Donegal County Council Logo

Sa Rannóg Seo

Baile > An Chomhairle > Na Meáin > Preas Eanáir 2020 > Cathaoirleach maidir le Deontas Atosaithe

20/07/20 Iarrann an Cathaoirleach ar ghnólachtaí i nDún na nGall cur isteach ar Dheontas Atosaithe

D’iarr Cathaoirleach Chomhairle Contae Dhún na nGall, An Clr. Rena Mhic Dhonnchaidh, inniu ar ghnólachtaí i nDún na nGall cur isteach ar an Deontas Atosaithe ó Chomhairle Contae Dhún na nGall.

 

“Go dtí seo tá iarratas déanta ag 1,600 gnólacht ar an Deontas Atosaithe i nDún na nGall, agus tá €3.4m íoctha cheana féin ag an Chomhairle agus tá fuílleach na n-iarratas á bpróiseáil faoi láthair.   Tá lúcháir orm na gnólachtaí seo a fheiceáil ag cur isteach ar an deontas seo, ach ba mhaith liom a chur ina luí ar dhaoine fosta go bhfuil an scéim ar oscailt go fóill go dtí 31 Lúnasa agus mholfainn do gach gnólacht cáilithe i nDún na nGall cur isteach ar an deontas seo, atá i ndiaidh teacht i dtarrtháil ar chuid mhór gnólachtaí ar thit mórán costais bhreise orthu chun cloí le riachtanais sláinte phoiblí le linn Covid.   Tá breis agus 5,000 íocóir rátaí tráchtála i nDún na nGall, mar sin de tá níos mó gnólachtaí amuigh ansin atá i dteideal iarratas a dhéanamh agus molaim go láidir dóibh sin a dhéanamh.” 

 

Cuireann an Scéim deontais dhíreacha ar fáil do ghnólachtaí chun cuidiú leo íoc as na costais a bhaineann lena ngnólachtaí a athoscailt agus a choinneáil oscailte agus oibrithe a athfhostú i ndiaidh srianta Covid-19.

 

Le bheith incháilithe, ní mór do ghnólachtaí bheith ina ngnólacht tráchtála inrátaithe agus teacht isteach níos lú ná €5 mhilliún sa bhliain acu agus 50 fostaí nó níos lú ná sin a bheith acu; caillteanas measta 25% sa teacht isteach a bheith acu ón 1 Aibreán go deireadh mhí Mheithimh; gealltanas a thabhairt go bhfanóchaidh siad ocailte, nó go n-athosclóidh siad má tá siad druidte; agus a fhógairt go bhfuil sé de rún acu fostaithe a choinneáil atá ar an Scéim Shealadach Fóirdheontais Tuarastail.  Tá an deontas iníoctha ar aon dul le bille rátaí na gnólachta in 2019, agus íocfar €2,000 ar a laghad, suas go dtí €10,000 ar a mhéad.

 

Agus í ag caint ag cruinniú na Comhairle inniu thug an Cathaoirleach aitheantas fosta don chur chuige réamhghníomhach atá glactha ag Comhairle Contae Dhún na nGall chun tacú le gnólachtaí ag an am iontach crua seo agus rinne tagairt do ról na hOifige Fiontair Áitiúil (LEO) a thug tacaíocht do ghnólachtaí le linn dhianghlasáil Covid trí suas le 600 Dearbhán Leanúnachais Gnó, agus 189 Dearbhán Trádála ar Líne, a cheadú.   Lena chois sin, fuair 110 gnólacht tacaíocht meantóireachta ó LEO le linn na tréimhse seo chomh maith le réimse de sheimineáir ghréasáin ag díriú ar earnálacha éagsúla agus ag plé le réimse saincheisteanna.

 

Bhí Óstán an Radisson i Leitir Ceanainn i measc na ngnólachtaí sin a bhain úsáid as na tacaíochtaí éagsúla agus creideann an Stiúrthóir Bainistíochta Paul Byrne gur chuidigh na tacaíochtaí seo chun na dúshláin a bhain leis an óstán a athoscailt a mhaolú.

 

“Bhí lúcháir orainn an Deontas Atosaithe a fháil ó Chomhairle Contae Dhún na nGall.  Tríd an scéim deontais seo, cuireadh foinse airgid sciobtha, a raibh géarghá leis, ar fáil i ndiaidh míonna de ghnólachtaí bheith druidte, agus bhí sin an-tábhachtach chun gnólachtaí a atoiseacht, oibrithe a athfhostú agus réimse beart riachtanach a chur i bhfeidhm leis na caighdeáin is airde sláinte agus sábháilteacha a chinntiú ar fud an óstáin.  Mholfainn do gach gnólacht i nDún na nGall leas a bhaint as an réimse tacaíochtaí atá ar fáil ón rialtas agus ar féidir leo cuidiú go mór leis an bhrú a bhaineann le gnólacht a atoiseacht a mhaolú.”

 

Bhain Christopher Molloy, comhúinéir agus cócaire le Bialann an Chrainn Líomóidí i Leitir Ceanainn feidhm as an Scéim Deontais Atosaithe fosta agus dúirt sé gur tacaíocht fhíorthábhachtach a bhí ann chun cuidiú le solúbhthacht agus acmhainneacht ghnó a thógáil mar fhreagairt ar na dúshláin a bhaineann le Covid-19.

 

“Bhí lúcháir orainn an Deontas Atosaithe a fháil ó Chomhairle Contae Dhún na nGall, rud a chuidigh linn dul i mbun oibre láithreach le trealamh úr agus seirbhísí e-tráchtála, a chuir infheistíocht riachtanach airgid ar fáil in am gairid.  Bhí muid in ann seirbhís úr idirlín cliceáil agus bailigh a thabhairt isteach go gasta, chomh maith le haiste freastail sráide úr agus seirbhís itheacháin lasmuigh.  Bhí muid in ann córas úr nuálach le haghaidh orduithe a thabhairt isteach, agus a ligeann do chustaiméirí amharc ar bhiachláir trí chód QR ón tábla, rud a laghdaíonn an teagmháil fhisiciúil.  Chuir an Deontas Atosaithe ar chumas an ghnólachta athruithe a dhéanamh go gasta, tuilleadh acmhainneachta a thógáil mar fhreagairt ar na dúshláin ó Covid-19 agus bhí an próiseas chun iarratas a dhéanamh go deas furasta.”

 

Is féidir iarratais a dhéanamh ar líne ag https://restartgrant.donegalcoco.ie/RESTART.aspx agus is é an 31 Lúnasa 2020 an dáta deireanach a ghlacfar le hiarratais.

 

Tá tuilleadh eolais ar fáil ach ríomhphost a chur chuig  [email protected] agus tá ceisteanna coitianta le feiceáil ar http://www.donegalcoco.ie/ie/cisteatosaithedoghnolachtai/ 

 

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO