Donegal County Council Logo

Sa Rannóg Seo

Baile > An Chomhairle > Na Meáin > Preas Eanáir 2020 > Fáiltiú Cathartha Tarraingt Téide

26/02/20 Fáiltiú Cathartha in onóir Chónaidhm Idirnáisiúnta Tarraingt Téide (CITT)

Tug of war civic reception

Cathaoirleach Chomhairle Contae Dhún na nGall, Nicholas Crossan ag déanamh bronnadh ar Anton Rabe, Uachtarán CITT le Cathaoirleach Cheantar Bardais Leitir Ceanainn / Baile na nGallóglach An Clr. John O'Donnell agus Liam Ward, Stiúrthóir Seirbhísí, Comhairle Contae Dhún na nGall ag an fháiltiú cathartha do Thoscairí Idirnáisiúnta Tarraingt Téide in Ionad Seirbhíse Poiblí Leitir Ceanainn Déardaoin seo a chuaigh thart. Pictiúr le Clive Wasson

 

Bhí fáiltiú cathartha do Chónaidhm Idirnáisiúnta Tarraingt Téide á reáchtáil ag Comhairle Conate Dhún na nGall in Ionad Seirbhíse Poiblí Leitir Ceanainn Déardaoin seo a chuaigh thart, 20ú Feabhra 2020.

 

Bhí bord rialaithe an spóirt Idirnáisiúnta Tarraingt Téide i Leitir Ceanainn le linn Chraobh Domhanda Tarraingt Téide faoi dhíon 2020. Bíonn an comórtas ar siúl achan dara bliain agus bhí sé ar siúl in Ionad Fóillíochta an Aura i Leitir Ceanainn i mbliana.

 

Ag labhairt dó ag an fháiltiú, thug Cathaoirleach na Comhairle an Clr. Nicholas Crossan aitheantas don obair chruaidh agus cé chomh díograiseach agus a bhí fear Chluain Maine Danny Mc Gonigle ar éirigh leis an Chraobh Domhanda a thabhairt go Dún na nGall i mbliana. Dúirt sé go raibh an bhrionglóid seo ag Danny le fada an lá, sé sin go mbeadh Craobh Domhanda Tarraingt Téide faoi dhíon ar siúl i nDún na nGall agus is pribhléid do Chomhairle Contae Dhún na nGall go bhfuil an ócáid seo ar siúl acu chun onóir a thabhairt den imeacht iontach seo’.

 

 

D’aontaigh Méara Cheantar Bardais Leitir Ceanainn/Baile na nGallóglach an Clr. John O’ Donnell leis an mhéid a dúirt an Cathaoirleach agus thug sé aitheantas fosta don bhorradh turasóireachta atá tagtha ar an Earnáil Fháilteachais i nDún na nGall de thairbhe na hócáide seo.

 

Rinne an Cathaoirleach agus Méara roinnt bronntaí in ómós na himeachta agus CITT atá ag ceiliúradh 60 bliain i mbliana.

 

Rinne Uachtarán CITT Anton Rabe agus baill eile na heagraíochta ionadaíocht don CITT. Ghlac 13 tír le os cionn de 500 iomaitheoir páirt sa Chraobh, dhá fhoireann ón Chluain Maine ina measc.

 

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO