Donegal County Council Logo

Sa Rannóg Seo

Baile > An Chomhairle > Na Meáin > Preas Eanáir 2020 > Gradaim bronnta i dtaca le Feabhsúcháin Tuí

30/11/2020 – Sárghradam Chomhlachas Éireann bronnta ar Scéim Deontas um Fheabhsúcháin Tuí

I Seomra na Comhairle, bhí comhdhearthóirí Scéim Deontas um Fheabhsúcháin Tuí a bhain sárghradam Chomhlachas Éireann amach sa rannóg ‘Oidhreacht agus Timpeallacht Thógtha’ de chuid Dámhachtainí um Fheabhas sa Rialtas Áitiúil ar an Déardaoin 26ú Samhain (ó chlé): Collette Beattie (Oifigeach Caomhantais), Joseph Gallagher (Oifigeach Oidhreachta) & Jo McMenamin (Oifigeach Riaracháin).

 

Bronnadh sárghradam Chomlachas Éireann sa rannóg ‘Oidhreacht agus Timpeallacht Thógtha’ de chuid Dámhachtainí um Fheabhas sa Rialtas Áitiúil ar Scéim Deontas um Fheabhsúcháin Tuí de chuid Chomhairle Contae Dhún na nGall ag ócáid bhronnta a bhí ar siúl ar líne ar an Déardaoin, 26ú Samhain.

 

 

Teach le díon súgáin, An Srath Buí, Gleann Cholm Cille

 

Tugann an gradam seo aitheantas don togra údaráis áitiúil is fearr a spreagann an pobal le suim a chothú, eolas a fháil agus cosaint a dhéanamh ar a n-oidhreacht áitiúil. Bronnfar gradam criostail ar leith atá deartha ag Criostail Phort Láirge ar Chomhairle Contae Dhún na nGall nuair a thógfar srianta Covid19. Thug Comhairle Contae Dhún na nGall i gcomhair leis an Chomhairle Oidreachta agus Éire Ildánach tacaíocht agus maoiniú don Scéim Deontas um Fheabhsúcháin Tuí mar chuid de chur i bhfeidhm Phlean Oidreachta Dhún na nGall.

 

Teach le díon súgáin, Baile Mhic Cionaoith, Inis Eoghain

 

“Is cuid thábhachtach dár gcultúr, eacnamaíocht agus turasóireacht iad na tithe ceann tuí agus is iontach an rud é gur thug Comhlachas Éireann aitheantas don Scéim Deontas um Fheabhsúcháin Tuí trí ghradam a bhronnadh uirthi” a dúirt Joseph Gallagher, Oifigeach Oidhreachta Chomhairle Contae Dhún na nGall.

“Tugann an gradam aitheantas don obair a dhéanann úinéirí, áititheoirí agus ceardaithe na dtithe seo chun cinntiú go gcaomhnófar an ghné thábhachtach seo dár ndúchas agus dár n-oidhreacht. Cuireann an scéim seo comhairle ar fáil d’úinéirí maidir le caomhnú na ndíonta súgán de agus tugann maoiniú fosta le haghaidh deisiúcháin bheaga faoi mhaoirseacht chaomhnaithe. Chan amháin go bhfuil an scéim ag cur le caomhnú na dtithe tuí ach tá sí ag cur fostaíocht ar fáil do thuíodóirí áitiúla, le méadú na n-ábhar tuíodóireachta agus ag coinneáil gné thábhachtach thurasóireachta agus oidhreachta beo sa chontae.

 

Áitreabh feirme ceann tuí, Droim Ghormáin

 

Thug Scéim Deontas um Fheabhsúcháin Tuí tacaíocht do 26 togra deisiúcháin tuí ar fud Dhún na nGall i 2020 agus chuir an Dr. Fidelma Mullane sain-chomhairle ar fáil maidir le caomhnú na dtithe ceann tuí. “Níl dóigh níos fearr le teach ceann tuí a chaomhnú ná trí úsáid a bhaint as” a dúirt Collette Beattie, Oifigeach Caomhantais le Comhairle Contae Dhún na nGall. “Is togra comhdheartha, tras-stiúrtha idir Oifig Chaomhantais Chomhairle Contae Dhún na nGall agus Oifig Oidhreachta Dhún na nGall é an scéim seo. “Léiríonn an gradam seo an méadú atá tagtha ar spéis an phobail i dtaca le tithe ceann tuí a chaomhnú de agus agus an tábhacht atá le tacaíocht a chur ar fáil sa dóigh is go dtig le daoine na háitribh seo a chaomhnú agus a úsáid mar thithe agus áitribh ghnó ach go bhfuil luach oidreachta na dtithe á choinneáil ag an am chéanna. Chomh maith leis sin, léiríonn an scéim go bhfuil ceangal láidir ag daoine i nDún nan Gall leis na tithe ceann tuí agus thug úinéirí tí agus tuíodóirí eolas tábhachtach dúinn maidir le hábhar tuíodóireachta, modhanna tuíodóireachta agus árachas tuíodóireachta.”

 

 

 Teach ceann tuí  Scollop, Baile An Droichid

 

Is féidir ócáid Chomhlachas Éireann a bhí curtha i láthair ag Mary Kennedy (RTÉ Nationwide lá den saol) a choimhéad anseo. “D’éirigh leis na húdarais áitiúla caighdeán ard a bhaint amach ina gcuid taispeántas in aineoinn na saoltaí saoithiúla ina bhfuil muid iontu. Tá seo amhlaidh maidir leis na hiarratais uilig a fuarthas sna rannóga éagsúla” a dúirt Darragh O’Brien T.D., Aire Titihíochta, Rialtas Áitiúil agus Oidreachta. ““Cothaíonn na húdarais áitiúil atá ag obair ar chaighdeán ard, ceangal idir an pobal agus tá géar gá leis sin i láthair na huaire… molaim na húdarais áitiúla as an obair agus saothar a chuireann siad isteach sna pobail ar fud an chontae.” Glacfar le hiarratais do Scéim Deontas um Fheabhsúcháin Tuí Chomhairle Contae Dhún na nGall arís sa bhliain úr.

 

Teach tábhairne ceann tuí de chuid Dorrian, Sráid an Easpaig, Béal Átha Seanaidh

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO