Séamus Mac Conghaola sa phictiúr a glacadh í Mí Eanáir 2020 ag Gradaim Laochra Spóirt Dhún na nGall. Sa phictiúr, tá Grace Boyle, Cathaoirleach ar Ghradaim Laochra Spóirt Dhún na nGall, Cathaoirleach, An Clr Nicholas Crossan, agus an t-aoi speisialta,
Rob Heffernan ag bronnadh an Phríomhghradaim Laochra Spóirt do 2019 ar Brendan Boyce.
Tá a mbuíochas curtha in iúl ag Coiste Ghradaim Laochra Spóirt Dhún na nGall do Phríomh-Fheidhmeannach Chomhairle Contae Dhún na nGall, Séamus Mac Conghaola as an tacaíocht a thug sé don eagraíocht thar a thréimhse deich mbliana mar Phríomh-Fheidhmeannach ar Chomhairle Contae Dhún na nGall, post a d’éirigh sé as an tseachtain seo caite. B’í an Chomhairle Contae príomhurraitheoir na ngradam le fada an lá agus chuir an tacaíocht sin ar chumas an choiste a ndícheall a dhéanamh i gcónaí chun ócáid speisialta a reáchtáil daofa siúd a bhí ainmnithe do na gradaim, dá dteaghlaigh agus dá gcairde araon.
Dúirt an Cathaoirleach, Grace Boyle, go raibh an tUasal Conghaola i dtólamh iontach soiléir fan mhaitheas a rinne sé don Údarás Áitiúil a bheith ceangailte le Gradaim Laochra Spóirt Dhún na nGall agus go bhfuil an ceangal sin ag dul siar go dtí deireadh na 1970idí.
‘Tá sé thar a bheith tábhachtach aitheantas cóir a thabhairt daofa siúd a bhfuil éacht bainte amach acu sa spórt, bíodh sin ag leibhéal faoi aois nó os a chionn, mar go gcuireann sé go mór le sláinte an choirp agus le meabhairshláinte, gan tracht ar na buntáistí sóisialta a ghabhann leis. Bhí rannpháirteachas na scoileanna mar chuid lárnach de na gradaim ón chéad lá riamh agus is ar an chonlán sin a chur an Chomhairle suim sna gradaim chomh fada siar leis na 1970idí agus caithfidh mé a rá nach ndearna Séamus Mac Conghaola aon neamart ar an iomaire a treabhadh sa ghort sin ó ceapadh é mar Phríomh-Fheidhmeannach sa bhliain 2010.
Is í an Chomhairle ár n-úraitheoir faoi leith agus bhí an t-ádh dearg orainn go raibh a leithéid de Phríomh-Fheidhmeannach againn a thug a bheannacht dár gcuid saothair, mar a rinne a mhacasamhail a riamh anall, agus go raibh muid in ann ócáid mhór shóisialta a reáchtáil chun ár laochra spóirt a chur i lár an aonaigh ag an oíche cheiliúrtha is mó i nDún na nGall’, a dúirt Bean Uí Bhaoill.
‘Shuigh an tUasal Conghaola gualainn ar ghualainn le cuid de na laochra spóirt is clúití i spórt na hÉireann nuair a bhí siad i láthair mar aíonna speisialta ag searmanas bronnta na ngradam. Ina measc, bhí an tráchtaire iomráite ar chúrsaí CLG le RTÉ, Mícheál Ó Muircheartaigh, Tony Ó Donoghue, Príomh-Chomhfhreagraí Sacair ar Theilifis RTE, Cóitseálaí Dornálaíochta Oilimpeach Billy Walsh, Seán O'Rourke Craoltóir Morning Ireland ar RTE, an t-oilimpeach, Maeve Kyle, Imreoir Snúcair Idirnáisiúnta Ken Doherty, Ruby Walsh, an marcach clúiteach a bhfuil neart bonn bainte aige, Rob Heffernan, a bhain bonn sna Cluichí Oilimpeacha.
Bhí Séamus ar an ardán i gcuideachta lucht bronnta na ngradam nuair a bronnadh na Gradaim Fhoriomlána ar Yvonne McMonagle, Jim Doherty, Karl Lacey, Jason Quigley, Mark English (faoi dhó), Manus Kelly agus Donall Barrett, an lúthchleasaí Sommer Lecky, agus arís i mí Eanáir seo caite, nuair a bronnadh gradam buaiteora ar Brendan Boyce, siúlóir rasa sna Cluichí Oilimpeacha.
Bhí Séamus Mac Conghaola agus a bhean Anne ina n-aíonna speisialta ag gach searmanas bronnta na ngradam ó ceapadh é mar Phríomh-Fheidhmeannach in 2010 agus rinne sé i bhfad ní ba mhó ná mar a bhí de dhualgas air a dhéanamh chun an ócáid a chur i lár an aonaigh. Chan amháin sin, bhí sé ar fáil gach mí Eanáir do sheoladh na ngradam, agus b’iomaí uair a rinne sé dreas fótagrafaíochta ar gearrfhógra chun ár bpróifíl a ardú sna meáin áitiúla, agus ba mhinic a tharla sin le linn cruinnithe de chuid na Comhairle i Leifear.
‘Ba mhaith linn an deis seo a ghlacadh chun ár mbuíochas ó chroí a ghabháil le Séamus as a bheith mar chrann taca iontach dúinn le 10 mbliana anuas agus guíonn muid gach rath air san am amach romhainn’, a dúirt Bean Uí Bhaoill.
Deireadh.