Donegal County Council Logo

Sa Rannóg Seo

Baile > An Chomhairle > Na Meáin > Preas Eanáir 2020 > Ionad Nua Lóistín i Leitir Ceanainn do Theaghlaigh

04-12-2020 – Ionad Nua Lóistín i Leitir Ceanainn do Theaghlaigh atá ar Lorg Cosaint Idirnáisiúnta

Bhí Méara agus Baill Cheantar Bardasach Leitir Ceanainn - Bhaile na nGallóglach sásta an deis a bheith acu bualadh le hoifigigh ón Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige le plé a dhéanamh ar oscailt Ionad Nua Lóistín i Leitir Ceanainn do Theaghlaigh atá ar Lorg Cosaint Idirnáisiúnta, rud nár cuireadh in iúl do Bhaill ach Dé hAoine seo caite, 27 Mí na Samhna 2020. Dúirt na Baill go raibh siad míshásta nach raibh deis ag Baill Thofa ná ag an phobal a bheith mar chuid den phróiseas ón tús.

 

Ag an chruinniú, bhí na Baill Thofa ag iarraidh gealltanas go mbeadh na háiseanna atá curtha ar fáil fóirsteanach, agus go gcuirfear tacaíocht agus seirbhísí ar fáil a fhreastalaíonn ar riachtanais na dteaghlach, go háirithe maidir le rochtain ar sheirbhísí oideachais agus sláinte, agus nach gcuirfear isteach ar na seirbhísí atá á gcur ar fáil sa phobal cheana féin.

 

Ba mhór ag na Baill go mbeadh rochtain ar a lóistín féin de réir a chéile ag teaghlaigh atá ar lorg cosaint idirnáisiúnta fríd an ionad seo ó dheireadh mhí Eanáir 2021 ar aghaidh, ach dhearbhaigh siad arís gur gá an pobal a choinneáil ar an eolas faoi fhorbairtí. D’aontaigh Oifigigh na Roinne é seo a dhéanamh le cruinniú breise leis na Baill Thofa i lár mhí Eanáir 2021. Bhí lúcháir ar an Chomhairle a chluinstin go ndearna roinnt grúpaí áitiúla teagmháil leis an Roinn cheana féin le tacaíocht agus cuidiú a ofráil do na teaghlaigh.

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO