Donegal County Council Logo

Sa Rannóg Seo

Baile > An Chomhairle > Na Meáin > Preas Eanáir 2020 > Deontais Covid

21-01-21 Iarratais á lorg faoi Chiste Éigeandála Covid 19

 D'fhógair Heather Humphreys, an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail, ar na mallaibh maoiniú breise €1.7m lena roinnt ar fud na tíre faoiChiste Éigeandála COVID 19. Leithdháileadh €68,130 ar CFPÁ Dhún na nGall le bronnadh ar ghrúpaí Pobail agus Deonacha.

 

Tá Comhairle Contae Dhún na nGall ag lorg iarratas ar an Chlár a chuireann maoiniú ar fáil le tacú le grúpaí pobail agus deonacha teacht in oiriúint agus chun réitigh agus plé le COVID 19.  Cuirfear deontais ar fáil tríd an Chlár, idir dheontais bheaga (€1,000 nó níos lú) agus dheontais mhóra, do ghrúpaí pobail. Tá sé beartaithe gur deontais bheaga iad 30% ar a laghad de na deontais a bhronnfar.

 

Féadann Grúpaí Pobail agus Deonacha iarratais a chur isteach ar mhaoiniú ar na cúiseanna seo a leanas:-

 

 (1)      Cuidiú le grúpaí a seirbhísí agus feidhmeanna a chur in oiriúint do chúrsaí COVID-19 mar atá faoi láthair. I measc samplaí de bhearta a dtacófaí leo bheadh áitribh a chur in oiriúint le gur féidir scaradh sóisialta a dhéanamh; gníomhaíochtaí ar líne a thairiscint; tacaí sóisialta a chur ar fáil, scairteanna cairdiúla gutháin srl.

 

(2)       Cuidiú le grúpaí pobail iad féin a spreagadh le bheith níos rannpháirtí i bhfeachtas 'Go dTé Tú Slán' an Rialtais. Déanfar iarracht cuidiú leo a bheith rannpháirteach san fheachtas, go háirithe leis na trí théama (ó shuíomh an rialtais): caidreamh a bheith agat, sos a ghlacadh agus rud cruthaitheach a dhéanamh, agus aire a thabhairt do do ghiúmar

 

Chuir an Comhairleoir Niamh Kennedy, Cathaoirleach CFPÁ Dhún na nGall agus ball d'Fhóram Fhreagairt Pobail Covid 19, fáilte roimh an mhaoiniú breise agus d'iarr ar gach grúpa iarratas a chur isteach, ar sise "Tacóidh an clár seo le grúpaí pobail leanúint dá seirbhísí agus gníomhaíochtaí a chur in oiriúint lena chinntiú go mbíonn fáil ag pobal na háite orthu agus leanúint de thacaíocht agus seirbhísí thar a bheith luachmhar a thabhairt do dhaoine ar fud an chontae le linn na géarchéime seo.”

 

Dáta deiridh

Caithfear iarratais chomhlánaithe a chur isteach tráth nach moille ná 3 p.m. Aoine, 19ú Feabhra 2021.

 

Tá tuilleadh mionsonraí agus foirm iarratais ar ár leathanach gréasáin www.donegalcoco.ie nó tríd an nasc thíos a rochtain;

 

https://www.donegalcoco.ie/community/fundingforyourgroup/covid19emergencyfund/

 

Críoch

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO