Donegal County Council Logo

Sa Rannóg Seo

Baile > An Chomhairle > Na Meáin > Preas Eanáir 2020 > Bealtaine 2020 ar ceal

30/04/2020 Bealtaine 2020 ar ceal

Is cúis mhór díomá do Rannán Cultúir Chomhairle Contae Dhún na nGall a fhógairt go bhfuil Féile Bealtaine 2020 curtha ar ceal, féile a cheiliúrann na healaíona agus an chruthaitheacht do dhaoine atá ag dul anonn in aois.  

Ós rud é go bhfuil cúrsaí ag athrú maidir le paindéim Covid-19, agus ag cloí le moltaí an rialtais, shocraigh muid to bhfuil sé róchontúirteach do na rannpháirtithe, don lucht féachana agus freastail, agus d’ealaíontóirí leanúint ar aghaidh leis an phleanáil d’Fhéile Bealtaine 2020.  

 

Bhí clár iontacht de ghníomhaíochtaí cultúrtha curtha i dtoll a chéile againn a bheadh ar siúl ar fud Chontae Dhún na nGall.  Ba mhaith linn ár mbuíochas a ghabháil leis na healaíontóirí, taibheoirí agus comhpháirtithe as ucht a gcuid oibre.  Beidh muid ar ais arís in 2021, níos láidre agus le sláinte mhaith, agus beidh Féile Bealtaine níos mó agus níos gile againn.

 

Idir an dá linn, coinnigh slán agus coinnigh súil amch fá choinne imeachtaí eile atá ar na bacáin a dtig leat a bheith páirteach iontu sna seachtainí agus sna míonna amach romhainn ar leathanach Facebook Leabharlann Chontae Dhún na nGall.  Nó mar mhalairt air sin, féach leat www.bealtaine.ie le haghaidh imeachtaí ealaíne agus cruthaitheachta.

 

Tchífidh muid sibh uilig in 2021 agus coinnigh slán agus coinnigh spás fisiciúil.

 

Rannán Cultúir Chomhairle Contae Dhún na nGall

 

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO