Donegal County Council Logo

Sa Rannóg Seo

Baile > An Chomhairle > Na Meáin > Preas Eanáir 2020 > Feachtas Ceannaigh Dún na nGall seolta

29-10-20 Feachtas #CeannaighDúnnanGall seolta agus breis agus 100 gnólacht réidh le tacú lena chéile

Seoladh go hoifigiúil an feachtas #CeannaighDúnnanGall inné nuair a tháinig gnólachtaí le chéile le hoifigigh Chomhairle Contae Dhún na nGall chun cluinstin faoin fheachtas úrnua seo, ar cuspóir leis táirgí agus seirbhísí ó ghnólachtaí i nDún na nGall a chur chun cinn ar fud an domhain. Cuirfear tús leis an fheachtas i gceann seachtaine, agus beidh sé ar siúl idir 6 – 8 Samhain 2020.

 

Labhair an Clr. Rena Mhic Dhonnchaidh, Cathaoirleach ar Chomhairle Contae Dhún na nGall, agus ba í a sheol an tionscnamh go hoifigiúil, labhair sí faoin dearfacht atá le brath faoin fheachtas agus faoi Dhún na nGall é féin, go háirithe i ndiaidh gur éirigh chomh maith sin leis na himeachtaí Nasc Dhún na nGall agus lá #DúnnanGallAbú. Dúirt sí: “tá Branda Dhún na nGall an-láidir faoi láthair agus ba mhaith linn an láidreacht sin a choinneáil trí thograí breise eile a thig le Comhairle Contae Dhún na nGall a chur i bhfeidhm, ag leanúint leis an fheachtas #CeannaighDúnnanGall a bhfuil breis agus 100 gnólacht páirteach ann cheana féin”. Chuir sé béim fosta ar an tábhacht atá le leanúint leis an teachtaireacht chun tacú le gnólachtaí as Dún na nGall i ndiaidh an fheachtais. “Leanfaidh muid orainn ag cur chun cinn agus ag tacú leis an togra #CeannaighDúnnanGall le cuidiú lenár gcuid gnólachtaí ar fad sa tréimhse eisceachtúil seo roimh an Nollaig. Beidh sé seo an-tábhachtach nuair a athosclóidh cuid mhór siopadóirí a gcuid siopaí arís”.

 

Labhair John McLaughlin, An Príomh-Fheidhmeannach le Comhairle Contae Dhún na nGall, faoina thábhachtaí agus atá sé go dtacódh gach gnólacht leis an fheachtas. “Nuair a dhéanfaidh tú teagmháil le do chustaiméirí, agus nuair a úsáidfidh tú na meáin shóisialta, cuideoidh tú leis an fheachtas féin a neartú agus níos mó daoine a chur ar an eolas faoi #CeannaighDúnnanGall. Tugann seo deis do níos mó gnólachtaí as Dún na nGall tairbhe a bhaint as an fheachtas agus daoine a spreagadh le tuilleadh brandaí as Dún na nGall a cheannach, agus cur leis an mhéid a dhíolann gnólachtaí eile as an chontae.” Thug sé aitheantas fosta don ról ríthábhachtach a dhéanann na meáin i nDún na nGall, “gabhaimid buíochas libh uilig as an teachtaireacht a chur chun tosaigh faoin fheachtas seo agus as bhur dtacaíocht chun gnólachtaí de chuid Dhún na nGall a chur chun cinn agus achan ghné den saol den chontae.”

 

Bhí Gillian Maxwell, a thug branda an Flying Tiger go hÉirinn, ina haoichainteoir ag an seoladh. D’inis sí scéal a bhí idir iontach agus greannmhar maidir le fiontraíocht, dúshláin agus rath. Labhair sí fosta faoina thábhachtaí atá sé coinneáil suas le léargais ó thomhaltóirí, rud atá fíorthábhachtach do na gnólachtaí sin a bheas páirteach san fheachtas deireadh seachtaine #CeannaighDúnnanGall.

 

Tugadh samplaí de dhóigheanna a bhfuil sé i gceist ag gnólachtaí agus pobail tabhairt faoin fheachtas seo le linn an tseimineáir ar líne. Tá comórtais beartaithe ar na meáin shóisialta le linn an deireadh seachtaine; aon duine a cheannaíonn rudaí ó ghnólacht nó ó réigiún i nDún na nGall, agus a phostálann íomhá den rud, beidh deis acu duais a bhaint.

 

Do mhuintir Dhún na nGall, i gcéin agus i gcóngar, is féidir leo tacú leis an fheachtas agus le gnólachtaí as Dún na nGall le linn an deireadh seachtaine trí earraí agus seirbhísí de chuid Dhún na nGall a cheannach agus íomhá de seo a chomhroinnt ar na meáin shóisialta leis an haischlib #CeannaighDúnnanGall.

 

Beidh #CeannaighDúnnanGall ar siúl idir 6-8 Samhain 2020. Gabh chuig http://buydonegal.com le liosta iomlán den bhreis agus 100 gnólacht a bheas páirteach, chomh maith le réimse tairiscintí speisialta le tús a chur le do liosta siopadóireachta le haghaidh an deireadh seachtaine #CeannaighDúnnanGall.

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO