Donegal County Council Logo

Sa Rannóg Seo

Baile > An Chomhairle > Na Meáin > Preas Eanáir 2020 > Cláraigh le haghaidh Sheachtain na hOidhreachta

23/06/20 Cláraigh Tograí le haghaidh ‘Seachtain na hOidhreachta’

Seachtain na hOidhreachta 2020 - Lógó

 

Tá an Chomhairle Oidhreachta ag tabhairt cuireadh do dhaoine aonair, d’eagraíochtaí oidhreachta agus do choistí pobail tograí a bhaineann leis an oidhreacht nádúrtha, thógtha agus chultúrtha a chlárú, agus tabhairt fúthu, chun iad a chur i gcrích le linn Sheachtain na hOidhreachta (Dé Sathairn, 15 Lúnasa - Dé Domhnaigh, 23 Lúnasa).    Is é téama na bliana seo ‘Oidhreacht agus Oideachas: Ag foghlaim ónár nOidhreacht’ agus táthar ag spreagadh daoine leis an oidhreacht atá ar leac an dorais againn a fhiosrú, scil thraidisiúnta a fhoghlaim, nó oidhreacht an oideachais a fhiosrú.   Tá an córas chun tograí a chlárú ar líne oscailte anois ar shuíomh idirlín Sheachtain na hOidhreachta (www.heritageweek.ie) agus cuirfear gach togra atá cláraithe le haghaidh Sheachtain na hOidhreachta san áireamh do Ghradaim Sheachtain na hOidhreachta.  

 

“Beidh Seachtain na hOidhreachta difriúil i mbliana” a mhínigh Joseph Ó Gallchóir, an tOifigeach Oidhreachta do Chontae Dhún na nGall.   “Bhí an-bhaint i gcónaí ag daoine aonair, ag eagraíochtaí oidhreachta agus ag coistí pobail le Seachtain na hOidhreachta i gContae Dhún na nGall.  Cé go bhfuil athrú ar leagan amach Sheachtain na hOidhreachta i mbliana de bharr na srianta mar fhreagairt ar phaindéim COVID-19, tá an cur chuige úr ag spreagadh daoine chun a gcuid eolais, agus a n-eispéireas maidir lena n-oidhreacht áitiúil féin, a chomhroinnt.   Nuair a chláróidh daoine tograí ar shuíomh idirlín Sheachtain na hOidhreachta, beidh teacht acu ar acmhainní éagsúla ar líne chun tacú le tograí a chuideoidh le daoine taighde a dhéanamh, tograí a chur i láthair, físeáin agus fuaim a thaifeadadh, podchraoladh a dhéanamh, imeachtaí fíorúla a reáchtáil agus feachtais meáin shóisialta a reáchtáil.”

 

Aithníodh trí fho-théama leathana le haghaidh tograí a thagann faoin téama ginearálta ‘Ag Foghlaim ónár nOidhreacht’, is iad sin:

  • OIDHREACHT AR LEAC AN DORAIS a chlúdaíonn tograí chun eolas áitiúil a fhiosrú agus a bhailiú faoi shéadchomhartha seandálaíochta, foirgneamh sainchomhartha, nósanna nó traidisiúin áitiúla, gnéithe den tírdhreach nó scéalta ón phobal áitiúil.
  • Scil thraidisiúnta a chomhroinnt nó a athfhoghlaim a chlúdaíonn tograí a scrúdaíonn scileanna atá dearmadta nó tite i léig, le iad a chomhroinnt leis an ghlúin óg, ina measc ceardaíochtaí, scileanna nó ceirdeanna a raibh clú ar an phobal astu roimhe seo; leighis thraidisiúnta a úsáideadh chun dul i ngleic le gnáth-thinnis agus gnáthphianta, agus a bhí uathúil don cheantar, a fhiosrú; agus taighde a dhéanamh ar oidis thraidisúnta bhia agus ar na modhanna le bia a ullmhú agus a choinneáil síos tríd na blianta. 
  • Oidhreacht an oideachais a chlúdaíonn tograí a d’fhiosródh an stair atá ag seanscoil; Bailiúchán na Scol ó na 1930aidí a scrúdú; tuiscint níos fearr a fháil ar scoil scairte áitiúil nó lonnaíocht mhanach; agus ag fiosrú cad é mar a d’athraigh cúrsaí scolaíochta le himeacht ama.

 

“Le linn na dianghlasála, tháinig meas agus tuiscint níos fearr chuig daoine - i gceantracha uirbeacha agus tuaithe araon - maidir leis an timpeallacht thart orthu” a dúirt Michael Parsons, Cathaoirleach ar an Chomhairle Oidhreachta.    “De bharr na srianta, bhí orainn athcheangal a dhéanamh leis an cheantar is cóngaraí thart orainn, agus smaointiú faoin mhéid is féidir a aimsiú ann, bíodh sin ag cur sonrú sna héanacha agus a gcuid ceoil, sa dóigh a n-athraíonn plandaí agus fiadhúlra ón earrach go dtí an samhradh, nó san oidhreacht thógtha agus séadchomharthaí.  Tá daoine eile i ndiaidh pilleadh ar na scileanna traidisiúnta, an bhácáil, ag fás torthaí agus glasraí nó an cheardaíocht, amhail an chniotáil agus an bhroidnéireacht.   Is é a dhéanann Seachtain na hOidhreachta, agus go háirithe téama na bliana seo ‘Oidhreacht agus Oideachas: Ag Foghlaim ónár nOidhreacht’ go dtugann sé deis dúinn tógáil ar an spéis athmhúscailte seo, trí scileanna agus eolas atá ar marthain sa phobal a comhroinnt; ag baint triail as rud éigin úr nó ag tumadh isteach níos doimhne i scéal a dtáinig tú air le gairid; nó ag obair mar theaghlach chun scil a athnuachan.  Molaim do gach duine a bhfuil spéis, díograis nó saineolas acu maidir le haon ghné dár n-oidhreacht shaibhir smaointiú air sin a chur le chéile agus togra a chur isteach le haghaidh Sheachtain Náisiúnta na hOidhreachta, agus é a chomhroinnt leis an phobal náisiúnta níos leithne.”

 

Is féidir tograí oidhreachta a léiriú agus a thaispeáint le linn Sheachtain Náisiúnta na hOidhreachta trí mhodhanna ar nós cainteanna ar líne, taispeántais, físeáin, podchraoltaí, taispeántais sleamhnán, blaganna, clúdach sna meáin chumarsáide, suíomhanna idirlín ar leith, clúdach sna meáin shóisialta nó cruinnithe beaga sóisialta a chloíonn le comhairle oifigiúil i dtaca le sláinte phoiblí.    Tá an tSeachtain Oidhreachta Náisiúnta á comhordú ag an Chomhairle Oidhreachta agus Oifigigh Oidhreachta na nÚdarás Áitiúil le tacaíocht ón Roinn Cultúir, Oidreachta agus Gaeltachta agus Fáilte Éireann.  Is é is aidhm le Seachtain Náisiúnta na hOidhreachta na aird an phobail a dhíriú ar an oidhreacht, agus cur lena dtuiscint di, chomh maith le heolas a scaipeadh faoin obair mhór atá ar siúl i measc na bpobal ar fad in Éirinn leis an hoidhreacht nádúrtha, thógtha agus chultúrtha atá againn a chaomhnú, a bhuanú agus a chur chun cinn.  Tá Seachtain Náisiúnta na hOidhreachta mar chuid de Laethanta Oidhreachta na hEorpa, comhthionscnamh de chuid Chomhairle na hEorpa agus an Aontais Eorpaigh a nglacann breis agus daichead tír páirt ann gach bliain.  Tá tuilleadh eolais faoin dóigh le bheith páirteach i Seachtain Náisiúnta na hOidhreachta ar fáil ar líne ar www.heritageweek.ie, trí rphost ag [email protected] nó ar an ghuthán 1850 200 878

 

CRÍOCH

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO