Donegal County Council Logo

Sa Rannóg Seo

Baile > An Chomhairle > Na Meáin > Preas Eanáir 2020 > Gradaim na nDroichead Órga 2020 ar líne

04-11-20 - Bostún agus Iarthuaisceart na hÉireann ag teacht le chéile go fíorúil le haghaidh Chomhdháil agus Ghradaim Bhliantúla na nDroichead Órga don dara huair déag

Beidh Comhdháil agus Gradaim Bhliantúla na nDroichead Órga ar siúl don dara bliain déag ar an 20 Samhain ó 1.30pm go dtí 6pm (Am Caighdeánach na hÉireann).  Tá sé d’aidhm ag na Droichid Órga comhpháirtíochtaí a chothú idir Iarthuaisceart na hÉireann agus Bostún, Massachusetts, agus aird a tharraingt ar thionscnaimh éagsúla phobail, ghnó agus oideachais sa dá réigiún trí cheannairí cumhachtacha i réimsí an ghnó agus na polaitíochta a thabhairt le chéile.  Is iad Comhairle Contae Dhún na nGall agus Comhairle Chathair Dhoire agus Cheantar an tSratha Báin atá ag comhordú na hócáide, agus beidh sé ar siúl go fíorúil, á chraoladh beo ó Halla na Cathrach, Doire.

 

Dúirt Rena Mhic Dhonnchaidh, Cathaoirleach ar Chomhairle Contae Dhún na nGall, i bhfianaise na ndúshlán atá roimh an dá réigiún faoi láthair, gur mó an tábhacht atá le hócáid seo na nDroichead Órga anois.

 

“Beidh an chuid is fearr de Réigiún an Iarthuaisceart ar taispeáint ag Droichid Órga na bliana seo, chuig lucht féachana de cheannairí cumhachtacha gnó agus polaitíochta as Meiriceá agus Éirinn.  I bhfianaise na ndúshlán gan fasach atá ann de bharr Covid-19 agus an Bhreatimeachta, tá comhpháirtíocht straitéiseach, atá láidir agus uathúil, á cur chun cinn, agus tá aontacht agus comhoibriú ar siúl ina lán réimsí.  Chonaic muid cé chomh acmhainneach agus a bhí ár gcuid ceannairí gnó agus pobail le míonna beaga anuas san Iarthuaisceart, agus beidh na Droichid Órga ina ardán leis na tionscnaimh seo a chur ar taispeáint agus lenár réigiún a chur faoi bhráid toscairí ar an taobh eile den Atlantach.  Tá sé níos tábhachtaí ná riamh go ndéanfaidh muid na ceangail atá againn a mheádú chun deiseanna úra i dtaca le forbairt eacnamaíoch réigiúnach a spreagadh.

 

Dhírigh an Stiúrthóir Forbartha Eacnamaíochta ar Chomhairle Contae Dhún na nGall, Garry Martin, ar an tábhacht a bhaineann le nascálacha a chothú idir réigiún an Iarthuaiscirt in Éirinn agus an pobal Gael-Mheiriceánach.

 

“Tá stair mhór fhada ag Comhdháil na nDroichead Órga agus tá sé ar cheann de na himeachtaí is suntasaí san fhéilire Ghael-Mheiriceánach, rud is léir ó chaighdeán ard na gcainteoirí agus ábhar an chláir a bhíonn ar fáil gach bliain.  I gcomhpháirt lenár páirtnéirí i gComhairle Chathair Dhoire agus Cheantar an tSratha Báin, tá comhghuaillíocht láidir eacnamaíochta cothaithe againn le linn na mblianta agus ba mhaith linn leanúint orainn ag tógáil nascálacha sa bhaile agus thar lear chun borradh níos mó arís a chur faoin gheilleagar réigiúnach.  Tá pobal láidir gnó, oideachais, turasóireachta agus cultúrtha againn san Iarthuaisceart, atá i ndiaidh dul i ngleic lena bhfuil ag tarlú le tamall anuas, agus cuirfidh na Droichid Órga ar ár gcumas na tionscaimh seo a chur ar táispeáint, agus san am céanna caidrimh atá buntáisteach don dá thaobh a chothú le ceannairí cumhachtacha i mBostún, Massachusetts.  Agus an ócáid á reáchtáil ar líne i mbliana, tá súil againn go mbeidh níos mó daoine ná riamh in ann a bheith linn leis na ceangail trasantlantacha atá eadrainn a fhiosrú agus a fheabhsú.   Déanfaidh Droichid Órga 2020, ina mbeidh clár cuimsitheach de cheannairí mór le rá, aird agus spéis a tharraingt ar Réigiún an Iarthuaiscirt mar áit mhaith le haghaidh infheistíochta, turasóireachta, oideachais agus cultúir.”

 

Dúirt Méara Chathair Dhoire agus Cheantar an tSratha Báin, an Comhairleoir Brian Tierney, go gcuirfeadh an ócáid ardán dearfach ar fáil do ghnólachtaí an Iarthuaiscirt agus iad ag cuartú inspioráide agus deiseanna.

  

“Is ócáid mhór sa dialann ghnó againn i gcónaí í Comhdháil na nDroichead Órga. Tugann sé deis dúinn ceangail luachmhara ghnó a chothú, agus cur leis an ghréasán láidir comhpháirtíochtaí atá bunaithe againn le blianta fada anuas.   Cé go mbeidh ardán difriúil in úsáid ag ócáid na bliana seo, beidh go fóill deis thábhachtach ann chun guth lucht gnó an Iarthuaiscist a ardú agus ceangal le lucht féachana níos leithne ar líne ag an am iontach dúshlánach seo.

“Tá mé ag súil go mór leis an obair dhearfach atá ar siúl anseo i Réigiún Cathrach an Iarthuaiscirt a chur chun tosaigh, agus muid ag dul i ngleic leis na dúshláin chomónta eacnamaíochta seo, agus lena chois sin, tuilleadh a chloisteail faoi athruithe i saol an ghnó sna Stáit Aontaithe.  Buaileadh an domhan go mór le míonna anuas agus tá na himpleachtaí le mothú ag an leibhéal domhanda.  Tabharfaidh na Droichid Órga deis dúinn léargas luachmhara a fháil ar an dóigh a dtig linn ár gcuid aidhmeanna do réigiún an Iarthuaiscirt a chur chun cinn, agus muid ag obair i gcomhpháirt lenár bpáirtnéirí trasatlantacha, agus fóram a sholáthar chun réitigh a mhalartú faoin dóigh le dul in oiriúint agus le fás agus forbairt sa chomhthéacs neamhchinnte eacnamaíochta a bhfuil muid ann.”

 

Dúirt an Stiúrthóir Gnó agus Cultúir le Comhairle Chathair Dhoire agus Cheantar an tSratha Báin, Stephen Gillespie:  “Baineann Comhdháil na nDroichead Órga sochar agus leas as an saineolas gnó agus as an taithí gnó atá ann, ag tabhairt le chéile cuid de na ceannairí gnó is éifeachtaí agus is spreagúla.  Bíonn fáilte mhór ann i gcónaí roimh ár gcuid toscairí ón Iarthuaisceart, agus tá ceangal díreach againn leis na Stáit Aontaithe trí na ceangail chomónta stairiúla agus chultúrtha atá eadrainn, rud a chiallaíonn go bhfuil bonn daingean fúinn i mBostún agus níos faide.

 

“I mbliana, tá mé ag súil le straitéisí eacnamaíochta úra agus nuálaíocha a fhiosrú lenár bpáirtnéirí ag an chomhdháil, agus plé a dhéanamh ar chuid de na ceisteanna móra atá ag imirt tionchair ar ár gcuid tionscal tábhachtach, ina measc an Breatimeacht agus Covid 19.    Beidh sé ina dheis dúinn peirspictíochtaí úra a fháil agus comhghuaillíochtaí láidre atá ann cheana féin a neartú, rud a chuideoidh linn ár mbealach a dhéanamh i dtreo tréimhse níos rathúla agus níos forásaí.”

 

I ndiaidh na comhdhála beidh lón le gradaim bhliantúla, ag tabhairt aitheantais do dhaoine cumhachtacha i SAM a bhfuil clú agus cáil ar a gcuid oibre maidir le ceangail idir Éirinn agus Meiriceá a fhorbairt agus a chur chun cinn.

 

Chun clár do na Droichid Órga nó chun amharc ar chlár na hócáide gabh anseo.

 

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO