Donegal County Council Logo

Sa Rannóg Seo

Baile > An Chomhairle > Na Meáin > Preas Eanáir 2020 > Deontas do Ghnólachtaí Beaga

16-10-20 – Deontas do Ghnólachtaí Beaga

Mar chuid de na tacaíochtaí leanúnacha atá ar fáil do ghnólachtaí tráchtála le linn na tréimhse deacra trádála in 2020 tá cinneadh déanta ag Comhairle Contae Dhún na nGall síneadh ama, ón 31 Deireadh Fómhair go dtí an 30 Samhain, a chur leis an spriocdháta incháilithe faoin Scéim Deontais do Ghnólachtaí Beaga le haghaidh rátaí tráchtála, chun am breise a thabhairt do ghnólachtaí a gcuid rátaí don bhliain 2020 a íoc.

 

Tugann an Scéim deontas suas go dtí 7.5% den éileamh bliantúil rátaí (seachas riaráiste) agus tugtar deontas bliana suas go dtí uasmhéid de €375 do ghnólachtaí, a fhad is atá na rátaí ar fad don bhliain 2020 á íoc ina n-iomláine ar an chuntas.

 

Is i bhfoirm creidmheasa a thugtar an deontas seo ag deireadh na bliana.

 

In 2019 tugadh an deontas do 2,273 custaiméir san iomlán, ar chostas €443,654 don Chomhairle.

 

Is tacaíocht bhreise do ghnólachtaí í seo i gcomhar leis an Scéim Deontais Atosaithe Bhreise do Rátaí,  an Scéim Tarscaoilte Rátaí Tráchtála 6 mhí don bhliain 2020, agus an iliomad tacaíochtaí gnó atá ar fáil ón Oifig Fiontair Áitiúil.

 

Tá tuilleadh eolais ar an Scéim Bhreise Atosaithe agus ar an Deontas do Ghnólachtaí beaga ar fáil anseo.

 

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO