Donegal County Council Logo

Sa Rannóg Seo

Baile > An Chomhairle > Na Meáin > Preas Eanáir 2020 > Athbheochan Lár Baile Leitir Ceanainn

20-02-20 Athbheochan Lár Baile Leitir Ceanainn a fhad le 2040

I mbliana, seolfaidh Comhairle Contae Dhún na nGall tionscadal lena fhiosrú cén dóigh ab fhearr a bhféadfaí lár baile Leitir Ceanainn a athbheochan le gur áit bhríomhar iomaíoch tharraingteach é le cónaí, le hobair agus le hinfheistíocht a dhéanamh ann.

 

Chun na críche seo, táthar a lorg tairiscintí le Straitéis Athbheochana, ar a dtabharfar ‘Leitir Ceanainn 2040’, a ullmhú. Tá an tionscadal á mhaoiniú faoin Chiste Athnuachana agus Forbartha Uirbí ar gné suaitheantais é de Thionscadal Éire 2040.

 

Dar le Cathaoirleach Cheantar Bardasach Leitir Ceanainn, an Comhairleoir John O’Donnell, go bhfuil ról an phobail sa tionscadal ríthábhachtach nó, ar seisean, ‘Tá an pobal agus muintir Leitir Ceanainn agus an cheantair máguaird, a úsáideann achan lá é, lárnach don tionscadal seo nó is iad is fearr a thuigeann lár an bhaile agus is acusan atá na smaointe is fearr i dtaca leis an chineál áite a thig linn a dhéanamh de. Beidh Comhairle Contae Dhún na nGall ag obair go cruthaitheach le rannpháirtíocht a spreagadh ó gach réimse den phobal agus, go háirithe, ó gach aoisghrúpa agus mholfainn do gach duine a bheith rannpháirteach.’

 

Ag labhairt dó ar Leitir Ceanainn 2040, arsa Liam Ward, Stiúrthóir Forbartha Pobail agus Seirbhísí Pleanála le Comhairle Contae Dhún na nGall, ‘Is deis iontach é seo leis na féidearthachtaí athnuachana a fhiosrú do lár baile Leitir Ceanainn agus le bheith ag smaoineamh faoin chineál áite a thig linn a dhéanamh de lár an bhaile faoi 2040. Breithneoidh an tionscadal seo ar an dóigh a bhfeidhmíonn lár baile Leitir Ceanainn sa lá atá inniu ann, ar na réimsí tosaíochta ó thaobh athbheochana agus athnuachana de agus tiocfaidh sé aníos le réitigh deartha faoi choinne suíomhanna tosaíochta i lár an bhaile.’

 

Arsa Sinéad McCauley, Ceannasaí Tionscadail agus ball d’Fhoireann Athnuachana agus Forbartha Chomhairle Contae Dhún na nGall, ‘Beidh fís, nuálaíocht agus cruthaitheacht ag baint leis an Straitéis Athnuachana i dtaca le dearadh na dtograí úra do lár an bhaile. Tá muid ar lorg foireann ildisciplíneach, go háirithe i dtaca le saineolas ailtireachta agus forbartha uirbí, le bheith ag obair leis an phobal áitiúil agus le treochlár soiléir a dhearadh faoi choinne athnuachan lár an bhaile.  Cuimseoidh sé seo ceantair amhail an Phríomhshráid Íochtarach, Cearnóg an Mhargaidh agus Ceathrú na hArdeaglaise.’

 

Seolfar an tionscadal i dtrátha mhí na Bealtaine, 2020, tráth a thabharfar cuireadh do phobal Leitir Ceanainn páirt a ghlacadh in imeachtaí le smaointe a thiomsú agus le bheith ag smaoineamh ar fhéidearthachtaí athnuachana. Cuirfear níos mó eolais ar na himeachtaí ar fáil ar ball tríd an phreas áitiúil, ar www.donegalcoco.ie agus ar leathanaigh Facebook agus Twitter na Comhairle.

 

Tá na cáipéisí tairisceana ar fáil ar https://www.etenders.gov.ie agus is é an dáta deiridh ar a nglacfar le tairiscintí ná 5pm ar an 20ú Márta 2020. 

 

07/02/20 Boscaí Bruscair Donna Bhun Cranncha le bheith mar Fhócas ag Tionscadal Píolótach Úr

 

Táthar le díriú isteach ar bhoscaí bruscair donna Bhun Cranncha mar chuid de scéim úr phíolótach lena gcothófar feasacht i measc shealbhóirí tí na hÉireann ar na cineálacha bia agus dramhaíola orgánaí ba cheart a chaitheamh amach sa bhosca bruscair dhonn.

 

Tá an tionscadal píolótach á mhaoiniú an Roinn Cumarsáide, Gníomhaithe ar son na hAeráide agus Comhshaoil le cuidiú le sealbhóirí tí Bhun Cranncha níos mó dá gcuid dramhaíola orgánaí a scaradh, agus lena chinntiú nach gcuirtear bia isteach sa bhosca bruscair ghinearálta agus isteach i láithreáin líonta talaimh.

 

Tá an tionscadal á bhainistiú ag na hOifigí Réigiúnacha Bainistithe Dramhaíola agus ag Comhairle Contae Dhún na nGall atá ag obair leis an chomhlacht áitiúil, Logan Waste, ar an tionscadal phíolótach.

 

Meastar go gcaitear aon trian den bhia a cheannaítear in Éirinn achan seachtain ar shiúl, agus go dtéann an leathchuid den dramhbhia seo chuig an bhosca bruscair chontráilte. Bíonn tionchar díobhálach aige seo ar shláinte phoiblí agus ar an timpeallacht agus cuireann sé as don tsealbhóir tí fosta, ó thaobh cúrsaí airgeadais de. 

 

Arsa Suzanne Bogan, Oifigeach Feasachta Dramhaíola le Comhairle Contae Dhún na nGall, “Tchífidh na sealbhóirí tí i mBun Cranncha a fhaigheann seirbhís bhailiúcháin ó Logan Waste greamán úr ar an bhosca bruscair ghinearálta sna seachtainí beaga atá amach romhainn. Is cuidiú a bheas sa ghreamán seo lena chur i gcuimhne dóibh nach ceart dramhaíl orgánach ná bia a chur isteach sa bhosca bruscair ghinearálta ach gur cheart é a chaitheamh sa bhosca bruscair dhonn. Ba cheart an pacáistiú ar fad a bhaint den dramhbhia sula gcaitear ar shiúl é.

 

Arsa Sinéad Ní Mhainnín, Oifigeach Coiscthe Dramhaíola le hOifig Réigiúnach Bainistithe Uisce Chonnacht/Uladh, “In 2018, rinne an Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil suirbhé tréithrithe lena bhfuarthas amach go ndéantar go fóill thart ar 50% den dramhaíl orgánach tí a dhiúscairt sna boscaí bruscair contráilte” 

 

“Táimid muiníneach, ach roinnt meabhrúchán a chur ar na boscaí bruscair i riocht greamáin agus le heolas ar furasta teacht air trí www.mywaste.ie go dtig linn cuidiú le sealbhóirí tí an figiúr seo a ardú go suntasach. Tá na hoifigí bainistithe dramhaíola ag iarraidh, chomh maith, na  sealbhóirí tí sin nach bhfuil bosca bruscair dramhbhia donn acu go fóill a spreagadh lena sheiceáil an bhfuil siad i dteideal ceann a fháil trí theagmháil a dhéanamh leis an bhailitheoir áitiúil dramhaíola.”

 

Cuirfear na greamáin ar bhoscaí bruscair i mBun Cranncha ó lár mhí Feabhra agus iarrfar ar chustaiméirí cuidiú le difríocht a dhéanamh don timpeallacht agus le ról dearfach a bheith acu i leith an ghníomhaithe ar son na haeráide trína gcuid dramhbhia a scaradh agus trí úsáid cheart a bhaint as an bhosca bruscair dramhbhia dhonn.

 

Tá Logan Waste ina mball de Chumann Bainistithe Dramhaíola na hÉireann. Arsa John Logan, de chuid Logan Waste, “Tá lúcháir orainn a bheith mar chuid den tionscadal phíolótach seo a rachas chun sochair don chustaiméir agus don timpeallacht araon.

 

“Tá sé tábhachtach go dtuigeann daoine an méid ba cheart a chur sna boscaí bruscair dramhbhia 140 lítear s’againn, agus go gcinntíonn siad nach gcuirtear an t-ábhar seo sa bhosca bruscair ghinearálta ná sa bhosca athchúrsála tirim. Is é atá i gceist leis an dramhbhia ná craiceann glasraí agus torthaí, duilleoga scaoilte tae, púdar caife, blaoscanna uibhe, an fuílleach ó phlátaí i ndiaidh béilí agus dramhbhia nach bhfuil inite go fóill nó atá imithe as dáta, is cuma cé acu atá sé cócaráilte nó nach bhfuil. Is féidir páipéar cistine agus naipcíní a chur isteach sa bhosca bruscair dramhbhia fosta. Tig sciartha beaga d’ola chócaireachta a chaitheamh isteach fosta. 

 

I ndiaidh dóibh é a bhailiú, tugtar an t-ábhar dramhbhia ón bhosca bruscair dhonn ó thithe uair sa choicís chuig monarcha díleá anaeróbaigh, áit a ndéantar é a chóireáil agus a thiontú go leictreachas glas. Trína chinntiú nach gcuirtear ach na hábhair chearta isteach sa bhosca bruscair dhonn dramhbhia, gearrtar siar ar an éilliúchán agus fágtar go mbíonn níos mó ábhar fóirsteanach lena tiontú go fuinneamh.

 

Tá níos mó eolais ar an athchúrsáil dramhbhia ar fáil ó www.mywaste.ie, Comhairle Contae Dhún na nGall agus Logan Waste.

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO