Donegal County Council Logo

Sa Rannóg Seo

Baile > An Chomhairle > Na Meáin > Preas Eanáir 2020 > An tSeachtain Sábháilteachta Dóiteáin

06-10-20 – An tSeachtain Sábháilteachta Dóiteáin

Is é an téama atá ag an tseachtain náisiúnta sábháilteachta dóiteáin i mbliana ná “Sábháiltear Beatha Daoine le hAláraim Dheataigh”, agus tá béim á cur ar an tsábháilteacht dóiteáin sa bhaile.  Tá muid ag caitheamh níos mó ama sa bhaile de bharr na paindéime Covid agus tá sé tábhachtach muid féin agus ár dtithe a chosaint ó thine.

 

De réir mar a athraíonn ár nósanna laethúla san am dúshlánach seo ina bhfuil muid, is féidir linn nósanna úra sábháilteachta tine a ghlacadh ar bord agus muid ag dul i ngleic leis an saol úr.

 

Ar an drochuair, faigheann breis agus 40 duine bás in Éirinn gach bliain de bharr tinte. Go tragóideach, is sa bhaile a tharlaíonn breis agus 90% de na heachtraí, agus is iad an t-aos óg agus seandaoine is mó atá i mbaol. Mar chuid de Sheachtain Sábháilteachta Dóiteáin tá muid ag moladh do dhaoine aláraim dheataigh a chur isteach ina dtithe agus a dhéanamh cinnte go bhfuil siad ag oibriú mar is ceart.

 

 

Má bhíonn tine i do theach cluinfidh tú an t-aláram deataigh. Ná déan dearmad nach bhfuil aon bholadh agat nuair a bhíonn tú i do chodladh, agus gur féidir le toit tú a chur i suan níos doimhne.

 

Rudaí le Cuimhneamh

 

Is féidir aláram deataigh a thástáil gach seachtain trí chnaipe tástála a bhrú le hanla scuaibe nó mapa.

 

Cuir isteach cadhnraí nua nuair a chluineann tú bíp nó bíog rabhaidh, agus uair amháin sa bhliain.

 

Má tá aláram deataigh deich mbliana agat is gá duit an t-aláram iomlán a chaitheamh amach i ndiaidh deich mbliana agus ceann úr a fháil. De ghnáth, bíonn dáta stampáilte ar an taobh.

 

Ba chóir go mbeadh aláram deataigh amháin, ar a laghad, ar gach urlár tí. Ach más féidir é, ba chóir aláram deataigh a chur sa chistin agus sna seomraí leapa.

 

Má tá duine éigin sa teach bodhar, nó má tá fadhbanna éisteachta acu, tá roghanna eile ann seachas aláram le fuaim, mar shampla stróbshoilse nó pillíní creathacha a thig rabhadh a thabhairt duit i gcás tine.

 

Cuir na haláraim dheataigh isteach ag leibhéal na síleála de réir threoracha an déantúsóra.

 

Má éiríonn an t-aláram deataigh tachta, is féidir nach n-oibreoidh sé mar is ceart. Déan é a fholúsghlanadh agus cuimil an clúdach go rialta.

 

 

Ná déan dearmad

 

Tá aláraim dheataigh ar an chéad líne chosanta le tine a STOPADH. Léiríonn taighde idirnáisiúnta go laghdaítear an baol báis ó thine le 50% má bhíonn aláram deataigh in úsáid agus ag obair. Tugann sé am duit gníomhú sula mbíonn an leibhéal toite agus múiche ina bhaol báis.

 

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO