Donegal County Council Logo

Sa Rannóg Seo

Baile > An Chomhairle > Na Meáin > Preas Eanáir 2020 > Feachtas Bí Réidh don Gheimhreadh

09-11-2020 - Feachtas Bí Réidh don Gheimhreadh

Tá an Rialtas i ndiaidh an 10ú feachtas bliantúil Bí Réidh don Gheimhreadh a sheoladh.  Ba é an tAire Cosanta, an tUasal Simon Coveney T.D. i gcomhpháirt leis an Aire Stáit atá freagrach as Iompar agus Lóistíocht Bóthair agus Idirnáisiúnta, In. Hildegarde Naughton T.D, a sheol an feachtas.

 

Tá sé beartaithe go dtarraingeoidh an feachtas ‘Bí Réidh don Gheimhreadh’, atá á rith don deichiú bliain as a chéile i mbliana, aird ar na dúshláin ar leith a bhaineann le míonna an gheimhridh. Teachtaireacht shimplí í príomhtheachtaireacht an fheachtais, "bí ullamh, bí sábháilte agus bí ar an eolas faoi cá háit a bhfuil cúnamh le fáil".

 

Tugann an feachtas ‘Bí Réidh don Gheimhreadh’ eolas ríthábhachtach don phobal lena chinntiú go mbeidh siad ullmhaithe mar is ceart do mhíonna an gheimhridh. Iarrtar ar dhaoine cuairt a thabhairt ar  winterready.ie nó an comhrá a leanúint ar Facebook nó ar Twitter ag  #BeWinterReady le haghaidh tuilleadh eolais.

 

Is é a dúirt Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Dhún na nGall, John G. McLaughlin;

 

"Is acmhainn iontach do dhaoine é an feachtas Bí Réidh don Gheimhreadh chun a chinntiú go bhfuil siad ullmhaithe go maith chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin a d'fhéadfadh a bheith ann i míonna an gheimhridh atá le teacht. Cuireann sé comhairle spriocdhírithe ar fáil do réimse mór earnálacha laistigh dár bpobal, lena n-áirítear don bhaile, sa ghnó, ar an fheirm, do scoileanna agus do sheandaoine agus daoine leochaileacha – gan ach roinnt a lua.

 

 

Mholfainn do gach duine an litríocht atá ar fáil a léamh agus trí sin a dhéanamh cuideoidh sé lena chinntiú go dtiocfaidh muid go léir slán sábháilte trí mhíonna an gheimhridh atá romhainn.

 

Tá a fhios agam go bhfuil daoine tuirseach de bheith ag éisteacht leis an fhocal COVID-19, ach tá sé tábhachtach an geimhreadh seo, níos mó ná riamh, a bheith ag coimhéad amach dóibh siúd inár bpobal a d'fhéadfadh a bheith ina n-aonar nó leochaileach. B'fhéidir nach mbeifeá in ann cuairt a thabhairt orthu go díreach ach is féidir leat iad a chur i dteagmháil leis an iliomad tacaíochtaí atá ar fáil, lena n-áirítear uimhir theileafóin Ghlao Pobail na Comhairle 1800 928 982". 

 

Bhí an méid seo le rá ag Cathaoirleach Chomhairle Contae Dhún na nGall, an Comhairleoir Rena Donaghey:

 

"Le blianta beaga anuas bhí roinnt babhtaí fíor-dhrochaimsire againn i gContae Dhún na nGall agus mar sin tá sé an-tábhachtach go bhfuil baill den phobal réidh do na teagmhais aimsire go léir a thiocfadh teacht leis an gheimhreadh - idir aimsir fhuar, briseadh cumhachta agus aonrú. Is é sin an áit a mbíonn fíorthairbhe leis an chomhairle a thairgtear san fheachtas Bí Réidh don Gheimhreadh agus mholfainn do gach duine an litríocht a léamh agus an chomhairle atá inti a thabhairt do dhaoine aosta nó do dhaoine leochaileacha taobh istigh dá gciorcal teagmhálacha".

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO