Donegal County Council Logo

Sa Rannóg Seo

Baile > An Chomhairle > Na Meáin > Preas Eanáir 2020 > An Oidhreacht dulta fíorúil i mbunscoileanna

09-10-20 - An Oidhreacht dulta fíorúil i mbunscoileanna Dhún na nGall

Ar chláraigh an bhunscoil s’agatsa don chlár fíorúil saor in aisce ‘Oidhreacht sna Scoileanna’? Tá go dtí an Chéadaoin 14 Deireadh Fómhair ag bunscoileanna i gContae Dhún na nGall chun bheith páirteach sa chlár píolótach seo atá á reáchtáil ag an Chomhairle Oidhreachta i gcomhpháirt le hIonad Oideachais Dhún na nGall agus Oifig Oidhreachta Chontae Dhún na nGall, Comhairle Contae Dhún na nGall.

 

‘Is deis iontach é seo ag bunscoileanna i gContae Dhún na nGall’ a dúirt Joseph Ó Gallchóir, Oifigeach Oidhreachta Chontae Dhún na nGall.  ‘D’athraigh an Chomhairle Oidhreachta an scéim “Oidhreacht sna Scoileanna” go dtí clár fíorúil ocht seachtaine mar fhreagairt ar na srianta de bharr phaindéim Covid 19, agus tá an scéim á déanamh ar bhonn trialach i gContae Dhún na nGall.  Tá meascán de sheisiúin réamhthaifeadta agus bheo, atá idirghníomhach ina gcur chuige, á thairiscint do pháistí agus do mhúinteoirí.   Tá an scéim phíolótach saor in aisce do na scoileanna a bheas páirteach.  Tá lúcháir ar Ionad Oideachais Dhún na nGall agus Oifig Oidhreachta Chontae Dhún na nGall dul i gcompháirtíocht leis an Chomhairle Oidhreachta chun an scéim a sholáthar i gContae Dhún na nGall - ceann amháin de dhá chontae atá roghnaithe don scéim phíolótach.’

 

Thig le scoileanna a bheas páirteach suas le hocht seisiún fíorúil a fháil. Maireann achan seisiún uair an chloig agus beidh speisialtóir ó thaobh ‘Oidhreacht sna Scoileanna’ ina mbun.  Tá rogha le déanamh ó cheithre cinn déag d’ábhair eagsúla sa chlár fíorúil.   I measc na n-ábhar tá an bhithéagsúlacht, léarscáilíocht, seandálaíocht, portaigh, amhránaíocht thraidisiúnta, scéalaíocht, ridirí agus caisleáin, ealaín Cheilteach, clocha Oghaim agus go leor eile.   Nuair a roghnóidh scoil rannpháirteach a n-ábhar, cuirfear réamhthaifeadadh chucu chomh maith le roinnt nótaí gaolmhara agus ansin leanfar ina dhiaidh sin le físchomhrá beo ar Zúm chuig an seomra ranga.  

 

Bhí an méid seo a leanas le rá ag Scoil Náisiúnta Ghartáin faoin chéad chuairt fhíorúil a fuair siad “Bhí an chéad cheacht fíorúil againn inniu, á reáchtáil ag Aengus Kennedy. Ba mhaith liinn buíochas a ghabháil le hOidhreacht sna Scoileanna as ligint dúinn bheith páirteach sa scéim phíolótach seo.  Bhain na páistí an-sult as an cheacht faoin dreoilín, as an phlé ar líne agus as an tráth na gceist ag an deireadh!  Mar is gnáth, thug Aengus ceacht spreagúil inspioráideach. Tá eolas bocht aige ar gach rud a bhaineann leis an nádúr!”  

 

D’éirigh an clár fíorúil seo as plé agus comhairliúchán le breis agus 120 bunscoil ar fud na tíre.   Go dtí seo, tá breis agus 60 bunscoil i nDún na nGall cláraithe leis an chlár fíorúil ach beidh an clárú ar oscailt go dtí an Chéadaoin, 14 Deireadh Fómhair, agus mar sin de tá seans ann go fóill an deis a thapú.

 

Más mian le do scoil a bheith páirteach sa scéim saor in aisce ‘Oidhreacht sna Scoileanna’ i gContae Dhún na nGall, gabh i dteagmháil leis an Chomhairle Oidhreachta trí ríomhphost ar [email protected] nó trí scairt ghutháin ar (087) 462 8580. 

 

Tá tuilleadh eolais ar an scéim ‘Oidhreacht sna Scoileanna’ ar fáil  anseo. 

 

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO