Donegal County Council Logo

Sa Rannóg Seo

Baile > An Chomhairle > Na Meáin > Preas Eanáir 2020 > Feachtas Dún na nGall Abú

28-09-20 - Báite i ngrá ar lá #DúnnanGallAbú

Bhí na fothaí nuachta ag cur thar maoil Dé Céadaoin 16 Meán Fómhair nuair a tháinig daoine le chéile as gach cearn den domhan chun lá #DúnnanGallAbú a cheiliúradh.

 

Le linn fheachtas na bliana seo chonaic muid daoine, idir óg agus aosta, ar fud na cruinne, ag comhroinnt a gcuid scéalta, grianghraf, físeán agus cuimhní cinn ar cén fáth a bhfuil siad ceanúil ar #DúnnanGallAbú, agus bhí teachtaireachtaí seolta ó Twitter, Instragram, LinkedIn, Facebook agus Tik Tok, ag tarraingt aird ar ghnéithe éagsúla de Dhún na nGall amhail an tírdhreach, áiseanna, gnólachtaí, ceol, ealaíona, oidhreacht agus an Ghaeltacht.  Bhí go leor daoine inaitheanta a bhfuil tionchar acu páirteach i rith an lae, agus iad ag ceiliúradh an dáimh atá acu le Dún na nGall, ó gach cearn den domhan.

 

Is é Aonad Forbartha Eacnamaíochta Chomhairle Contae Dhún na nGall a rinne an togra Lá #DúnnanGallAbú a chomhordú, le tacaíocht ó réimse seirbhísí de chuid na Comhairle ina measc an tAonad Turasóireachta, An Oifig Cumarsáide, an Oifig Fiontair Áitiúil agus Tionscadal Diaspóra Dhún na nGall.  

 

“Tá lúcháir orainn leis an aisfhreagra a fuair muid le linn #DúnnanGallAbú i mbliana, agus bhí muid ag treochtáil ag uimhir a haon ar Twitter ar feadh dhá uair déag, ag sroichint breis agus 17 milliún úsáideoir ar Twitter amháin ar lá an fheachtais, agus bhí muid ag treochtáil fiú ar feadh tamaill agus muid ag druidim leis an lá.  Léiríonn líon na bpostálacha agus teachtaireachtaí go bhfuil dlúthcheangal agus dáimh ag cuid mhór daoine ar fud an domhain le Dún na nGall.  Bhí cuid mhór teachtaireachtaí ó dhaoine sna Stáit Aontaithe, sa Ríocht Aontaithe agus fiú i Meiriceá Theas.  Agus an oiread sin daoine ar fud an domhain ag glacadh páirte, thaisipeán sé Dún na nGall mar áit iontach le cuairt a thabhairt air, le gnó a dhéanamh ann agus le hathlonnú chuige, agus tá na teachtaireachtaí seo ag teacht leis na rudaí ar fad ar mhaith linn a chur chun cinn faoin chontae iontach seo,” a dúirt Cathaoirleach Chomhairle Contae Dhún na nGall, An Clr. Rena Mhic Dhonnchaidh.

 

“Ba dheis iontach é an feachtas seo le haghaidh gnólachtaí, pobail, teaghlaigh, daoine aonaracha agus Diaspóra Dhún na nGall, teacht le chéile agus ár gcomh-oidhreacht a cheiliúradh trí ghiolcanna agus phostálacha ag tagáil #DúnnanGallAbú nó #LoveDonegal.”

 

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO