Donegal County Council Logo

Sa Rannóg Seo

Baile > An Chomhairle > Na Meáin > Preas Eanáir 2020 > Glacadh le Buiséad na Comhairle don Bhliain 2021

25-11-2020 Fáilte curtha ag an Clr Rena Mhic Dhonnchaidh roimh ghlacadh le Buiséid Ioncaim na Comhairle do 2021

 

D’fháiltigh Cathaoirleach Chomhairle Contae Dhún na nGall, an Clr. Rena Mhic Dhonnchaidh roimh ghlacadh le Buiséad Ioncaim na Comhairle don bhliain 2021 ag cruinniú den Chomhairle inniu. Tá €155.3 milliún i gceist sa bhuiséad agus clúdaíonn sé caiteachas na Comhairle ó lá go lá. Déanfar plé ar Bhuiséad Caipitil Trí Bliana na Comhairle leis féin an tseachtain seo chugainn agus tá sin sa bhreis ar an Bhuiséad Ioncaim ar glacadh leis inniu.

 

Ní bheidh aon mhéadú ginearálta ar Rátaí Tráchtála do 2021, agus beidh caiteachas laethúil meánmhéide de €425,440 i gceist sa Bhuiséad Ioncaim, nó €975 in aghaidh gach saoránaigh sa Chontae le linn na bliana.  

 

Seo a leanas roinnt buaicphointí sa bhuiséad €155.3m: 

  1. Leanúint leis na socruithe caiteachais le haghaidh cothabháil bóithre agus oibreacha ar thithe de chuid na Comhairle – réimsí ar cuireadh méadú leo le roinnt blianta anuas.
  2. Scéim MICA maidir le Bloic Lochtacha, a raibh feitheamh fada orainn fána choinne, a chur i bhfeidhm. 
  3. Ciste €700,000 a thabhairt isteach do 2021 chun bonneagar turasóireachta a fhorbairt agus chun an earnáil turasóireachta agus fáilteachais a ullmhú le buntáiste a bhaint as an chineál éilimh a bhí againn le linn an tsamhraidh in 2020, agus béim ar leith ar chuairteoirí atá ‘ag déanamh saoire abhus’ a mhealladh chuig an Chontae;
  4. An cumas chun bheith in ann comh-airgeadú a dhéanamh ar roinnt tionscadail thábhachtacha chaipitil ar fud an Chontae, a bhfuil ina measc tionscadail URDF agus RRDF, agus leithéidí Páirc Swan agus mol digiteach nuálaíochta Inis Eoghain i mBun Cranncha 
  5. Foireann ar leith a bhunú le haghaidh Forbairt Glasbhealaí chun tionscadail ghlasbhealaigh atá ‘réidh chun sluasaide’ a thabhairt chun cinn, ina measc an ceann ó Bun Cranncha go Carn Domhnach in aice liom féin agus a cheanglóidh leis an bhealach idir Doire agus Bun Crannach;
  6. Réimse de bhearta forbartha eacnamaíochta ar fud an Chontae, ar a n-áirítear tionscnaimh chun infheistíocht isteach a mhealladh, táirgí agus seirbhísí de chuid Dhún na nGall a chur chun cinn, agus tacaíochtaí a sholáthar do ghnólachtaí atá ann cheana féin agus do ghnólachtaí úra;
  7. Tionscnamh Speisialta Bithéagsúlachta de €100,000 a thosú, agus béim ar dhul i ngleic le gníomhaíochtaí sa Phlean Uile-Éireann do Phailneoirí;
  8. Leanúint le tacaíocht na Comhairle d’ionaid fóillíochta, amharclanna, seirbhísí farantóireachta, áiseanna cultúrtha, páirceanna agus spásanna oscailte, agus príomhláithreacha turasóireachta; agus,
  9. Airgead breise chun comh-mhaoiniú a dhéanamh ar oiriúnú tithe agus ar fheabhsúcháin shoghluaisteachta id tithe, chun luach €2.5m d’oibreacha a dhéanamh. 

 

Thug an Cathaoirleach aitheantas don obair shuntasach atá déanta ag baill foirne na Comhairle agus ag na Comhairleoirí Contae le linn na gcainteanna a bhí ann leis an bhuiséad seo a ullmhú. Thug sí aitheantas fosta don tacaíocht agus do na deimhnithe a thug an Rialtas Lárnach don Chomhairle go gclúdófaí na costais agus na caillteanais de dheasca Covid-19 in 2020 agus 2021. Labhair sí faoin bhliain an-chrua a bhí ag cuid mhór teaghlach agus gnólachtaí mar gheall ar an phaindéim Covid i nDún na nGall, in Éirinn agus ar fud an domhain.

 

Dúirt an Cathaoirleach go rachadh an caiteachas de 155.3m in 2021 chuig gach cearn den Chontae, agus go gcaithfear é ar earraí agus ar sheirbhísí atá á gcur ar fáil ag go leor soláthróirí áitiúla agus comhlachtaí áitiúla. An obair atá déanta ag an Chomhairle i rith na bliana ar fad, agus na tacaíochtaí ar fad a tugadh do ghnólachtaí tríd an Chomhairle, chuidigh sin go mór leis an phobal ar fad teacht fríd bhliain iontach crua. Ghuigh sí go mbeadh bliain i bhfad níos fearr ag gach duine in 2021 agus mheabhraigh sí don phobal go bhfuil Líne Chabhrach na Comhairle ar fáil ag 1800 928 982 do gach duine a bhfuil deacrachtaí acu faoi láthair, agus go gcuirfear iad i dteagmháil le duine éigin a thig cuidiú leo.

 

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO