Donegal County Council Logo

Sa Rannóg Seo

Baile > An Chomhairle > Na Meáin > Preas Eanáir 2020 > Feachtas Ceannaigh Dún na nGall

01-12-2020 - Feachtas Ceannaigh Dún na nGall ar bun an mhí seo.

Feachtas ‘#CeannaighDúnnanGall ar siúl le tomhaltóirí a spreagadh lena gcuid siopadóireachta a dhéanamh go háitiúil.

 

 

Ó tharla go bhfuil roinnt de shrianta an rialtais tógtha, tá Cathaoirelach Chomhairle Contae Dhún na nGall ag moladh do dhaoine ar fud Dhún na nGall a gcuid siopadóireachta a dhéanamh go háitiúil an mhí seo mar chuid den fheachtas úr ‘CeannaighDúnnanGall’.

 

Bhí rath mór ar an deireadh seachtaine ‘Ceannaigh Dún na nGall’ a reáchtáladh ag tús mhí na Samhana agus tá Comhairle Conatae Dhún na nGall ag cur tús le feachtas úr ina mbeidh siad ag comhoibriú le bailte agus leis na meáin chumarsáide ar fud Dhún na nGall le tomhaltóirí a spreagadh lena gcuid siopadóireachta a dhéanamh go háitiúil i nDún na nGall. Tabharfaidh an feachtas seo léargas ar an réimse táirgí agus seirbhísí atá ar fáil san earnáil mhiondíola agus i dtionscal an fháilteachais ar fud Dhún na nGall. Beidh cead ag tomhaltóirí a gcuid siopadóireachta a dhéanamh go sábháilte le linn an tréimhse díreach roimh an Nollaig- an t-am is gnóthaí den bhliain do go leor siopaí agus gnólachtaí ar fud an chontae.

 

 

Ag labhairt di ar an ábhar, dúirt Rena Donaghey, Cathaoirleach Chomhairle Contae Dhún na nGall “Tá a fhios againn go ndeachaigh #CeannaighDúnnanGall go mór i bhfeidhm ar mhuintir Dhún na nGall sa bhaile agus níos faide i gcéin agus gur thug siad tacaíocht do ghnólachtaí iontacha an chontae a chuireann réimse leathan táirgí agus serbhísí ar fáil. Tá go leor de na gnólachtaí ar tí athoscailt agus tá muid ag iarraidh go dtacóidh muintir Dhún na nGall leofa sa tréimhse díreach roimh an Nollaig- tréimhse a bhíonn thar a bheith gnóthach.

Molann muid dár ndiaspóra súil a chaitheamh ar an suíomh buydonegal.com agus tacaíocht a thabhairt dár ngnólachtaí agus don togra #CeannaighDúnnanGall trí shiopadóireacht ar líne.

 

Cuirfear tús leis an fheachtas #CeannaighDúnnanGall nuair a athosclóidh gnólachtaí ar fud Dhún na nGall. Gach seachtain, díreofar ar bhailte éagsúla sa chontae agus déanfar neart margaíochta ar an raidió, sna páipéir agus ar na hardáin dhigiteacha. Táthar ag súil go rachadh tomhaltóirí amach agus go dtacóidh siad le #Ceannaigh DúnnanGall ar dhóigh shábháilte, de réir na treoirlínte sláinte. 

 

 

Thig le muintir Dhún na nGall tacú leis an fheachtas trí bhualadh isteach chuig gnólachtaí an chontae agus a gcuid siopadóireachta a dhéanamh go sábháilte iontu nó trí shiopadóireacht a dhéanamh ar líne ag buydonegal.com. Má cheannaíonn tú táirge, iarrtar ort postáil a chur in airde ar na gréasáin shóisialta leis an haischlib #CeannaighDúnnanGall. Seo dóigh eile le tacaíocht a léiriú do ghnólachtaí Dhún na nGall agus cuideoidh sé lena n-ainm a chur chun cinn go háitiúil agus níos faoide ón bhaile.

 

Is féidir le gnólachtaí clárú ar an suíomh go fóill, níl aon táille i gceist leis agus tá an próiseas clárúcháin simplí, níl le déanamh ach foirm chlárúcháin a líonadh amach agus is féidir í a fháil anseo. Dóibh siúd ar mian leo ceannacht sna siopaí nó ar líne, is féidir súil a chaitheamh ar an réimse táirgí agus seirbhísí atá ar fáil roimh ré nó thig úsáid a bhaint as seirbhísí cosúil le ‘cliceáil agus bailigh’, má tá sí ar fáil.

 

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO