Donegal County Council Logo

Sa Rannóg Seo

Baile > An Chomhairle > Na Meáin > Preas Eanáir 2020 > Gradaim Tip - Ainmniúcháin

12/02/20 Ainmniúcháin á lorg do Ghradaim Diaspóra Tip Uí Néill 2020

Tip O'Neill

 

Táthar ag glacadh le hainmniúcháin do Ghradaim Diaspóra Tip Uí Néill 2020. Tugann na gradaim aitheantas do grúpaí nó daoine aonaracha ar éirigh thar barr leo ina réimsí féin agus tugtar ónóir don mhéid a dhéanann siad d’Éire agus a Diaspóra. Déanann Comhairle Contae Dhún na nGall ceiliúradh agus cothaíonn siad naisc le Diaspóra na hÉireann trí ócáid bhronnta na ngradam a reáchtáil i nDún na nGall bliain i ndiaidh bliana.

 

Tá an ócáid ar bun le naoi mbliana anois. Déantar Gradam Diaspóra Tip Uí Néill a bhronnadh ar bhall de Diaspóra na hÉireann mar aitheantas ar a gcuid éachtaí. Glactar le hainmniúcháin ó réimsí leathan earnálacha ar nós gnó, tráchtáil, tionscal, oideachas, polaitíocht, airgeadas agus spórt. Is fothogra de chuid an Togra Diaspóra Dhún na nGall í an ócáid bhronnta agus tá sí ar cheann de phríomhimeachtaí na Comhairle le linn na bliana.

 

Deir an Clr. Nicholas Crossan, Comhairle Contae Dhún na nGall agus Cathaoirleach ghrúpa comhairleach Tip Uí Néill gur deis ar dóigh í le haitheantas a thabhairt d’éachtaí ár nDiaspóra ar fud na cruinne.

 

 

“Tá go leor de bhunadh na hÉireann agus na contae sa Diaspóra ar fud na cruinne agus tá aitheantas tuillte acu dá sinsir anseo in Éirinn. Aithníonn an gradam seo éachtaí na ndaoine sin. Is deis ar dóigh í le ceiliúradh a dhéanamh ar dhaoine nó grúpaí iontacha a raibh tionchar mór acu ar phobail Éireannacha ar fud an domhain agus ba mhaith liom go ndéanfaidh daoine duine ar éirigh leo rud inteacht speisialta a bhaint amach a ainmniú do ghradam na bliana seo sa dóigh is go mbeidh muid ábalta aitheantas a thabhairt daofa as a n-obair agus a n-dúthracht uilig, rudaí a théann i ngan fhios do dhaoine corr uair.”

 

Ag cur leis an mhéid seo, dúirt Ceannaire na Fiontraíochta Michael Tunney: “Is dóigh mhaith í Gradam Diaspóra Tip Uí Néill le caidrimh a chruthú lenár ndiaspóra ar fud na cruinne. Is í an aidhm atá le togra Diaspóra Dhún na nGall ná pobal domhanda Dhún na nGall a chur chun cinn agus caidreamh a chothú leo. Cothaíonn an togra seo nasc idir daoine as achan chearn den domhan agus Dún na nGall nó lena chéile. Déantar líonraí de na suimeanna agus tairbhí céanna a chruthú as. Ní hamháin go dtugann Gradam Diaspóra Tip Uí Néill aitheantas agus ónóir do dhaoine ar éirigh thar barr leo ina réimsí féin ach tugann sé an deis dúinn na deiseanna agus infheistíochtaí leanúnacha atá ar fáil in Éirinn a léiriú dár ndiaspóra.

 

 

Cuireadh tús le Gradam Diaspóra Tip Uí Néill sa bhliain 2012 chun comóradh céad bliaian a dhéanamh ar Tip Uí Néill, Daonlathaí liobrálach agus ball cumhachtach de Theach na nIonadaithe sna Stáit Aontaithe. Ba as Dún na nGall ó dhúchas dá sheanthuismitheoirí máthartha.

 

Tá go dtí an Chéadaoin 1ú Aibreán 2020 ag daoine le hainmniúchán a dhéanamh. Is féidir ainmniúcháin a dhéanamh ag http://www.donegaldiaspora.ie.

 

 

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO