Donegal County Council Logo

Sa Rannóg Seo

Baile > An Chomhairle > Na Meáin > Preas Eanáir 2020 > An mbéarfar ort ag léamh?

An mbéarfar ort ag léamh?

Caught Reading

 

Ba mhaith le Seirbhís Leabharlainne Chontae Dhún na nGall íomhánna a fháil a léiríonn daoine i mbun léitheoireachta i mí na Bealtaine seo, bíodh sin díot féin nó de do pháistí i mbun gnímh, b’fhéidir ag léamh leabhair, nuachtán áitiúil nó ár n-irisí digiteacha sna háiteanna is ansa libh.  Muna bhfuil íomha agat, is féidir grianghraf cruthaitheach leis na teidithe nó leis na peataí is fearr libh a sheoladh isteach chugainn.  Ba bhreá linn a chur in iúl do gach duine nach bhfuil an léitheoireacht teoranta d’am luí amháin.

 

 

Tá na leabharlanna druidte go fóill ach cronaíonn  foireann  na leabharlainne i ngach brainse ar fud an chontae – 13 ar fad - an teagmháil rialta lena gcuid léitheoirí agus ba bhreá leo a fheiceáil cad atá á léamh agaibh agus cá háit a mbíonn sibh i mbun léitheoireachta?

 

Agus í ag labhairt thar ceann Sheirbhís Leabharlainne Chomhairle Contae Dhún na nGall, d’impigh an Leabharlannaí Feidhmiúcháin Sinsearach Donna Cavanagh ar gach léitheoir spraoi a bheith acu ionas ‘go mbéarfar orthu ag léamh i mí na Bealtaine seo’ – ‘níos mó as an ghnáth an grianghraf, is amhlaidh is fearr é ’, a dúirt sí.

 

‘Cuidíonn an léitheoireacht le sláinte mhothúchánach, loighic agus le cúrsaí intinne, nithe atá thar a bheith tábhachtach dúinn go léir le linn na paindéime seo.

 

Tá neart léitheoireachta ar siúl amuigh ansin, agus tá súil againn na híomhanna sin a bhailiú le chéile sna seachtainí amach romhainn ionas gur féidir linn taispeántas a chur le chéile amach anseo, ’a deir Donna.

 

Mas duine cúthalach tú, ná bíodh imní ort.  Ní gá go mbeadh d’aghaidh le feiceáil sa ghrianghraf.  Thig leat a bheith chomh cruthaitheach agus is main leat le do cheamara – is é an rud is tábhachtaí ná gníomh na léitheoireachta a thaispeáint agus sult a bhaint as lena linn’ a deir sí mar fhocail fhaoisimh.  

 

Caught Reading 2

Ciara ó Leabharlann Bhealach Féich – Shrath an Urláir –

Beireadh uirthi ag léamh!

 

 

 

Is féidir le duine fásta, leanbh, peata nó bréagán ar bith ar spéis leo suim sa léitheoireacht a léiriú le linn na paindéime seo tuilleadh eolais a fháil ar leathanach facebook na leabharlainne @DonegalCountyLibrary nó trí chuardach a dhéanamh ar facebook do #GetCaughtReading agus #DonegalLibrary agus d’íomhá a sheoladh chuig ‘An mbéarfar ort ag léamh’. 

 

Is acmhainn iontach iad ár leabharlanna chun claochlú, saibhriú agus spreagadh a dhéanamh agus táimid ag tnúth le seirbhís fhisiciúil a sholáthar arís nuair atá sé sábháilte sin a dhéanamh.   

 

Go dtí sin, cuirimid réimse leathan acmhainní ar líne ar fáil lena n-áirítear, r-leabhair, ríomhleabhair, r-greannáin, r-nuachtáin agus r-irisí atá go hiomlán saor in aisce. Seiceáil - www.donegallibrary.ie

 

Téigh i dteagmháil leis an leabharlann ar 074 91 53900 nó seol ríomhphost chuig [email protected] má tá aon cheist ghinearálta agat.

 

Deireadh.

 

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO