Donegal County Council Logo

Sa Rannóg Seo

Baile > An Chomhairle > Na Meáin > Preas Eanáir 2020 > Cruinniú na nÓg

17/06/20 Cistineacha agus seomraí suí lán le brí ar an lá náisiúnta cruthaitheachta don óige

Cruinniu kite

Deirfiúracha Tallulah (11) agus Violet (6) gnoitheach ag tógáil eitleoga daofa féin don Chruinniú. Grianghraf: Paul McGuckin

 

Reáchtáladh Cruinniú na nÓg Dé Sathairn seo caite (13 Meitheamh) i seomraí suí agus cistineacha ar fud Dhún na nGall agus na hÉireann. Bhí deis ag páistí agus daoine óga bheith páirteach i réimse mór gníomhaíochtaí ar líne, a raibh ina measc ceardlanna ar líne, mionfhéile cheoil don aos óg, seoladh gearrscannáin agus seisiúin teagaisc.

 

 

Seo an tríú bliain den lá náisiúnta cruthaitheachta don óige, ag cur imeachtaí cruthaitheacha ar fáil do dhaoine óga ina gceantair féin. De bharr comhairle sláinte phoiblí i mbliana, bhí gá le cur chuige cruthaitheach. Agus í ag caint thar ceann foireann Chruinniú na nÓg le Comhairle Contae Dhún na nGall, tá lúcháir ar Karen Sheehy le chomh maith agus a d’éirigh leis. “Bhí páistí agus daoine óga, as gach cearn de Dhún na nGall agus níos faide ar shiúl, in ann bheith páirteach i gceardlanna cruthaitheacha d’ardchaighdeán le saineolaithe a bhfuil a lán taithí acu sa scríbhneoireacht chruthaitheach, sa scríobh amhrán, sa chódáil agus sa chraoltóireacht, gan aon ghá fiú an teach a fhágáil,” arsa Karen.

 

cruinniu force

An Fórsa ag Bailiú ag Coróin Bhanba, Cionn Mhálanna. Grianghraf: Martha McCulloch

 

Bhí gá le roinnt réamhoibre roimh an lá mór agus tá sin ar fáil go forleathan ar líne. Chuidigh cócairí óga le ríomhleabhar ar leith a dhéanamh, Recipes for Disaster.

 

Bhí deis ag ceoltóirí óga agus daoine óga ar mór leo an ceol a bhféile féin a chur le chéile mar chuid den mhionfhéile cheoil don óige Inár nAonar le Chéile.

 

Bhí ráchairt mhór fosta ar an ghearrscannán Gathering of the Force, a craoladh den chéad uair Dé Sathairn ar na meáin shóisialta. Léiríonn an scannán teacht aniar an aosa óig le linn na paindéime seo, agus cuireann sé ar taispeáint an radharcra iontach atá le fáil ag Coróin Bhanba i nDún na nGall.

 

Ar fud na hÉireann bhí breis agus 500 imeacht agus gníomhaíocht ar líne, saor in aisce le freastal orthu, dírithe orthu siúd atá idir 0-18 mbliana d’aois. Ceann de na buanna is mó a bhí ag Cruinniú 2020 ná go raibh an deis chéanna ag gach teaghlach in Éirinn a bheith páirteach i gcláracha cultúrtha ar fud na tíre agus d’fhéadfadh siad freastal ar imeachtaí ag an ionad cultúrtha don óige The Ark agus ar Ghailearaí Hugh Lane i mBaile Átha Cliath, gan dua a chur orthu féin an turas a dhéanamh.

 

Tá Cruinniú na nÓg ina thionscadal suaitheanta de chuid Phlean Cruthaitheach Óige Chlár Éire Ildánach. Is í Foireann Chultúir agus Chruthaitheachta Chomhairle Contae Dhún na nGall a reáchtálann an clár i gContae Dhún na nGall.

 

cruinniu recipe

 

Is féidir leat blaiseadh a fháil den Fhéile Cheoil ‘Inár nAonar le Chéile’, an ríomhleabhar Recipes for Disaster a léamh, agus amharc ar an fhíseán Gathering of the Force ag na naisc thíos.

 

An Fhéile Cheoil

https://www.youtube.com/watch?v=jMeDoJ19KAk

 

An Ríomhleabhar Cócaireachta

http://regionalculturalcentre.com/event/recipesfordisasters/?event_date=2020-06-14

 

An Gearrscannán Gathering of the Force

https://www.youtube.com/watch?v=AHRgFnbXpSY

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO