17/01/20 Eolas tábhachtach maidir leis an Olltoghchán a bheas ar siúl ar an 8 Feabhra 2020
Má chláraigh tú le vótáil i ndiaidh 7 Bealtaine 2019 (an dáta druidte le bheith cláraithe ar an Fhorlíonadh don Liosta Vótóirí a foilsíodh do na Toghcháin Áitiúla, 2019) agus ar, nó roimh, an 25 Samhain 2019 (an dáta druidte le bheith san áireamh ar an Dréachtliosta Vótóirí le haghaidh 2020/2021), beidh d’ainm san áireamh sa Liosta Forlíonta a fhoilseofar don Olltoghchán atá ar na bacáin.
Mura bhfuil tú cláraithe le vótáil, is é an spriocdháta le go mbeidh Iarratais RFA2 faighte againn (le bheith san áireamh ar an Fhorlíonadh don Liosta Vótóirí 2019/2020) agus Iarratais RFA3 faighte againn (athrú seoladh baile) ná Dé Céadaoin 22 Eanáir, 2020.
Fá choinne tuilleadh eolais féach anseo nó déan teagmháil leis an Oifig Vótaíochta trí scairt a chur ar 074 91 53900