Donegal County Council Logo

Sa Rannóg Seo

Baile > An Chomhairle > Na Meáin > Preas Eanáir 2020 > Comhoibriú tábhachtach le dul i ngleic le Covid

04-12-2020 – Beidh an comhoibriú barrthábhachtach le dul i ngleic le dúshláin COVID & Brexit

Ag cruinniú fíorúil Chomhpháirtíocht an Iarthuaiscirt um Fhás Straitéiseach an tseachtain seo, idir oifigigh shinsireacha ó Rialtas na hÉireann agus Feidhmeannas Thuaisceart Éireann, ceannairí sibhialta agus oifigigh ó Chomhairle Contae Dhún na nGall agus Comhairle Chathair Dhoire agus Cheantar an tSratha Báin, chuala daoine faoin tábhacht atá le comhoibriú trasteorann le dul i ngleic leis na dúshláin a bhaineann le COVID 19 agus Brexit, agus le tionscadail atá beartaithe d’fhás réigiúnach a sholáthar. 

 

Grúpa ar leith is ea Comhpháirtíocht an Iarthuaiscirt um Fhás Straitéiseach, a bunaíodh in 2016 fríd an Chomhairle Aireachta Thuaidh/Theas le tacaíocht agus plé a chur ar fáil do Réigiún Cathrach an Iarthuaiscirt, tháinig siad le chéile go fíorúil an tseachtain seo le huasdátú a fháil ar na trí rud is mó d’fhás sa réigiún – Geilleagar agus Gnó, Bonneagar Fisiciúil agus Comhshaoil, Aontacht agus Leas Sóisialta agus Pobail.

 

Bhí an cruinniú eagraithe idir Comhairle Contae Dhún na nGall agus Comhairle Chathair Dhoire agus Cheantar an tSratha Báin, agus an dá mhéara mar chathaoirligh. Thacaigh an Lárionad Idirnáisiúnta um Fhorbairt Áitiúil agus Réigiúnach (LIFAR) leis an chruinniú, chuala daoine faoin obair chomhoibríoch a bhíonn ar siúl idir an dá Chomhairle le pleananna fáis an réigiúin a chur chun cinn maidir le fás geilleagrach, infheistíocht, forbairt fhisiciúil agus chomhshaoil, mar aon le haontacht agus leas sóisialta agus pobail. Chomh maith leis sin, phléigh an Chomhpháirtíocht neartú obair chomhoibríoch le Rialtas Láir sa dá dhlínse, thar réimse leathan príomhthéamaí atá tábhachtach don réigiún sa todhchaí, agus atá ina dtosaíochtaí ó thaobh polasaí Rialtais de. 

 

Dúirt Cathaoirleach Chomhairle Contae Dhún na nGall, Clr Rena Donaghey, go raibh an cruinniú iontach tábhachtach leis an phearsanra cuí a thabhairt le chéile chun an t-eolas is déanaí a chur ar fáil agus eolas a roinnt. Dúirt sí gurb é an t-aon dóigh le hobair a dhéanamh ná cur chuige trasteorann réigiúnach comhoibríoch. 

 

I ndiaidh an chruinnithe, dúirt Bardasach Graham Warke, Leas-Mhéara Chomhairle Chathair Dhoire agus Cheantar an tSratha Báin, go raibh an cruinniú iontach tábhachtach chun an t-eolas is déanaí a thabhairt don dá Rialtas faoin obair iontach atá ar siúl ar an talamh le hinfheistíocht straitéiseach sa réigiún a chur chun cinn, agus le cluinstin ó oifigigh shinsireacha Rialtais faoin tiomantas agus faoin tacaíocht atá ann chun na pleananna uaillmhianacha seo a chur chun cinn. 

 

Chuir oifigigh ó OTÉ an t-eolas is déanaí ar fáil maidir leis an infheistíocht agus an tacaíocht atá á gcur ar fáil ag Rialtas TÉ, agus thug státseirbhísigh shinsireacha ó Oifig an Taoisigh léargas ar imeachtaí agus tosaíochtaí atá aontaithe ag Rialtas na hÉireann do réigiún an Iarthuaiscirt. Bhí COVID19 lárnach i ngach plé sa chruinniú, mar a bhí an dóigh a bhfuil an réigiún ag obair go comhoibríoch le déileáil leis an phaindéim. Labhair oifigigh ó na ranna sláinte sa dá dhlínse faoin obair mhór thrasteorann atá ar siúl leis an phaindéim a bhainistiú agus leis an téarnamh a phleanáil.

 

Ghlac daoine páirt i seisiún iomlánach a bhí dírithe ar infheistíocht d’oideachas tríú leibhéal an réigiúin, tugtha ag ionadaithe ó na ceithre phríomh-institiúid oideachais sa réigiún - Institiúid Teicneolaíochta Leitir Ceanainn agus BOO Dhún na nGall, Ollscoil Uladh agus Coláiste Réigiúnach an Iarthuaiscirt. Ina dhiaidh sin bhí plé ar Chreat Claochluithe Glais do réigiún na teorann agus Fóram Phleanálaithe an Iarthuaiscirt, éascaithe ag LIFAR. 

 

Agus é ag gabháil buíochais leo siúd a bhí páirteach sa chruinniú, dúirt John McLaughlin, Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Dhún na nGall, gur chuidigh cruinniú na seachtaine seo go mór le naisc a neartú idir an dá chomhairle, na comhpháirtithe, agus an dá Rialtas. Chuir sé béim ar thábhacht an chomhoibrithe, ag rá go raibh sé tábhachtach do réigiún Cathrach a chruthú, atá rathúil, inbhuanaithe, agus saibhir. 

 

Dúirt John Kelpie, Príomhfheidhmeannach Chomhairle Chathair Dhoire agus Cheantar an tSratha Báin, go raibh sé ní ba thábhachtach anois ná riamh go ndéantar na naisc láidre seo le hoifigigh shinsireacha rialtais a choinneáil agus chuir sé béim arís ar thábhacht an chomhoibrithe. “Is comhpháirtíocht ar leith í seo, agus chuir cruinniú na seachtaine seo béim bhreise ar an tábhacht atá le cumarsáid rialta, le comhghuaillíocht ár bpleananna straitéiseacha polasaí, agus le comhoibriú leanúnach a ligeann dúinn ár gcuspóirí agus ár dtionscadail bhonneagair agus athnuachana a chur ar fáil.”

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO