Donegal County Council Logo

Sa Rannóg Seo

Baile > An Chomhairle > Na Meáin > Preas Eanáir 2020 > Am Teaghlaigh sa leabharlann ag an Nollaig

27-11-2020 – Caith am le do theaghlach sa leabharlann an Nollaig seo!

Togra léitheoireachta ar bun ag leabharlanna áitiúla le linn mhí na Nollag!

 

Tá lúcháir ar Sheirbhís Leabharlainne Dhún na nGall fógairt go mbeidh an clár ‘Caith am le do theaghlach sa leabharlann’ ar siúl acu le linn mhí na Nollag. Beidh réimse gníomhaíochtaí ar fáil ar líne le teaghlaigh a spreagadh le sult a bhaint as an léitheoireacht agus as an scéalaíocht. Cuireadh an clár seo ar bun leis an léitheoireacht a spreagadh mar ghníomh teaghlaigh agus tá sé mar chuid den fheachtas ‘An Ceart chun Léitheoireachta’. Táthar ag iarraidh cur chuige teaghlaigh a chothú maidir leis an léitheoireacht de. Tabharfar eolas maidir leis na buntaistí a bhaineann le léitheoireacht agus táthar ag súil go gcuirfear an léitheoireacht chun cinn mar ghníomh spraíúil agus sultmhar i measc páistí.

 

Caidé a bheas ar siúl?

 

Beidh neart imeachtaí ar siúl ar líne, am scéalaíochta agus seisiún véarsaíochta ina measc. Cuidíonn léitheoireacht agus scéalaíocht le scileanna teanga agus litríochta a chothú sna páistí agus tá ról lárnach acu i bhforbairt mhothúchánach an pháiste. Cothaítear ceangal domhan idir teaghlaigh agus spreagtar samhlaíocht an duine fosta.

 

Is féidir le teaghlaigh sult a bhaint as na taispeántais chócaireachta a bheas ar siúl mar chuid de. B’fhéidir go bhfoghlaimeofá rud nó dhó nó go mbeifeá spreagtha i dtreo na cócaireachta!

 

Beidh roinnt comórtais á reáchtáil fosta. Coinnigh súil ar na gréasáin shóisialta, is ann a bheas na comórtais anagraim agus eilfeanna. Ní hamháin go bhfuil na comórtais lán spóirt agus spraoi ach tá siad bunaithe ar an litríocht agus is deis atá ann do theaghlaigh tabhairt faoi ghníomhaíocht le chéile. Caith súil ar an chomórtas scríobh litreach. Le rud beag cuidithe agus spreagtha ó bhaill teaghlaigh, cuirfidh an ghníomhaíocht seo go mór le scileanna litríochta an pháiste.

 

Eilfeanna Peile 

 

Tá na himeachtaí saor in aisce agus mar gheall ar shrianta Covid19, beidh siad ar siúl ar líne.

 

Is féidir sonraí na n-imeachtaí a fháil ar an leathanach ‘Imeachtaí’ ar ár suíomh idirlín http://www.donegallibrary.ie/ie/ nó trí Sheirbhís Leabharlainne Dhún na nGall a leanúint ar Facebook agus Twitter nó is féidir an sceideal a fháil anseo.

 

Beidh na himeachtaí uilig le feiceáil ar leathanach Facebook Sheirbhís Leabharlainne Dhún na nGall agus ar chainéal YouTube Chomhairle Contae Dhún na nGall.

 

Ná déanaigí dearmad súil a chaitheamh ar ár suíomh idirlín. Gheobhaidh sibh réimse áiseanna teagaisc ar nós ríomhleabhair, ríomhirisí agus ríomh-chlosleabhair.

 

Idir an dá linn, coinnígí slán agus cloígí leis an scaradh sóisialta sa dóigh agus go dtig linn a chéile a fheiceáil arís gan mhoill.

 

Is féidir tuilleadh eolais a fháil trí ríomhphost a sheoladh chuig: [email protected] nó trí scairt a chur ar 074 9361941.   

 

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO