Donegal County Council Logo

Sa Rannóg Seo

Baile > An Chomhairle > Na Meáin > Preas Eanáir 2020 > Bainistiú Cuairteoirí Cionn Mhálanna

Plean Bainistiú Cuairteoirí do Chionn Mhálanna

24/01/20 Plean Bainistiú Cuairteoirí do Chionn Mhálanna

 

Comhráiteas ó Chomhairle Contae Dhún na nGall agus Fáilte Éireann

 

Tá Comhairle Contae Dhún na nGall agus Fáilte Éireann ag obair i gcomhpháirt le príomh-áisíneachtaí, páirtnéirí gnó agus eagraíochtaí pobail chun Plean Bainistiú Cuairteoirí a chur i bhfeidhm do Chionn Mhálanna. Is é is cuspóir leis an phlean seo ná buntáiste níos mó a bhaint as Cionn Mhálanna mar an pointe sár-radhairc is faide ó thuaidh ar Shlí an Atlantaigh Fhiáin agus treoir a thabhairt i dtaca le forbairt na turasóireachta sa cheantar san am atá amach romhainn, ar dhóigh inbhuanaithe agus ina mbeidh buntáistí eacnamaíochta ann don phobal áitiúil.

 

Rinne Comhairle Contae Dhún na nGall agus Fáilte Éireann próiseas cuimsitheach comhairliúcháin leis an phlean seo a fhorbairt – thosaigh seo i mí na Bealtaine 2019 nuair a d’fhreastail 310 duine ar cheardlanna rannpháirtíochta in Ionad Pobail Chionn Mhálanna, Óstán McGrory i gCúil Dabhcha, i Halla Colgain, Carn Domhnach agus i sráidbhaile Mhálanna. Bhíothas ag plé agus i dteagmháil le páirtithe leasmhara agus leis an phobal áitiúil ar feadh an chuid eile de 2019 de réir mar a bhí an dréachtphlean á ullmhú. I mí na Nollag, iarradh ar an phobal amharc ar an dréachtphlean agus aiseolas a thabhairt maidir leis na dréachtphleananna agus na smaointe ag roinnt imeachtaí i gCionn Mhálanna, i sráidbhaile Mhálanna, i gCarn Domhnach agus i gCúil Dabhcha. Bhí freastal maith ar na himeachtaí seo, agus don chuid is mó is aiseolas dearfach a fuarthas. Cuireadh na dréachtphleananna ar fáil fosta le tuairimí a fháil air ar donegalcoco.ie.

 

Le linn an phróisis chomhairliúcháin, aithníodh roinnt bealtaí le haghaidh siúlóidí sa cheantar, lena bhforbairt. Tá na siúlóidí seo curtha sa dréachtphlean mar smaointe. De bharr imní atá léirithe go háitiúil, ba mhaith leis an dá eagraíocht seo a chur in iúl d’fheirmeoirí áitiúla agus d’úinéirí talún nach ndéanfar aon dul chun cinn ná aon fhorbairt ar na siúlóidí seo gach dul i gcomhairle go mór leis na húinéirí talún atá i gceist.

 

Tá Comhairle Contae Dhún na nGall agus Fáilte Éireann tiomanta chun bheith ag comhoibriú le gach páirtí leasmhar sa cheantar chun plean a fhorbairt a chruthóidh deiseanna ar leith ar fáil i dtaca leis an turasóireacht agus forbairt eacnamaíochta i gCionn Mhálanna. 

 

Liam Ward                                                                              Miriam Kennedy

Comhairle Contae Dhún na nGall                                                             Fáilte Éireann

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO