Tá an togra “Is maith an rud an chaint” de chuid CLG á sheoladh inniu ag Aoisbhá Dhún na nGall i gcomhpháirt le CLG Dhún na nGall, An Líonra Rannpháirtíochta Pobail agus YOURS (Youth, Old, Understanding, Remembering agus Sharing).
Is togra é seo a tháinig ón iar-imreoir contae de chuid Mhaigh Eo, David Brady, agus tá lúcháir ar Aoisbhá Dhún na nGall, CLG Dhún na nGall agus YOURS a fhógairt go bhfuil imreoirí agus bainisteoirí de chuid ClG Dhún na nGall i ndiaidh an glaoch a fhreagairt le bheith páirteach sa togra seo. Tá siad ag tairiscint cuidiú chun dul i dteagmháil leo siúd a bhí ‘ag clutharú’ agus scartha amach óna nascanna sóisialta a bhíonn acu de ghnáth, agus tá sé de rún acu cúpla bomaite dá gcuid ama a thabhairt chun scairt a chur ar dhaoine atá ina n-aonar agus comhrá a dhéanamh leo faoi CLG nó chun dul síos bóithrín na smaointe ó na seanlaethanta glórmhara.
Deir Mairéad Cranley, Comhordaitheoir Cláir le hAoisbhá Dhún na nGall: “Bhí tionchar ollmhór ag Covid-19 ar ár gcuid pobal, go háirithe ar na seandaoine ar iarradh orthu fanacht sa bhaile. Is eispéireas iontach uaigneach aonarach é seo do chuid mhór daoine, go háirithe iad siúd ata ina gcónaí leo féin.
D’fhéadfadh dreas cainte le linn lá fada difear mór a dhéanamh do dhuine atá ag caitheamh a gcuid am uilig sa bhaile agus tá muid iontach buíoch d’imreoirí Dhún na nGall, idir iar-imreoirí agus imreoirí reatha, as iad féin a chur ar fáil le bheith páirteach sa togra seo.
Tá muid ag tabhairt cuireadh do gach seanduine a leanann CLG i nDún na nGall, bíodh sin tú féin, d’athair, do mháthair, deartháir, deirfiúr, athair mór nó máthair mhór, a bhí ag clutharú le roinnt seachtainí anuas, agus ar mian leo scairt a fháil ó iar-imreoir nó ó imreoir an lae inniu. ‘
Déan teagmháil le Clár Aoisbhá trí an Líne Chabhrach Phobail ar 1800 928 982 nó rphost [email protected] le socrú a dhéanamh.
Aithneofar fíor-thacadóirí a bhí ag clutharú agus cuirfear a gcuid sonraí ar aghaidh chuig imreoir, agus cuirfidh an t-imreoir scairt ghairid orthu ina n-am féin. Ná bíodh leisce ort dul i dteagmháil linn.
Chuideodh comhrá beag fá chúrsaí CLG chun an cian a bhaint de dhuine atá uaigneach agus faoi bhrú san am i láthair.
#IsMaithanChaint