Donegal County Council Logo

Sa Rannóg Seo

Baile > An Chomhairle > Na Meáin > Preas Eanáir 2020 > Fáilte Bun Dobhráin

'Fáilte’ téama na bliana seo ag paráid na Féile Pádraig i mBun Dobhráin

Bundoran St Patrick

Banna Píob Kiladeas a bhí mar pháirt de pharáid na bliana seo a chuaigh thart - pic Andrea Whelan

 

Fógraíodh gur “Fáilte” an téama a roghnaíodh do pharáid na Féile Pádraig i mbun Dobhráin i mbliana.


Míníonn stiúrthóir na paráide John O’ Connell ‘Tá cliú agus cáil ar Bhun Dobhráin mar go gcuireann sé “Céad Míle Fáilte” roimh dhaoine ó achan chearn den domhan bliain i ndiaidh bliana agus bhí muid den tuairim go raibh sé thar am go mbeadh sé mar théama againn. Tá sé tráthúil ar dhóigh nó beidh muid ag cur fáilte roimh 35 mac léinn ó 2 choláiste sna Stáit Aonataithe i mbliana (Coláiste PIMA ó Tucson, Arizona agus Coláiste Pobail Forrsythe, Carolina Thuaidh) chomh maith le toscaireacht de 16 ó 5 cinn dár nascbhailte ar fud na hEorpa – agus beidh siad go léir ag glacadh páirt sa pharáid ar 17ú Márta.”


Tosóidh an pharáid mar is gnáth, ag Ceann Thoir na Sráide ag 3.30 agus leanfaidh sí ar aghaidh tríd an Phríomhshráid. Beidh bannaí mairseála, flótaí, grúpaí damhsa, grúpaí pobail agus gnólachtaí áitiúla páirteach sa pharáid. Ná bí buartha mura mbeidh tú ábalta bheith i láthair. Beidh an pharáid á sruthú beo ar leathanach Facebook Discover Bundoran.


Dúirt Shane Smyth, Oifigeach Turasóireachta Bhun Dobhráin go ‘gcuireann Lá Fhéile Pádraig tús leis an séasúr agus go bhfuil siad ag súil go mór le fáilte a chur roimh lucht féachána mór chun sult a bhaint as ár Lá Saoire Náisiúnta. Beidh muid ag cur fáilte roimh dhaoine ó na Stáit Aontaithe, an tSlóivéin, an Fhionlainn, an Ríocht Aontaithe, an Ísiltír agus an Spáinn.’

 

Tá fáilte roimh ghrúpaí pobail, gnólachtaí agus grúpaí eile bheith páirteach sa pharáid ar 17ú Márta ach clárú ag www.discoverbundoran.com/parade

 

Is féidir le cuairteoirí gach eolas a fháil faoi imeachtaí na Féile Pádraig i mBun Dobhráin trí logáil isteach ar an suíomh www.discoverbundoran.com/stpatricksday

 

 

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO