leitir Ceanainn

Foireann Ban Naomh Muire Íochtar Na Rosann

Foireann Haca Sinsear Ráth Bhoth (mná)

 

Trí-atlan

Aidan Callaghan, Cumann Trí-atlain 24-7 Leitir Ceanainn

Anne Robinson, Cumann Trí-atlain 24-7 Leitir Ceanainn

Margaret Kelly, Cumann Trí-atlain 24-7 Leitir Ceanainn

Natasha Kelly, Cumann Trí-atlain 24-7 Leitir Ceanainn

Peter O’Donnell, Cumann Trí-atlain 24-7 Leitir Ceanainn

 

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO