Donegal County Council Logo

Sa Rannóg Seo

Baile > An Chomhairle > Na Meáin > Preas Eanáir 2020 > Feachtas Sábháilteachta Bóthair na Nollag

09-12-2020- Feachtas Sábháilteachta Bóthair na Nollag - 'Ní féidir leat dul siar san am’

Bliain an-dúshlánach a bhí ann i mbliana ar go leor bealaí do gach duine; bliain a bhí ann fosta nuair a cailleadh barraíocht daoine ar ár mbóithre. Táthar ag iarraidh ar úsáideoirí bóthair amharc ar fhíseán mothúchánach chun tuiscint a fháil ar na dúshláin a gcaithfidh baill an Gharda Síochána aghaidh a thabhairt orthu agus iad ag déileáil le hiarmhairtí ó imbhualadh marfach.

 

Tarraingítear ár n-aird, i ngearrthóg físe, ar an bhomaite tubaisteach sin nuair a bhuaileann Garda ar dhoras i ndiaidh imbhualadh bóthair marfach, chun go mbeidh tuiscint níos fearr againn ar fhíorthionchar imbhuailtí bóthair, agus ar conas is féidir linn oibriú le chéile chun tragóidí eile ar ár mbóithre, nach bhfuil aon ghá leo, a chosc. Léiríonn an físeán, dar teideal 'Ní féidir leat dul siar san am’, cás ina dtugann Garda nuacht choscrach a athróidh a saol do theaghlach íospartach bóthair, a maraíodh in imbhualadh a tharlaíonn de bharr luais, ag baint úsáid as fón póca le linn tiomána, tiomáint faoi thionchar óil nó drugaí nó gan crios sábhála a chaitheamh.

 

Tá súil againn go mbeidh tionchar ag an ghearrthóg físe ar iompar gach úsáideoir bóthair i nDún na nGall agus níos faide i gcéin agus go gcuideoidh sé lenár mbóithre a dhéanamh níos sábháilte trí líon na ngortuithe agus na n-imbhuailtí a laghdú.

 

Tá súil againn, dá bharr, nach mbeidh ar aon gharda, teachtaireacht a chuireann cor ina saol a thabhairt do theaghlaigh eile. Go dtí seo in 2020, chaill 136 duine a mbeatha ar bhóithre na hÉireann, cailleadh 10 i nDún na nGall.

 

Dúirt an Cigire Seamus McGonigle "Nuair a tchítear Garda ag an doras tosaigh, spreagann sé an eagla ionainn. An tsiúlóid suas an cosán go teach duine éigin, chuig duine éigin nár bhuail tú leo riamh roimhe agus a fhios agat go bhfuil tú ar tí a ndomhan ar fad a scriosadh go hiomlán ag insint dóibh nach mbeidh an duine is ansa leo ag teacht abhaile. Gnáthlá i saol an teaghlaigh agus ansin bíonn sé réabtha. Ón bhomaite sin ar aghaidh, athraítear a saol go deo agus ní bheidh an Nollaig ná a gcuid ócáidí speisialta mar an gcéanna choíche arís".

 

Dúirt Brian O'Donnell, An tOifigeach Sábháilteachta Bóthair "I gcás na mílte teaghlach, athraítear a saol go deo nuair a tharlaíonn timpiste bóthair agus caithfidh muid go léir a bheith tiomanta chun oibriú le chéile agus freagracht a ghlacadh as ár n-iompar ar na bóithre. Fágann gach beatha a chailltear teaghlach faoi bhrón mór, cathaoir a bheas folamh ag an Nollaig, máthair, athair, mac nó iníon gan teacht abhaile choíche arís. Is minic nach mbímid ag smaointiú ach oiread ar na daoine a gortaíodh go dona ná ar an tionchar atá aige seo ar theaghlaigh, ar chaidrimh, ar phobail agus ar shaol daoine".

 

Mar sin, san am atá le teacht, tóg an cúpla soicind bhreise sin le seiceáil ag na hacomhail, an bhfuil feithiclí, coisithe nó rothaithe ann.

 

Tóg an cúpla soicind bhreise sin leis an bhall dall a sheiceáil sula ngabhfaidh tú thart, agus cé acu atá sé sábháilte i ndáiríre é sin a dhéanamh.

 

Tóg an cúpla soicind sin le smaointiú ar chóir duit tiomáint i ndiaidh alcól nó drugaí a ghlacadh.

 

Tóg an t-am sin chun machnamh a dhéanamh ar úsáideoirí eile ar na bóithre agus ar an léirscrios agus ar an phian a thig de bharr imbhuailtí tráchta ar bhóithre. D'fhéadfadh sé beatha duine a shábháil.

 

Nasc chun an físeán a íoslódáil anseo.

 

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO