Donegal County Council Logo

Sa Rannóg Seo

Baile > An Chomhairle > Na Meáin > Preas Eanáir 2020 > Gradaim Seachtain Oidhreachta do Dhún na nGall

12-02-20 Dhá Ghradam Sheachtain Náisiúnta Oidhreachta do Dhún na nGall

Donegal Heritage Week Winners

Sa ghrianghraf seo ó Ghradaim na Seachtaine Náisiúnta Oidhreachta in Acadamh Ríoga na hÉireann i mBaile Átha Cliath Déardaoin, an 6 Feabhra, tá (ó chlé go deas): James Breslin & Carol Ann Webb (Raidió na Rosann agus buaiteoirí an Ghradaim Pobal Oidhreachta), Anne Cassin (craoltóir agus comhláithreoir Nationwide RTÉ), Vincent Breslin (buaiteoir Ghradam na hOidhreachta Folaithe) agus Joseph Gallagher (Oifigeach Oidhreachta, Comhairle Contae Dhún na nGall). Grianghraf le caoinchead na Comhairle Oidhreachta.

 

Tugadh aitheantas do thiomantas daoine agus grúpaí pobail ar fud na hÉireann i dtaca le caomhnú agus cur chun cinn na hoidhreachta s’againn ag Gradaim na Seachtaine Náisiúnta Oidhreachta in Acadamh Ríoga na hÉireann, Baile Átha Cliath, Déardaoin seo a chuaigh thart, an 6ú Feabhra.  Mar chuid den imeacht, arbh í an Chomhairle Oidhreachta a d’óstáil í agus an craoltóir Anne Cassin de chuid RTÉ a chuir i láthair í, bronnadh dhá cheann de na gradaim is mó ar eagraithe imeachtaí Seachtain Oidhreachta i gContae Dhún na nGall.

 

Ba é an staraí áitiúil, Vincent Breslin, a bhain Gradam na hOidhreachta Folaithe leis an imeacht ‘Look-Out Post 76: An Hut ar Ghualainn an Chnoic’ a d’eagraigh sé.  D’fhiosraigh an tionscadal an oidhreacht thógtha agus chultúrtha a bhaineann le ‘Look-Out Post 76’ ag Cnoc Fola, a tógadh agus ar lonnaíodh foireann ann le linn ‘na hÉigeandála’ (1939-1945). Mar chuid den imeacht, nochtadh scéalta nár cuireadh ar phár roimhe seo ó mhuintir na bhfear a lonnaíodh in LOP (Look-Out Post) 76, mar aon le scéalta a bailíodh ón phobal áitiúil. Tugadh léargas ar leith ar an ról a bhí ag na poist faire seo agus ag Seirbhís Faire Cósta Muirí na hÉireann i dtaca le cósta na hÉireann a chosaint le linn na tréimhse seo sa stair. Cuimsíodh, mar chuid den imeacht, taispeántas beag agus searmanas comórtha, mar ar bronnadh teastais ar mhuintir na bhfear a d’obair sa tseirbhís faire cósta le linn na tréimhse seo.

 

Ba é Raidió na Rosann a bhain an Gradam Pobal Oidhreachta as an imeacht acu, ‘Scéalta, Ceol agus Traidisiúin Dhún na nGall’.  Chuimsigh an tionscadal dhá lá iomlána de chláir raidió ar théama na hoidhreachta agus na gcaitheamh aimsire, mar ar tugadh le chéile grúpaí oidhreachta as gach cearn de na Rosa in iarthar Dhún na nGall, a craoladh do dhiaspóra Dhún na nGall ar fud na Cruinne. Mar chuid de na cláir, bhí agallaimh bheo le daoine áitiúla a bhí ag gabháil do thionscadail oidhreachta, cláir faisnéise úra, gnéchláir ar imeachtaí de chuid na Seachtaine Náisiúnta Oidhreachta agus cláir ar stair shaol an cheoil agus an spóirt i nDún na nGall.  Ghlac Carol Ann Webb agus James Breslin as Raidió na Rosann leis an ghradam thar ceann an stáisiúin. 

 

“Is aitheantas cuí iad na gradaim seo don smaointeachas, an phleanáil agus an obair chrua a cuireadh isteach leis na himeachtaí seo de chuid na Seachtaine Oidhreachta a eagrú” arsa Joseph Gallagher, Oifigeach Oidhreachta Chomhairle Contae Dhún na nGall.  “Luíonn rathúlacht na Seachtaine Oidhreachta le heagraithe imeachtaí amhail Vincent agus Raidió na Rosann nó eagraíonn siad na himeachtaí seo ar bhonn deonach le cur le heolas an phobail, le meas a spreagadh agus le tuiscint níos fearr ar an oidhreacht s’againn a chur chun cinn.   Méadaítear ar chaighdeán, líon agus ilchineálacht na n-imeachtaí Seachtain Oidhreachta i gContae Dhún na nGall bliain i ndiaidh bliana.  Bíonn Contae Dhún na nGall i gcónaí ar an chontae is mó imeacht Seachtain Oidhreachta sa tír, in aghaidh gach duine den daonra.  Reáchtáladh breis agus 120 imeacht mar chuid den tSeachtain Náisiúnta Oidhreachta i gContae Dhún na nGall in 2019, arna n-eagrú ag breis agus 80 eagraí Seachtain Oidhreachta. Mheall siad breis agus 7,000 rannpháirtí.

 

Ag labhairt dó ag an tsearmanas bronnta, arsa Michael Parsons, Cathaoirleach na Comhairle Oidhreachta, “Tá lúcháir orm na Gradaim Náisiúnta Oidhreachta a óstáil agus deis a bheith agam bualadh le cuid de na daoine a raibh baint acu leis an oidhreacht shaibhir ilchineálach s’againn a thabhairt isteach i gcroílár a bpobail féin, rud a fhágann bainteach agus ábhartha í do spriocphobail an lae inniu. Tá súil agam go bhfaighidh daoine eile a oiread céanna inspioráide is a fuair mé féin ó na tionscadail agus na gníomhaíochtaí a cuireadh ar taispeáint ag an tsearmanas gradam s’againn. Tá an Chomhairle Oidhreachta iomlán tiomanta i gcónaí d’fhorbairt agus neartú na Seachtaine Náisiúnta Oidhreachta agus tréaslaím do gach duine acu sin a ghlacann páirt san imeacht iontach seo.”  Arsa Príomhfheidhmeannach na Comhairle Oidhreachta, Virginia Teehan: “Is cúis onóra domh ardán a chur ar fáil, tríd an tSeachtain Náisiúnta Oidhreachta, do dhaoine aonair agus do phobail lena dtiomantas i leith chaomhnú agus cur chun cinn oidhreacht hÉireann a léiriú. Achan bhliain, baintear siar asainn le leibhéil na díograise agus an tiomantais i dtaca le sárthaispeántas a dhéanamh den oidhreacht chomhroinnte s’againn.  Trí luach agus áilleacht na hoidhreachta s’againn a ghlacadh chugainn féin, is amhlaidh go bhfuil caomhnú na hoidhreachta sin á chinntiú againn do na glúnta a thiocfas inár ndiaidh.”

 

Ar na buaiteoirí gradaim eile ag Gradaim na Seachtaine Náisiúnta Oidhreachta, bhí muintir Egan as Biorra, Contae Uíbh Fhailí a bhain Gradam ‘Laoch na hOidhreachta’; an tSeirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra a bhain an Gradam ‘Cúláilte do Pháistí’ mar gheall ar imeacht a reáchtáil siad ag Ionad Cuairteoirí Phortach Chlóirthigh i gContae Uíbh Fhailí agus Muintir na Tíre Mhísil, Músaem Chontae Cheatharlach agus Ionad Pobail Mhísil i gContae Cheatharlach a bhain an Gradam ‘Le Chéile san Eoraip’. 

 

Is í an Chomhairle Oidhreachta agus Oifigigh Oidhreachta Áitiúla a dhéanann Seachtain Náisiúnta na hOidhreachta a chomhordú.  In 2020, reáchtálfar Seachtain Náisiúnta na hOidhreachta ón tSatharn, an 15ú Lúnasa go dtí an Domhnach, an 23ú Lúnasa agus is é an téama a bheas ann ná ‘Foghlaim ónár nOidhreacht’ lena ndíreofar ar an oidhreacht agus an t-oideachas.  Tá níos mó eolais ar Sheachtain Náisiúnta na hOidhreachta agus ar na bealaí a dtig a bheith rannpháirteach inti ar fáil ag www.heritageweek.ie.

  

 

 

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO