Donegal County Council Logo

Sa Rannóg Seo

Baile > An Chomhairle > Na Meáin > Preas Eanáir 2020 > Feachtas le haghaidh Rothair Scoile don Afraic

29-09-20 – Feachtas le haghaidh Rothair Scoile don Afraic

 

Tá lúcháir ar Chlub Rotary Leitir Ceanainn a fhógairt go bhfuil tús á chur arís lena bhfeachtas ‘Rothair Scoile le haghaidh na hAfraice’, i gcomhpháirt le Comhairle Contae Dhún na nGall agus Bryson Recycling. Reáchtáiltear an feachtas bliantúil i mí Dheireadh Fómhair mar chuid de Mhí na hAthúsáide agus tá sprioc acu i mbliana 50 rothar láidir téagartha a bhailiú le linn mhí Dheireadh Fómhair.

 

Tá Rotary na hÉireann i ndiaidh cur lena gcoimitmint rothair thréigthe a bhailiú, a chóiriú agus a sheachadadh chuig páistí scoile san Afraic le seans a thabhairt dóibh a saol a fheabhsú agus tuilleadh deiseanna a bheith acu. De bhrí go bhfuil ar chuid mhór acu achar fada a thaisteal chun na scoile agus uaithi, go minic nuair a bhíonn sé brothallach, rud atá an-trom orthu de shiúl na gcos, bíonn rothar ina chuidiú mór don dalta agus don teaghlach araon mar gur féidir é a úsáid chun cuidiú leis an phobal ar dhóigheanna eile fosta.

 

Go dtí seo, tá breis agus 3,000 rothar seachadta ag Rotary agus bunaithe ar an aiseolas atá faighte ó Ghambia agus ó réigiúin eile san Afraic, tá cinneadh déanta i mbliana an Bailiúchán a choinneáil srianta go dtí:

 

Rothair láidre théagartha a thig oibriú ar thalamh garbh,

Rothair atá ag fóirstean do dhaltaí bunscoile agus meánscoile araon, le méid rotha de 24” ar a laghad,

Bail measartha maith a bheith air,

Agus boinn de dhéanamh rothar sléibhe air.

Níl siad ag lorg rothair rasaíochta le rothaí tanaí ag an am seo.

 

Le linn dóibh bheith ag soláthar rothair scoile do na páistí seo, tá Rotary ag cuidiú fosta leo siúd níos cóngaraí don bhaile, mar atá na cimí ag Ionad Oscailte Theach Loughlan, Co. an Chabháin, atá ag fáil deise chun cur lena n-oideachas féin. Na cimí a ghlacann páirt sa tionscadal seo, tá deis acu cáilíocht City & Guilds FETAC i Meicníocht Rothair a bhaint amach, rud a chuideoidh le hiad a ullmhú chun dul isteach sa tsochaí arís agus b’fhéidir cur lena ndeiseanna fostaíochta san fhadtéarma, chomh maith le sásamh a fháil ó bheith ag obair ar a leithéid de thionscadal fiúntach carthannach.

 

Míle buíochas arís le Bryson Recycling agus Comhairle Contae Dhún na nGall as cuidiú leis an Bhailiúchán. Is féidir leat rothair atá fóirsteanach a fhágáil ag aon cheann de na sé Ionad Athchúrsála ar an Chlochán Liath, Carn Domhnach, Leitir Ceanainn, Baile na nGallóglach, Srath an Urláir agus An Láthaigh le linn uaireanta oscailte. “Déanann na hionaid fágála seo an obair i bhfad níos fusa don fheachtas, agus cé nach bhfuil ach cineálacha áirithe rothar, ó thaobh méide agus caighdeáin de, de dhíth i mbliana d’fheachtas Ghambia, tá muid ag súil go mór le tacaíocht a fháil ó mhuintir Dhún na nGall mar atá faighte le blianta beaga anuas” arsa Hazel Russell ó Chlub Rotary Leitir Ceanainn. Ós rud é go bhfuil Dún na nGall i measc aon cheann déag de chontaetha atá páirteach san fheachtas náisiúnta i mbliana, eagrófar aistriú na rothar go Teach Loughlan i mí na Samhna.

 

Dúirt Suzanne Bogan, Oifigeach Feasachta Dramhaíola le Comhairle Contae Dhún na nGall: “is togra den chéad scoth é seo le bheith páirteach ann agus tagann sé go mór le haidhmeanna agus eiteas Mhí na hAthúsáide. Bhí lúcháir orainn deis a fháil leanúint de bheith ag obair i gcompháirt leis an Rotary mar chuid den fheachtas seo, mar gur togra an-dearfach atá ann. Tá sé tábhachtach go dtuigfidh daoine gur rothair de chineáil ar leith atá uainn i mbliana..”

 

Fá choinne tuilleadh eolais ar uaireanta oscailte don Ionad Athchúrsála i do cheantarsa cliceail anseo.

 

 

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO