Donegal County Council Logo

Sa Rannóg Seo

Baile > An Chomhairle > Na Meáin > Preas Eanáir 2020 > Cearnóg an Mhargaidh, Spás do Dhaoine

27/07/20 Cearnóg an Mhargaidh, Leitir Ceanainn - Spás le haghaidh Daoine

Market Square

An Clr Dónal Mac Giolla Chóill, Cathaoirleach ar Cheantar Bardais Leitir Ceanainn, An Clr. Kevin Bradley, Jimmy Stafford, Uachtarán ar Chomhlachas Leitir Ceanainn, Toni Forrester, Príomh-Fheidhmeannach ar Chomhlachas Tráchtála Leitir Ceanainn, Eunan Quinn, Comhairle Contae Dhún na nGall agus Sinead McCauley, Comhairle Contae Dhún na nGall.

 

Comórtas Dearaíochta Ailtireachta lenár Spás Poiblí a Athshamhlú

 

Tá Comhlachas Tráchtála Leitir Ceanainn, i gcomhpháirt le Comhairle Contae Dhún na nGall, ag reáchtáil comórtais leis an spás poiblí ag Cearnóg an Mhargaidh, Leitir Ceanainn, a athshamhlú.

 

Tá an comórtas ar lorg moltaí dearaíochtaí do Chearnóg an Mhargaidh, Leitir Ceanainn, a úsáideann ailtireacht agus dearadh chun spás iontach a chruthú ar mhaith le daoine dul ann agus am a chaitheamh ann.  Samhlóidh na tograí deartha coincheapúla cad é mar is féidir le Cearnóg an Mhargaidh a bheith ina spás lárnach poiblí a chuireann croí agus anam Leitir Ceanainn agus a phobail in iúl agus a chomhlíonann na riachtanais úsáide le haghaidh spás poiblí sibhialta i lár an bhaile.

 

Agus é ag seoladh an chomórtais, dúirt Jimmy Stafford, Uachtarán ar Chomhlachas Tráchtála Leitir Ceanainn: “Tá lúcháir orainn an comórtas spreagúil seo a sheoladh i gcomhpháirt le Comhairle Contae Dhún na nGall chun Cearnóg an Mhargaidh a athshamhlú agus smaointiú ar an dóigh a bhféadfaimis í a fheabhsú mar spás poiblí ilfheidhmeach a spreagfaidh an pobal le é a úsáid agus a mheallfaidh siúl mór daoine go lár Leitir Ceanainn agus fanacht níos faide anseo.  Tchímid seo mar thogra iontach tábhachtach chun tacú le gnólachtaí áitiúla go háirithe i ndiaidh Covid-19 nuair atá na spásanna taobh amuigh sna lárbhailte níos riachtanaí ná riamh le haghaidh gnó agus tráchtála.’  

 

Dúirt an Clr. Dónal Mac Giolla Chóill, Cathaoirleach ar Cheantar Bardais Leitir Ceanainn: “Tá an Comórtas Ailtireachta seo ina chéim chun tosaigh san obair leanúnach atá ar siúl againn le tionscadail athnuachana a chur chun cinn i Leitir Ceanainn, agus meallfaidh sé saineolas cruthaitheach chun an Chearnóg a athshamhlú agus chun smaointiú ar an dóigh ar féidir dó bheith ina spás poiblí níos fearr do mhuintir Leitir Ceanainn agus do chuairteoirí.  Tá an tionscadal ar cheann de na tograí athnuachana atá ann le lár an bhaile i Leitir Ceanainn a fheabhsú agus a athnuachan, ina measc tionscadal suntasach chun Straitéis Athnuachana a ullmhú do lár an bhaile agus a sheolfar thart ar mhí Mheán Fómhair i mbliana agus a chruthóidh múnlaí deartha do shuíomhanna eile lár baile a bhfuil tábhacht leo.’

 

Rinne Toni Forrester, Príomh-Fheidhmeannach le Comhlachas Tráchtála Leitir Ceanainn, tagairt d’acmhainneacht na ngnólachtaí agus an phobail i Leitir Ceanainn agus is é a dúirt sé: ‘Is áit iontach í Leitir Ceanainn agus is mian linn an oiread tacaíochta agus is féidir a thabhairt don phobal gnó s’againn.  Aithnímid gur féidir le Leitir Ceanainn a bheith ina dheis níos tarraingtí le haghaidh infheistíochta trí chomhfhorbairt áite, dearadh uirbeach agus ailtireacht a dhéanamh ar bhonn cruthaitheach agus spreagúil, chun obair i dtreo lár baile níos tarraingtí agus níos folláine a roghnóidh gnáthdhaoine, lucht tallainne agus infheisteoirí níos mó ama a chaitheamh ann, cónaí ann, obair ann, infheistiú ann agus dul ann ar cuairt.   Creidimid go bhfuil Cearnóg an Mhargaidh ag croílár na hoibre seo, go stairiúil agus go heacnamúil, agus mar gheall air sin tá muid ar bís leis na féidearthachtaí agus dearaíochtaí a fheiceáil le haghaidh Chearnóg an Mhargaidh a éireoidh as an tionscadal seo’.

 

Tá an comórtas ar oscailt do ghairmithe agus do scoláirí san ailtireacht nó ábhair ghaolmhara eile, agus is é an dáta deiridh le haghaidh iarratais a fháil ná 4pm ar an 4 Meán Fómhair 2020.  Tá duais €8,000 ar fáil don dearadh a bhuann.

 

Déanfaidh painéal moltóireachta na hiontrálacha a mheasúnú agus moltaí dearaíochta a ghearrliostú.  Cuirfear na moltaí dearaíochta atá gearrliostaithe ar taispeáint le go dtig leis an phobal guth a bheith acu sa phróiseas agus iarrfar ar an phobal an dearadh is fearr leo a roghnú.  Beidh ionchur ag an chomhairliúchán pobail seo sa chinneadh deireanach a dhéanfaidh an painéal measúnaithe.  Is féidir go gcuirfear an dearadh buaiteach ar aghaidh chuig Cuid VIII (céim phleanála) ina iomláine nó i bhfoirm oiriúnaithe in am is i dtráth.

 

Is féidir tuilleadh eolais maidir leis an chomórtas a fháil anseo.

 

Tá suirbhé topagrafach den limistéar ar fáil trí ríomhphost a chur chuig [email protected]

 

Is comhpháirtíocht é an tionscadal seo idir Comhlachas Tráchtála Leitir Ceanainn agus Seirbhísí Pleanála Chomhairle Contae Dhún na nGall agus an Fhoireann Athnuachana agus Forbartha.

 

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO