Donegal County Council Logo

Sa Rannóg Seo

Baile > An Chomhairle > Na Meáin > Preas Eanáir 2020 > Colm Cille 1500 - Togra Béaloidis Scoile

23-09-20 Colm Cille 1500 – Togra digiteach na scoileanna ar an bhéaloideas

 

 

1500 bliain ó shin a rugadh Naomh Colm Cille i nGartán, Co Dhún na nGall agus déanfar ceiliúradh in ómós dó in 2020 – 2021.

 

Iarrann Seirbhís Leabharlainne Chomhairle Contae Dhún na nGall agus Leabharlanna TÉ tairiscintí ó dhaoine aonair nó eagraíochtaí a bhfuil an ábaltacht chuí acu chun leagan athshamhlaithe de Bhailiúchán Bhéaloideas na Scoileanna a bhaineann le Colm Cille a fhorbairt agus a sheachadadh.

 

Is é a bheas i gceist sa togra seo ná ceardlanna a dhearadh, a fhorbairt agus a sheachadadh do pháistí bunscoile i gContae Dhún na nGall agus i gContae Dhoire.

Ullmhóidh an t-éascaitheoir leagan ar líne de na ceardlanna, más rud é go bhfuil na scoileanna druidte ag an am mar gheall ar shrianta COVID-19.

 

Ansin roghnófar na scéalta, cuirfear iad i dtoll a chéile agus déanfar taifead de na páistí ag léamh a gcuid scéalta féin.

Déanfar an scéal a roghnófar a bheochanú agus cuirfear é ar fáil ar líne.

 

Críochnóidh an tionscadal le seóthaispeántas ina mbeidh an scéala beoite le feiceáil don chéad uair. 

 

 

Bainfidh an togra iontach seo úsáid as teicneolaíocht nua-aimseartha agus as cúrsaí beochana chun scéal Colm Cille a nuashonrú agus a athbheochan ar bhealach nua bríomhar agus spleodrach do lucht féachana sa 21ú haois.

 

Is é an dáta deiridh chun gach thairscint a fháil ná 12.00in an 7 Deireadh Fómhair.

 

Tá tuilleadh eolais faoin togra ar fáil anseo nó is féidir teagmháil a dhéanamh le - Una Mathewson ag - [email protected] nó le - Donna Cavanagh ag-  [email protected]

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO