Donegal County Council Logo

Sa Rannóg Seo

Baile > An Chomhairle > Na Meáin > Preas Eanáir 2020 > Buaiteoirí Grianghrafadóireachta

PREAS - Samhain 2020 Buaiteoirí sa Chomórtas Grianghrafadóireachta

Is le gliondar croí a fhógraíonn Turasóireacht Dhún na nGall na buaiteoirí óna gcomórtas le gairid dar teideal ‘Faigh amach cad é atá ar leac do dhorais féin’.  Léirigh an 1,200 iontrálacha, a bhí ar chaighdeán thar na bearta,  radharcanna galánta as gach cearn den chontae.  Le cuidiú Dé, nuair a bheas cead ár gcinn againn, meallfaidh na pictiúirí draíochtúla seo muid chuig na háiteanna seo ar fud an chontae go háirithe go dtí na háiteanna rúnda diamhara nach raibh ar eolas againn roimhe seo.

 

Agus an comórtas grianghrafadóireachta faoi chaibidil aici, dúirt Cathaoirleach Chomhairle Contae Dhún na nGall, an Clr Rena Donaghey go bhfuil ‘cuid de na radharcanna is áille agus nithe is spreagúla sa tír againn anseo i nDún na nGall agus ní bhréagnaíonn líon na n-iontrálacha an méid sin.

 

Is léir ó líon na n-iontrálacha a fuair muid ón Eoraip go bhfuil an-mheas agus grá ag daoine ar ár gcontae agus ar na hacmhainní atá ar fáil anseo.  Tréaslaím le gach uile dhuine a ghlac páirt sa chomórtas agus go háirithe le buaiteoirí an chomórtais.   Tá mé ag súil go mór leis an am nuair a bheas faill agus cead againn tuilleadh a fhoghlaim faoi cad é atá ar fáil againn ar leac ár ndorais féin i nDún na nGall’.

 

An grianghraf sa chéad áit san iomlán:  Cadhcáil ag Oileán Uaighe le Sinead McCahey

 

Is de réir an cheantair i nDún na nGall inar glacadh iad a rinneadh na grianghraif ar fad a mheas.

 

Gheobhaidh an té a ghlac an grianghraf is fearr i ngach Ceantar Bardasach dearbhán €100 d’Óstán Dhún na nGall agus gheobhaidh an mórbhuaiteoir Ceamara de dhéantús Canon.

 

Is iad seo a leanas na buaiteoirí:

 

 Mórbhuaiteoir:  Cadhcáil ag Oileán Uaighe le Sinead McCahey

 

An grianghraf is fearr i gCeantar Bardasach Dhún na nGall:  

Trá na dTulán,  Bun Dobhráin le John Carver.

 

An grianghraf is fearr i gCeantar Bardasach na nGleanntach:

Cuan Ghaoth Dobhair le Naoise O’Baoill;

 

An grianghraf is fearr  i gCeantar Bardasach Inis Eoghain:

Grianán Ailigh le Lee Morrow;

 

An grianghraf is fearr tógtha i gCeantar Bardasach Leitir Ceanainn agus Bhaile na nGallóglach:

Loch As Allt le Treasa G Frazer;

 

An grianghraf is fearr  i gCeantar Bardasach Shrath an Urláir: Loch an Troisc le Bronagh Marnie

 

Comhghairdeas lenár mbuaiteoirí ar fad!

Ba mhaith linn buíochas a ghabháil le gach duine a ghlac páirt sa chomórtas agus a chomhroinn a n-áiteanna speisialta i nDún na nGall linn. Beidh tuilleadh de na grianghraif seo á thaispeáint againn sna míonna amach romhainn agus spreagfaidh siad muid chun  tuilleadh de Dhún na nGall a fheiceáil.  

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO