Donegal County Council Logo

Sa Rannóg Seo

Baile > An Chomhairle > Na Meáin > Preas Eanáir 2020 > Comhairleoirí ceaptha ar scéimeanna faoisimh tuilt

24/07/20 Comhairleoirí ceaptha ar scéimeanna faoisimh tuilte i nDún na nGall

Tá Comhairle Contae Dhún na nGall, i gcomhpháirt le hOifig na nOibreacha Poiblí, i ndiaidh RPS Consulting Engineers Ltd a cheapadh le comhairleoireacht innealtóireachta agus timpeallachta a dhéanamh do na ceithre scéim faoisimh tuilte i mBun na hAbhann, Caisleán na Finne, na Dúnaibh agus na Gleannta.

 

 

 Bainfidh an cúigiú baile, mar atá An Cheathrú Chaol, tairbhe as scéim faoisimh tuilte fosta, agus is meitheal innealtóirí ó Chomhairle Contae Dhún na nGall agus Oifig na nOibreacha Poiblí a dhéanfaidh an obair sin ag an am céanna.

 

 

Nuair a bheas siad curtha i gcrích, tabharfaidh na scéimeanna cosaint ó thuilte ar fáil do thithe agus áitribh ghnó chomh maith le háiseanna pobail eile agus bonneagar bardais.

 

Sa bhreis ar na cúig scéim seo, fuarthas tairiscintí i dtaca le coimisiún le haghaidh seirbhísí comhairleoireachta innealtóireachta agus timpeallachta do scéimeanna faoisimh tuilte sna pobail i mBealach Féich, Bun Cranncha-Lodán agus Ráth Mealtain, níos luaithe sa mhí.    Tá na tairiscintí seo á measúnú faoi láthair agus déanfar ceapúchán sna míonna amach romhainn.

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO